Corp fir faighte i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara

Déanfar scrúdú iarbháis go luath agus ar thoradh an scrúdaithe sin a shocrófar an chéad chéim eile san fhiosrúchán

Corp fir faighte i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi gach gné den scéal a bhaineann le fear a fuarthas marbh i dteach i Loch Con Aortha i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara.

Thángthas ar chorp an fhir, a bhí sna seachtóidí,  ag 3:45pm tráthnóna inniu, Dé Céadaoin.

Déanfar scrúdú iarbháis go luath agus ar thoradh an scrúdaithe a shocrófar an chéad chéim eile san fhiosrúchán.

Fág freagra ar 'Corp fir faighte i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara'