Córas nua tráchta i bhfeidhm ar Cheann Sléibhe i gCorca Dhuibhne

Bíonn scuainí fada tráchta ar bhóthar Cheann Sléibhe, atá 47km ar fad, le blianta fada

Córas nua tráchta i bhfeidhm ar Cheann Sléibhe i gCorca Dhuibhne

Iarrfar ar thiománaithe i gCiarraí tiomáint ‘ar deiseal’ thart ar Cheann Sléibhe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ón lá inniu amach.

Tá an córas nua le tabhairt isteach ar bhonn trialach ar feadh tréimhse trí seachtaine féachaint an gcabhróidh sé le dul i ngleic leis na fadhbanna móra tráchta a bhíonn ar Cheann Sléibhe.

Bíonn scuainí fada tráchta ar bhóthar Cheann Sléibhe, atá 47km ar fad, le blianta fada, go háirithe i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn tranglam busanna ar an mbóthar cúng.

Is minic go mbíonn ar na Gardaí teacht ar an láthair nuair a bhíonn achrann idir lucht busanna, veaineanna campála, cóistí agus SUVanna a bhíonn ag iarraidh dul thar a chéile ar an gceann tíre caol.

Is iad a leithéidí d’fheithiclí, agus iad ag dul i gcoinne ghnáthshruth an tráchta, is mó is cúis leis an dtranglam, mar go bhfuil an bóthar ag Ceann Sléibhe róchúng chun go ngabhfadh feithiclí thar a chéile.

Tá an bóthar seo an-chasta chomh maith agus ní féidir le feithiclí móra cúlú óna chéile ró-éasca mar gheall ar na coir sa bhóthar agus an fhadhb sin níos measa i gcás na mbusanna. Rud eile de, tá busanna ag gabháil trí Cheann Sléibhe anois atá i bhfad rómhór don mbóthar atá ann.

In 2017, d’iarr Cumann Tráchtála Dhaingean Uí Chúis ar mhuintir Chorca Dhuibhne gan dul amach ag buaic-amanna tráchta, rud a chothaigh roinnt conspóide sa cheantar.

Beidh an córas nua bainistíochta tráchta i bhfeidhm do chuairteoirí ó Dé hAoine 29 Iúil go dtí Dé Luain 22 Lúnasa agus na feithiclí móra ag dul ar deiseal.

“Le linn na tréimhse trialach seo, iarrann an Chomhairle go rachadh feithiclí móra ar deiseal thart ar Cheann Sléibhe, ag tosú ag baile Dhaingean Uí Chúis, ansin ar aghaidh go Fionntrá, Ceann Sléibhe, Com Dhíneol, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch, An Fheothanach agus ar ais go dtí Daingean Uí Chúis,” a dúirt urlabhraí ón gComhairle.

Tá bearta á gcur i bhfeidhm chun a chinntiú go rachaidh daoine an treo ceart agus comharthaí faoin gcóras deisil á gcur suas.

Beidh fostaí de chuid Chomhairle Contae Chiarraí lonnaithe ag Com Dhíneol gach lá óna 10.30rn go 4in le tiománaithe na bhfeithiclí móra a bhíonn ag dul “an treo mícheart” a spreagadh chun “an bealach ceart a leanúint”, a dúirt urlabhraí na Comhairle.

Fág freagra ar 'Córas nua tráchta i bhfeidhm ar Cheann Sléibhe i gCorca Dhuibhne'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní féidir scéal mar seo a chumadh. Tá an cleachtas seo á chur i bhfeidhm ag muintir an cheantair iad féin le blianta. Ach dúirt saineolaithe na Comhairle Contae nach féidir a leithéid a dhéanamh agus b’shin sin. A thuilleadh “We know best” ba léir.