Cor stairiúil i scéal na Gaeilge ó thuaidh, ach an sean-naimhdeas céanna i réim sa DUP

Níl an breac ar an bport go fóill a bhagair aontachtaithe atá diongbháilte go gcuirfear stop le polasaí Gaeilge i mBéal Feirste

Cor stairiúil i scéal na Gaeilge ó thuaidh, ach an sean-naimhdeas céanna i réim sa DUP

Pic: Sam Boal / RollingNews.ie

An Ghaeilge ar chomharthaíocht dhátheangach Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Ba é sin ceann de na húdair gearáin ba nimhiúla ag aontachtaithe faoin bpolasaí Gaeilge nua a chuir gliondar ar phobal na Gaeilge nuair a ghlac comhairleoirí leis Dé Céadaoin seo thart 

Níl an breac ar an bport go fóill a bhagair aontachtaithe atá diongbháilte go ndéanfar gach iarracht chun stop a chur le feidhmiú an phlean.  

Sé aidhm an pholasaí nua úsáid na Gaeilge a fhorbairt agus a leathnú i seirbhísí na Comhairle. Beidh suaitheantas/lógó Béarla agus Gaeilge ag an gComhairle in áit an chinn aonteangaigh atá in úsáid anois. Beidh an comhartha dátheangach ar taispeáint ar gach foirgneamh de chuid na comhairle, Halla na Cathrach, na hionaid athchúrsála, garáistí agus na hionaid fóillíochta san áireamh. Beidh an páipéarachas sainchlóite, foilseacháin agus an suíomh idirlín dátheangach. Ina theannta sin beidh an lógó nua ar fheithiclí agus ar éide na n-oibrithe. 

Pleananna iad seo a chinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge feiceálach i ngach ceantar i mBéal Feirste seachas sa cheathrú Ghaeltachta agus roinnt sráideanna eile amháin. Ní athrú saoil go dtí é. Níorbh iontas é gur fháiltigh a lucht tacaíochta roimh fhaomhadh an dréachtpholasaí mar chor stairiúil agus gealadh ré nua an chomhionannais. 

Bhí móramh mór 42 i bhfabhar glacadh leis an bpolasaí: Sinn Féin, an SDLP, Alliance, an Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús. 17 a bhí ina choinne: an DUP, UUP agus TUV. Mór idir na haimsirí.  

Ba mhinic doicheall roimh an nGaeilge i Halla na Cathrach tráth, screadaíl agus scigmhagadh ar siúl nuair a deirtí cúpla focal i nGaeilge sa seomra cruinnithe. Sna hochtóidí caitheadh an t-iarchomhairleoir Mairtín Ó Muilleoir Shinn Féin amach nuair a labhair sé Gaeilge. Ní briathra bladracha a chloiseadh aon iriseoir le hainm i nGaeilge ach an oiread.  

Le tamall de bhlianta, ó d’athraigh cóimheá na cumhachta ar an gComhairle Cathrach, tá iarrachtaí déanta ag Aontachtaithe chun laincis a chur ar bheartais ar son na Gaeilge ach tá siad ag maíomh go dtéann an polasaí seo thar fóir ar fad. Deir siad go bhfuil cur amú airgid i gceist agus doiléire faoi conas a mhaoineofar an scéim ón uair a bheas £1.9 milliún a bhí sa chiste cheana féin ídithe. Chuir an DUP tiarnas agus forcheannasaíocht i leith Shinn Féin agus an SDLP á rá nach comhionannas agus uileghabhálacht a bhí uathu ach a bheith ag déanamh beag is fiú d’aontachtaithe. Níor admhaíodh go bhfuil stádas oifigiúil ag an nGaeilge ó ritheadh an tAcht in 2022 agus tugadh an chluas bhodhar do stádas na Gaeilge mar mhionteanga dhúchais.  

Cé iss moite de mhaíomh nach mbeadh oibrithe sábháilte in áiteacha dá mbeadh Gaeilge ar a gcuid éide – nó go mbeadh oibrithe a dhiúltódh an lógó a chaitheamh i gcontúirt in áiteacha eile – níl freagra soiléir tugtha ag éinne faoin dochar a dhéanfaidh an polasaí, dar leo. 

Tá ceist faoin dochar ábhartha má dhéantar achomharc nó ‘glaoch isteach’ ar chinneadh na Comhairle. Faoin Acht Rialtais Áitiúil (Tuaisceart Éireann) 2014 leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir cinneadh a ghlaoch isteach. Deir alt 41 gur féidir achomharc a iarraidh má bhíonn 15% de na comhairleoirí den bharúil: 

  • gur deineadh an cinneadh gan na ceisteanna agus na fíricí a bheith meáite go cuí nó/agus 
  • go ndéanfadh an cinneadh dochar go díréireach d’aon aicme den phobal i gceantar na Comhairle 

Má iarrtar achomharc ní mór do chléireach na Comhairle a dhul i gcomhairle le habhcóide nó dlíodóir faoin dá choinníoll thuas chun athbhreithniú a dhéanamh. Maíonn an Chomhairle gur leanadh na rialacha go léir sular deineadh an cinneadh agus nach n-éireodh le ‘glaoch isteach’. Theip ar achomharc aontachtach cheana i leith sráidainmneacha i nGaeilge, é rialaithe nach raibh bonn lena ngearán faoi dhochar as cuimse. Is cosúil go bhfuil rún ag roinnt de na haontachtaithe a dhul chun cúirte má theipeann ar ghlaoch isteach an babhta seo. 

Fiú mura n-éiríonn le dúshlán tá súil ag aontachtaithe go gcuirfear moill ar fheidhmiú an pholasaí. Ina theannta sin beifear in ann an cath cultúir áirithe sin a choinneáil ag imeacht. Tá an DUP an-ghníomhach ag feachtasaíocht faoi cheisteanna sóisialta, morálta agus inimirce – cathanna cultúir – ó d’fhill siad i ndiaidh shaoire an tsamhraidh. Feachtas toghcháin do 2027, dar lena gcéilí chomhraic. 

N’fheadar an mbeidh tairbhe le baint acu as a bhfreasúra don pholasaí Gaeilge nó an bhfuil an pobal bogtha ar aghaidh ó dhiúltachas na bpáirtithe? Is fíor go raibh roinnt daoine oibrithe faoi chinneadh na Comhairle, iad ag glaoch ar chlár raidió áirithe chun tacú le leagan amach na bpolaiteoirí. Ach más slat tomhais é an méid a bhí le rá ag daoine ar an tsráid i voxpop don teilifís nó i ngnáthchomhrá, níl coimhthíos ag móramh leis an gcor stairiúil seo.  

Fág freagra ar 'Cor stairiúil i scéal na Gaeilge ó thuaidh, ach an sean-naimhdeas céanna i réim sa DUP'