Cor cinniúnach agus údar uchtaigh do mhná san saol poiblí…

Dlíodóir Arlene Foster a dúirt, í ag trácht ar bhua ollmhór an pholaiteora ina cás clúmhillte in aghaidh réalta teilifíse

Cor cinniúnach agus údar uchtaigh do mhná san saol poiblí…

Clúmhilleadh

Póilín Ní Chiaráin

San Ardchúirt i mBéal Feirste d’ordaigh an Breitheamh McAlinden don Dochtúir Christian Jessen, láithreoir ar Channel 4 sa Bhreatain £125,000 damáistí agus a cuid costais a íoc leis an gCéad-Aire atá ag imeacht as oifig, iarcheannaire an DUP Arlene Foster.

Rialaigh an Chúirt go raibh tvuít a rinne Jessen ar an 23 Nollaig 2019 thar a bheith clúmhillteach ó thug sé le tuiscint gur adhaltrach, fimíneach agus homafóbach í Arlene Foster nach raibh oiriúnach d’oifig an Chéad-Aire. Dúirt sé sa tvuít go raibh caidreamh adhaltrach ag Arlene Foster le duine dá hoifigigh slándála. Bhí os cionn 300,000 leantóir ag an Dochtúir ag an am, athphostáladh an teachtaireacht breis is 500 uair agus ‘thaitin’ sé le os cionn 3,500. Bhí an phostáil anairde ar feadh coicíse.

Ba iad an £125,000 [€145,000] na damáistí ba mhó ariamh as clúmhilleadh i dtvuít dar leis an dlíodóir Paul Tweed. Dúirt an Breitheamh McAlinden go raibh an tsuim ard riachtanach i gcruthúnas nach raibh bunús ar bith leis na líomhaintí a ghoin an polaiteoir go smior mar gur ionsaí iad ar an gcaidreamh agus na luachanna is ansa léi. Leabhal náireach, áiféiseach ab ea é ar bhean mheasúil, Críostaí aitheanta, bean a bhí pósta le cúig bliana fichead agus máthair triúr clainne. Chuir an breitheamh san áireamh an fhad a thóg sé ar an Dr Jessen an tvuít a bhaint anuas chomh maith lena easpa leithscéil nó aithreachais.

Caolseans go raibh bean sa tír nach raibh ag ceiliúradh bua Arlene Foster, beag beann ar dhearcadh polaitiúil. Tá ionsaithe ar mhná sa pholaitíocht agus ar roinnt iriseoirí forleathan ar mheáin shóisialta. Tugtar íde na muc is na madraí do dhaoine ar chúiseanna gan bhunús mar a tharla sa gcás seo nó ar údair nach bhfuil baint ar bith acu lena ról poiblí, le polasaithe, ráitis, tuairiscí nó tuairimí. Go hiondúil baineann an íde lena saol príobháideach, lena gcorp nó a gcuid éadaigh. Ba chostasach an racht ó Jessen é, £200.000 seans; b’fhéidir gur fainic é do dhaoine taghdacha eile.

Sin é a bhí i gceist ag a dlíodóir Paul Tweed is é ag caint ar chor cinniúnach do mhná. Tá Tweed lonnaithe i mBéal Feirste agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar shaineolaí ar an gclúmhilleadh.

Bhí súil aige go mbeadh tionchar ag rialú na hArd-Chúirte i gcás Arlene Foster ar iompar daoine ar mheáin shóisialta – agus mura mbeadh, go mbunódh an rialú seo fasach a chuideodh le mná sásamh agus leigheas a fháil.

Tástáil as an nua ar an dlí is ea go leor dá dtarlaíonn ar na meáin shóisialta. Níorbh amhlaidh an scéal leis an gcás seo mar bhí sé soiléir gurb é an Dr Jessen údar an ábhair chlúmhillte ar an gcóras giolcaireachta. Comhtharlúint é go raibh an cás a tharraing aird i gcian is i gcóngar ar siúl tráth a bhfuil dlíthe seanchaite Thuaisceart Éireann i dtaca le leabhal faoi chaibidil.

Nuair a leasaíodh dlíthe leabhail Shasana agus na Breataine Bige seacht mbliana go leith ó shin dhiúltaigh Sammy Wilson, DUP, an tAire a bhí freagrach in Stormont ag an am an dlí abhus a athrú. Chothaigh sé sin imní mhór faoi ‘leabhal-thurasóireacht’. Is éard is brí leis sin go dtógfadh daoine nach bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann cásanna clúmhillte anseo mar go mbeadh sé níos fusa ná sa Bhreatain Mhór. Cuireann na seandlíthe laincis ar iriseoireacht iniúchta agus tugann siad deis do dhaoine orduithe príobháideachais is orduithe gobáin a fháil go han-éasca.

Bhí na páirtithe go léir seachas an DUP i bhfabhar leasuithe Shasana ar an dlí a chur i bhfeidhm anseo ach theip ar iarracht a rinneadh in 2014. Rinne Mike Nesbitt, UUP, iar-iriseoir, iarracht in aisce chun bille teachta príobháideach a chur chun cinn. Anois deir an Roinn

Airgeadais faoi cheannas Conor Murphy, Sinn Féin, go bhfuil an bille á dhréachtú. De réir an eolais a thug an tAire Murphy don Teachta Nesbitt ní bheidh bailchríoch ar an obair go dtí téarma an chéad Tionóil eile. Deir Arlene Foster féin go bhfuil sé i gceist aici dul i mbun feachtasaíochta in aghaidh an dímheas a léirítear go minic ar dhaoine ar na meáin shóisialta.

Is mithid.

Fág freagra ar 'Cor cinniúnach agus údar uchtaigh do mhná san saol poiblí…'

  • Poraic o'hEipicín

    Is focal áiféiseach an focal tuvt.
    Giolc an focal ceart.

  • An Teanga Bheo

    Fanic do focal mar an firinne is ga i cliumhilleadh