Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt den tríú huair mar gheall ar teip Stormont Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach

Deir an Conradh go bhfuil ag teip ar an bhFeidhmeannas le blianta anuas an Straitéis Ghaeilge a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 a thabhairt isteach sa Tuaisceart

Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt den tríú huair mar gheall ar teip Stormont Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá tús curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-athbhreithniú breithiúnach is deireanaí in aghaidh an Fheidhmeannais ó thuaidh agus in aghaidh an Aire Pobal Gordon Lyons.

Is é seo an tríú hathbhreithniú breithiúnach atá déanta ag an gConradh le hocht mbliana anuas in aghaidh an Fheidhmeannais agus na n-airí atá ann mar gheall ar an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh.

Deir an Conradh go bhfuil ag “teip” ar an bhFeidhmeannas le blianta anuas an Straitéis Ghaeilge a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

“Gealladh an Straitéis an chéad uair i gComhaontú Chill Rìmhinn agus tháinig ann dó mar dhualgas reachtúil sa dlí in 2007, mar alt 28D d’Acht Thuaisceart Éireann. Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi cheann sé mhí ón chomhaontú,” a deir Conradh na Gaeilge.

Cuireadh “grúpa saineolaithe” ar bun i mí Mheithimh na bliana 2021 le moltaí a dhéanamh i leith na straitéise teanga agus foilsíodh torthaí na hoibre sin mí Márta na bliana 2022. Chomh maith leis sin foilsíodh dréachtphlean gníomhaíochta don straitéis in 2023, mar thoradh ar obair “grúpa comhdheartha” a cuireadh ar bun in 2021 agus ina raibh “réimse leathan d’eagraíochtaí Gaeilge” páirteach.

Ainneoin an obair sin ar fad a bheith déanta, níl tásc ná tuairisc ar an Straitéis ó tháinig an Feidhmeannas ar ais i mí Feabhra na bliana seo caite. Níl sí tugtha chun cinn ag an Aire reatha Gordon Lyons, agus dá bharr sin, ní sí faofa ag an bhFeidhmeannas féin.

Dearbhaíodh sna hathbhreithnithe breithiúnacha eile a thóg Conradh na Gaeilge in aghaidh an Fheidhmeannais – in 2017 agus in 2022 – gur theip ar an bhFeidhmeannas a dhualgas dleathach a chomhlíonadh agus go raibh an teip sin “mídhleathach”.

Chinn an Breitheamh Schoffield in 2022 go raibh ar an bhFeidhmeannas “feidhmiú mar ábhar phráinne” ar na dualgais a bhí air Straitéis Ghaeilge a thabhairt chun cinn agus a chur i bhfeidhm.

Dúirt Niall Murphy, aturnae Chonradh na Gaeilge sa chás nua, go bhfuil an Conradh ag éileamh “ordú ón gCúirt go dtógfaidh an Feidhmeannas bearta áirithe chun na teipeanna seo a leigheas”.

“Dhearbhaigh an Breitheamh Maguire in 2017 gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh nuair a theip orthu Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach.

“In 2022, dhearbhaigh an Breitheamh Schoffield gur theip orthu arís. Éilíonn ár gcás ordú ón gCúirt go dtógfaidh an Feidhmeannas bearta áirithe chun na teipeanna seo a leigheas, fríd Ordú Mandamus, a chuirfeadh iachall ar an Aire agus ar an bhFeidhmeannas amscála cuimsitheach a fhoilsiú maidir le Straitéis a chríochnú agus na céimeanna nithiúla a thógfaidh siad chun an staid sin a bhaint amach a chur san áireamh ann,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide an Chonartha, go bhfuil sé “scannalach” go gcaithfidh an Conradh dul chun na cúirte arís ar an ábhar céanna agus nach léir don eagraíocht go bhfuil forbairt na Straitéise ina tosaíocht ag an Aire Pobal.

“Tá sé scannalach ar fad go bhfuil muid ag dul ar ais chun na hArd-Chúirte den tríú huair ar an ábhar céanna. Is í an tuairim atá againn gur theip ar an Fheidhmeannas agus ar an Aire a gcuid dualgas dleathach a chomhlíonadh maidir leis an Straitéis Ghaeilge, agus níl aon rud feicthe againn a deir linn go bhfuil forbairt na Straitéise seo mar thosaíocht reatha ag an Aire Pobal, atá freagrach as an straitéis a ullmhú ar son an Fheidhmeannais,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt den tríú huair mar gheall ar teip Stormont Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach'