Comóradh conspóideach ar an RIC curtha ‘ar athlá’ ag an Rialtas

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan gur ‘údar díomá’ an doicheall a léiríodh roimh an gcomóradh ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a bhí beartaithe do Chaisleán Átha Cliath

Comóradh conspóideach ar an RIC curtha ‘ar athlá’ ag an Rialtas

Chuir an Rialtas ar athlá tráthnóna an comóradh stáit conspóideach ar bhaill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus Póilíní Chathair Átha Cliath a maraíodh le linn chogadh na saoirse.

Rinneadh cáineadh géar ar an ócáid a bhí le bheith ar siúl an mhí seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus idir iontas agus alltacht ar mhórán go mbeifí ag comóradh fórsaí póilíneachta impireacht na Breataine in Éirinn.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan tráthnóna gur “údar díomá” an doicheall a léiríodh roimh an ócáid agus gur chreid an Rialtas i gcónaí gur chóir comóradh stáit a eagrú i gcuimhne an RIC agus an DMP.

“Tuigim agus is oth liom go gcuirfidh an cinneadh seo isteach ar go leor daoine agus go ngoillfidh sé orthu. Ach geallaim go leanfar ar aghaidh le comóradh eile sna míonna amach romhainn.

Dúirt Charlie Flanagan go rachadh sé i gcomhairle arís leis an gCoiste Comhairleach Saineolaithe ar Chomóradh an Chéid, leis an bhfreasúra agus le daoine eile chun ócáid a eagrú a thabharfaidh “bheith istigh” do chách agus a léireoidh “meas” ar “an uile thraidisiúin agus cuimhne ar an oileán seo”.

Ghéaraigh le roinnt laethanta anuas ar an mbrú a cuireadh ar an Rialtas i dtaca leis an gcomóradh.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin níos túisce tráthnóna inniu gur “botún” ag an Rialtas an comóradh stáit ar bhaill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus Póilíní Chathair Átha Cliath a maraíodh le linn chogadh na saoirse.

Dúirt Martin go raibh conspóid gan ghá tarraingthe ag an Rialtas toisc nár bhac siad le comhairle ón bpobal ná ó shaineolaithe sular chinn siad an ócáid chomórtha a eagrú.

Dúirt sé gur cheart don ócáid dul ar aghaidh agus go léireofaí meas orthu siúd a d’fhreastalódh uirthi.

Pictiur: A. H. Poole

Bhí sé ráite ag polaiteoirí ar fud na tíre go ndéanfadh siad baghcat ar an ócáid agus bhí sé i gceist ag Sinn Féin dul i mbun léirsithe ann. Dúirt triúr airí neamhspleácha nach raibh sé i gceist acu freastal ar an ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur chóir cuimhneamh ar an RIC agus an DMP le linn chomóradh céad bliain eachtraí 1920, ach nach é an “ócáid chonspóideach” a mhol an tAire Dlí Charlie Flanagan “an bealach cuí” chun sin a dhéanamh.

Dúirt Martin gur cheart don Aire Dlí ráiteas a rinne sé faoi na daoine a raibh sé i gceist acu baghcat a dhéanamh ar an ócáid a tharraingt siar. Dúirt Flanagan gur ag cúlú ón “gcomhthuiscint agus an t-athmhuintearas” a bhí na daoine sin.

Idir an dá linn, caitheadh amhras ar chuntas Charlie Flanagan ar an gcinneadh an ócáid a reáchtáil. Dúirt Diarmaid Ferriter, ball den choiste comhairleach a bunaíodh chun comhairle a chur ar an Rialtas maidir le comóradh a dhéanamh ar an troid ar son na saoirse 100 bliain ó shin, nach raibh insint Charlie Flanagan ag teacht le dearcadh an choiste faoin scéal.

Dúirt Ferriter nár chóir don Rialtas “pludgharda” a dhéanamh den choiste nuair a cháintear cinntí a dhéanann an rialtas féin maidir le cúrsaí comórtha.

Bhí Ferriter ag tagairt do ráiteas Charlie Flanagan inar mhaígh sé gur faoi threoir an choiste saineolaithe a beartaíodh comóradh a dhéanamh ar na fórsaí póilíneachta a bhí ann sa tréimhse roimh bhunú an stáit. 

Dúirt Ferriter nár mhol an coiste comhairleach ócáid mar a bhí beartaithe ag an Rialtas. Dúirt sé gur mhol na saineolaithe go dtabharfaí na póilíní sin chun cuimhne ach gur comhdháil nó seimineár a bhí i gceist acu.

Mhaígh Charlie Flanagan nach ag ceiliúradh ceachtar fórsa a bhí i gceist leis an ócáid a bhí le bheith i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 17 Eanáir. Dúirt sé gur “cinnte” nach aon chomóradh a bheadh ann ar na ‘Black and Tans’, an fórsa paraimíleatach míchlúiteach brúidiúil a cuireadh chun na hÉireann chun tacú leis an RIC le linn chogadh na saoirse.

Idir an dá linn, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chomh maith tráthnóna nach raibh “aon cheist” ann go vótálfadh a pháirtí ar son an rialtais i vótaí áirithe sa Dáil, mar a d’iarr an Taoiseach Leo Varadkar air roimh Nollaig.

Tá sé i gceist ag an dá cheannaire cruinniú a bheith acu Déardaoin faoi dháta an chéad olltoghcháin eile agus brothall toghcháin i dTeach Laighean.

Fág freagra ar 'Comóradh conspóideach ar an RIC curtha ‘ar athlá’ ag an Rialtas'

  • Paula Ní Shlatarra

    Is maith an rud go n-aithníonn an tAire gur gá athmhachnamh sa chás seo. Ba mhór an trua an bhliain a thosú le tionscnamh chomh conspóideach.

  • Margarita Neothallaigh

    Bheadh sé suimiúil a fháil amach cérbh iad baill den RIC a d’imigh ar scor de bharr cúiseanna tírghrácha le linn an chogaidh. Cuireadh fáilte roimh na daoine sin nuair a fógraíodh iarratas chun poist a líonadh sa Gharda Sibhialta (ag an am) i 1922.
    Táthar naimhdheach leis an togra.
    Bhí fearg agus gríosú ar an dá thaobh le linn an chogaidh. Tharla eachtraí le linn comóradh ‘aeridheacht’ Shinn Féin 1919 sa Mhuileann Chearr.

  • Seán Mag Leannáin

    Cinneadh náireach a bhí ann ón gcéad lá riamh agus iarracht ar bun d’aon ghnó ag an rialtas ‘athshlánú’ a dhéanamh ar ról an RIC agus na Blacks and Tans in aghaidh fórsaí na poblachta, iad a chur ar chomhchéim leo nó níos airde fiú – ní raibh á dhéanamh acu siúd ach ‘a ndualgas á chomhlíonadh.’ Díol spéise a raibh le raibh ag an Ollamh Diarmaid Ferriter: nár chóir don Rialtas “pludgharda” a dhéanamh den choiste comhairleach. Dúirt sé nach raibh insint Charlie Flanagan ag teacht le dearcadh an choiste faoin scéal.

    Bhí Ferriter ag tagairt do ráiteas Charlie Flanagan inar mhaígh sé gur faoi threoir an choiste saineolaithe a beartaíodh comóradh a dhéanamh ar na fórsaí póilíneachta a bhí ann sa tréimhse roimh bhunú an stáit. Dúirt Ferriter nár mhol an coiste comhairleach ócáid mar a bhí beartaithe ag an Rialtas. Dúirt sé gur mhol na saineolaithe go dtabharfaí na póilíní sin chun cuimhne ach gur comhdháil nó seimineár a bhí i gceist acu.