Comhrac na páirce agus prátaí an ollphubaill – éachtaint ar Chomórtas Peile na Gaeltachta

Thug an saothar Ag Triall ar Chill na Martra éachtaint dúinn ar an obair agus an tógáil croí a bhaineann le reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta

Comhrac na páirce agus prátaí an ollphubaill – éachtaint ar Chomórtas Peile na Gaeltachta

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann do mhórimeachtaí na Gaeltachta agus na nGael. Amhail an tOireachtas is breá le daoine an oilithreacht bhliantúil seo a dhéanamh le comhraic pháirce (seachas comhraic stáitse) a fheiscint. Is i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí a bhí comórtas na bliana seo agus thug an clár álainn seo léargas ar spleodar agus comhrac an chomórtais mar aon le héachtaint a thabhairt ar an obair chapaill a bhain leis an ullmhúchán.

Is clár don ‘chroíphobal’ é Ag Triall ar Chill na Martra (TG4, 31/12) agus le Gráinne McElwain mar thráchtaire againn tugadh sinn go ceartlár an chomórtais uathúil seo. Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin gclár ná an tslí ar cuireadh abhaile orainn go bhfuil i bhfad níos mó i gceist anseo don chlub ná comórtas peile. Cruthaíonn sé meon na meithle i measc mhuintir an pharóiste mar aon le hardú meanma a thabhairt dóibh agus tugann sé deis dóibh a mbród don chlub a léiriú. Gan amhras tugann sé breis stádais don Ghaeilge agus tugann sé deis chomh maith feabhas ollmhór a chur ar áiseanna an chlub. Ní nach ionadh mar sin tá ullmhúchán mór ag baint leis ach cromann gach duine ar an obair; an neart sa chur le chéile. Ceann de na cúiseanna atá leis an obair ar fad ná go bhfuil an ócáid í féin tar éis méadú go mór; i bhfad níos mó foirne agus lucht leanúna méadaithe dá réir.

Is léiriú iad leithéidí Gearóid Ó hÉallaithe, Michelle Uí Shuibhne agus Máire Uí Laoire ar sprid an chumainn CLG. Iad ag obair go tréan i rith, agus roimh, an gcomórtas agus a mbród le sonrú go soiléir. Bhí 2005 ann nuair a bhí an comórtas sa chlub céanna agus cé nár bhuaigh an cumann riamh é tá a gcroí sa chomórtas ó bhíodar rannpháirteach den chéad uair in 1983. Michelle, agus Máire ina diaidh, ag trácht ar an ualach leapacha atá ag teastáil, tuairim is 700 dos na foirne amháin. Ní haon dóithín sin i gceantar beag tuaithe nach bhfuil lorg na turasóireachta air. Fágann sin go rabhthas ag brath ar mhuintir na háite a ndoirse a oscailte, rud a dhein; an meon meithle sin arís.

Deir Máire Uí Laoire go bhfuil “cúis mhaith” aici cuimhneamh ar an gcomórtas i mBaile Bhuirne i 1979 mar is ann a bhuail sí lena fear, Dónal. Phósadar an bhliain dár gcionn. 45 bliain níos déanaí tá sí i bhfeighil an bhia san ollphuball. Is cuid riachtanach den ócáid é “marquee” le blianta anuas mar áit chruinnithe do na sluaite. 1,500 béile in aghaidh an lae á sluaisteáil amach agus n’fheadar Dia ná duine cé mhéad dí. Déarfainn go bhféadfaí clár ann féin a dhéanamh faoi imeachtaí an ollphubaill chéanna. Clár álainn a thug léargas ar ócáid Ghaelach ar leith.

Fág freagra ar 'Comhrac na páirce agus prátaí an ollphubaill – éachtaint ar Chomórtas Peile na Gaeltachta'