Comhlacht pobail agus struchtúr nua le bunú sula gcuirfear tús le plean teanga Chois Fharraige

Tá dhá bhliain caite ó seoladh go hoifigiúil plean teanga Chois Fharraige i gConamara

Comhlacht pobail agus struchtúr nua le bunú sula gcuirfear tús le plean teanga Chois Fharraige

Nach mór dhá bhliain ó sheol Aire Stáit na Gaeltachta plean teanga Chois Fharraige i gConamara, is gá eagraíocht phobail nua a chur ar bun sula mbeifear ábalta tús a chur leis an bplean a chur i gcrích.

Ó sheol iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh plean an cheantair Meán Fómhair 2017, tá 10 n-oifigeach pleanála teanga dulta i mbun oibre i gceantair Ghaeltachta eile ach tá an próiseas ina lánstad fós i gCois Fharraige.

Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie an tseachtain seo go bhfuil gá le “struchtúr” agus “comhlacht nua pobalbhunaithe” i gCois Fharraige chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Ba é Fóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga a roghnaíodh le plean teanga an cheantair a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus cé go raibh siad ar an ngrúpa is túisce a d’ullmhaigh plean, tá moill mhór ar an bpróiseas ó shin.

I dtús báire, bhí aighneas idir an Fóram agus Roinn na Gaeltachta faoin méid airgid a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm, ach bhain deacrachtaí eile leis an bpróiseas chomh maith.

Tuigtear nach raibh an dlús céanna faoin bpróiseas i ndiaidh an aighnis sin agus go deimhin bhí sé ráite sa phlean a d’ullmhaigh an Fóram go mbunófaí comhlacht nua chun an obair pleanála teanga féin a chur i gcrích.

D’éirigh an scéal níos casta fós ó tharla é a bheith ráite go soiléir in Acht na Gaeltachta gurb í an eagraíocht a roghnaítear chun plean teanga a ullmhú a chaithfidh an plean sin a chur i bhfeidhm.

Chomh maith leis sin, ní raibh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga cláraithe go hoifigiúil mar chomhlacht, rud a mbeadh gá leis chun tairbhe a bhaint as an maoiniú stáit.

Cúrsaí maoinithe an chéad chúis a bhí leis an moill ar an bpróiseas i gCois Fharraige.

Dúradh sa phlean ar chuir Fóram Chois Fharraige tús lena ullmhú i lár na bliana 2014, agus ar ghlac an t-aire stáit leis in 2017, gur €250,000 a chosnódh a chur i bhfeidhm agus go mbeadh gá le triúr a fhostú chuige sin. 

Bhí amhras mór ar feadh tamaill faoina raibh i ndán do phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta ar fad nuair a dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm. Thacaigh saineolaithe agus lucht pleanála teanga i roinnt ceantar eile le seasamh Fhóram Chois Fharraige agus leis an áiteamh nárbh leor an maoiniú a bhí á chur ar fáil don obair.

Thángthas ar réiteach ar an aighneas ina dhiaidh sin agus d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh €50,000 breise á thairiscint do lucht pleanála teanga i gceantair áirithe in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina raibh an córas nua. Bheadh cead freisin sna ceantair sin, Cois Fharraige ina measc, beirt seachas duine amháin a fhostú chun plean a chur i bhfeidhm.

Thug urlabhraí Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go rabhthas ag súil go mbeadh folúntais á bhfógairt do bheirt oifigeach pleanála teanga i gCois Fharraige sula i bhfad.

“Tá céimeanna críochnúla á dtógáil le roinnt seachtainí anuas ag grúpaí pobail agus teanga i gceantar Chois Fharraige, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, chun struchtúr nua a bheidh ionadaíoch ar an gceantar feidhme ó na Forbacha go Ros an Mhíl a bhunú le tabhairt faoi fheidhmiú Phlean Teanga Chois Fharraige.

“Beidh ar chumas an chomhlachta pobalbhunaithe nua seo na poist pleanála teanga atá ceadaithe don limistéir a fhógairt ina dhiaidh sin. Tá allúntas €150,000 ceadaithe do fheidhmiú Phlean Teanga Chois Fharraige agus chun Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigeach Pleanála Teanga cúnta a fhostú,” arsa urlabhraí Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Comhlacht pobail agus struchtúr nua le bunú sula gcuirfear tús le plean teanga Chois Fharraige'