Comhiarratas déanta ag Éirinn ar Euro 2028 UEFA a reáchtáil

Corn an Domhain 2030 an sprioc a bhí ar dtús ann ach fógraíodh inniu gur “dírithe” ar chomórtas na hEorpa in 2028 amháin atá cumainn na hÉireann, Thuaisceart Éireann, Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige

Comhiarratas déanta ag Éirinn ar Euro 2028 UEFA a reáchtáil

Tá comhiarratas curtha isteach ag Éirinn, Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain chun a bheith mar thíortha óstacha do Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa in 2028.

Corn an Domhain 2030 an sprioc a bhí ar dtús ann ach fógraíodh inniu gur “dírithe” ar chomórtas na hEorpa in 2028 amháin atáthar anois.

Dúirt an FAI: “Agus staidéar féidearthachta cuimsitheach déanta, a dhein cíoradh ar na féidearthachtaí sa sacar idirnáisiúnta, d’aontaigh cumainn na hÉireann, Shasana, Thuaisceart Éireann, na hAlban agus na Breataine Bige go ndíreofaí ar iarratas Euro 2028 UEFA a reáchtáil.

“Mar chuid den staidéar féidearthachta, deineadh anailís ar pholaitíocht shaol an tsacair agus ar an tionchar eacnamaíochta agus na costais a bhainfeadh le comórtais mhóra idirnáisiúnta a reáchtáil.”

Bheadh mórán an toradh céanna ar an infheistíocht a dhéanfaí sa chraobh Eorpach is a bheadh ag baint leis an gcorn domhanda, a dúradh. Chomh maith leis sin, dúradh go mbainfeadh costas níos lú leis an gcomórtas Eorpach agus gur túisce a d’fheicfí na buntáistí as.

“Onóir agus pribhléid a bheadh ann Euro 2028 UEFA a reáchtáil le chéile agus fáilte a chur roimh an Eoraip go léir,” a dúradh.

Meastar gur idir 6-8 cluiche a bheadh in Éirinn dá n-éireodh leis an iarratas.

Meastar go mbeidh an Spáinn agus an Phortaingéil san iomaíocht chomh maith do Euro 2028.

 

 

 

Fág freagra ar 'Comhiarratas déanta ag Éirinn ar Euro 2028 UEFA a reáchtáil'