Tá cinneadh glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde i Sólann an Olympia, cúig bliana ó moladh an t-athrú ar dtús.
Ag cruinniú de chuid na Comhairle an tseachtain seo, dúradh nach raibh aon seasamh dlíthiúil ag an ‘call in’ nó ‘glaoch isteach’ a rinne an DUP níos luaithe i mbliana chun bac a chur ar chomharthaíocht dhátheangach sa tsólann i ndeisceart na cathrach.
B’in an dara huair ar bhain an DUP úsáid as ‘glaoch isteach’ i gcás shólann an Olympia.
Is féidir ‘call in’ nó ‘glaoch isteach’ a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an mbealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.
In 2021, chuir an Chomhairle deireadh le plean chun comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde san Olympia Leisure Centre, atá gar do cheantar dílseach, tar éis don DUP cur in haghaidh.
I mí Feabhra 2022 rinne Conradh na Gaeilge iarratas faoin reachtaíocht saorála faisnéise maidir leis an chomhairle dlí a fuair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoi ‘call in’ an DUP.
Dhiúltaigh an Chomhairle na cáipéisí a thabhairt don Chonradh ar feadh dhá bhliain, ach rialaigh binse de chuid na gCúirteanna Breithiúnais Ríoga go raibh ar an Chomhairle an t-eolas a thabhairt do Chonradh na Gaeilge.
Níos luaithe i mbliana, reáchtáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an dara comhairliúchán poiblí faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí i sólann an Olympia.
79% a dúirt sa chomhairliúchán sin go raibh siad ar son comharthaí dátheangacha, 16% a dúirt go raibh siad ar son comharthaí ‘Béarla amháin’ agus 3% a dúirt go raibh siad ar son comharthaí Gaeilge, Béarla agus Ultaise.
Ag labhairt dó le Tuairisc an tseachtain seo, dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge go raibh “argóintí” a bhí in úsáid ag an DUP “caite i dtraipisí” agus cinneadh glactha ag an Chomhairle comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde i Sólann an Olympia.
“Scéal mór maith dearfach stairiúil gur ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le cinneadh comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i Sólann an Olympia an tseachtain seo. Is feachtas é seo atá ag dul ar aghaidh ó bhí 2019 ann.
“Is céim ollmhór chun tosaigh í seo leis an chomhairle dlí úr, rud a chinntíonn gur féidir linn dúshlán a thabhairt d’aon argóint chun bac a chur ar chomharthaíocht Ghaeilge i spásanna comhroinnte.”
Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh sé ag súil go mbeadh an chomhairle dlí is déanaí atá faighte ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ina fasach ag na húdaráis agus iad ag plé ceist na comharthaíochta dátheangaí sa chathair.
‘Tá muidne iontach sásta go bhfeicfidh muid an Ghaeilge níos minicí ar fud na sé contae mar thoradh ar an cheist seo,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Comharthaíocht Ghaeilge le cur in airde san Olympia i mBéal Feirste i ndiaidh feachtas cúig bliana'