Comhartha sóirt ar an deighilt idir an DUP agus SF is ea ceist an Achta Gaeilge

Tá geamaireacht Stormont ar fionraí. An chéad rud a theastaíonn ná léiritheoir nua don fhómhar

Comhartha sóirt ar an deighilt idir an DUP agus SF is ea ceist an Achta Gaeilge

Níor chuir sé iontas ar éinne. An mhéar fhada arís. Ach an t-am seo níl spriocdháta ar bith leagtha síos le haghaidh athnuachan na n-institiúidí i Stormont. Nuair a bheas séasúr na máirseála thart, i ndiaidh na laethanta saoire, seans. Sa bhfómhar nó roimh Nollaig, b’fhéidir. Ba chosúil sa deireadh gur thuig fiú amháin James Brokenshire nárbh fhiú leanúint leis an gcur i gcéill go raibh comhréiteach ná comhghéilleadh idir an DUP agus Sinn Féin indéanta.

Dá mbeidís i mbun oibre mar theachtaí tionóil nó airí bheadh na polaiteoirí i Stormont ag dul ar shaoire an tsamhraidh De hAoine. Thosaigh a saoire luath nuair a d’éirigh gach duine as ‘na cainteanna réitigh’ Dé Máirt. D’fhógair an Stát Rúnaí go raibh súil aige go mbeadh teagmháil idir na páirtithe i gcaitheamh an tsamhraidh, go mbeadh sé ag dréim le fuascailt na sáinne sa bhfómhar agus sa ngearrthéarma go mbeadh sé féin i mbun machnaimh ‘go cúramach’ faoi na céimeanna is gá a ghlacadh.

Ní fheadar céard faoi a mbeidh sé ag déanamh a mhachnaimh. Thuairisc an BBC gur inis foinse údarásach dóibh nach ndéanfadh Brokenshire tada faoi bhuiséad Thuaisceart Éireann roimh an bhfómhar. Chothaigh sé sin imní san earnáil phoiblí agus i measc eagraíochta pobail go gcaillfidís a bpostanna roimh an bhfómhar cheal buiséid. Taobh istigh de lá ó theip na gcainteanna d’eisigh grúpaí ar nós Surestart, a thugann tacaíocht réamhscoile i gceantair bhochta, fógra cosanta d’oibrithe mar nach raibh maoin acu ach go dtí deireadh na míosa seo. Gan dabht ní hiadsan amháin a bheidh san fhaopach. Bhí roinnt daoine ag moladh go ngearrfaí tuarastal na dTeachtaí Tionóil ach níl sé sin réadúil, go fóill pé scéal é.

Sheachain an Stát Rúnaí Brokenshire riail dhíreach as Westminster ach fágadh folús dá réir, státseirbhísigh i bhfeighil riaradh Thuaisceart Éireann. Níor leor sin chun tathant ar an DUP agus Sinn Fein comhghéilleadh a aimsiú.

Tuige? Shílfeadh strainséir gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar easaontais idir na páirtithe. Ní fíor sin. Mar atá ráite go minic anseo, siombail agus comhartha sóirt ar an deighilt idir an dá pháirtí is ea Acht na Gaeilge. Tá Sinn Fein ag iarraidh forlámhas cultúrtha a bhaint amach, a dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster. Comhionannas agus cearta bunúsacha atá uainn, arsa Sinn Féin. Dúirt iartheachta an DUP, Nelson McCausland, ar chlár raidió gur mheas aontachtaithe go n-athródh Acht Gaeilge “nádúr” Thuaisceart Éireann.

Baineann a imní le haitheantas do dhlisteanacht an Éireannachais ó thuaidh. Dhearbhaigh Comhaontú Aoine an Chéasta go raibh an náisiúnachas Éireannach bailí, gur chuspóir dleathach é aontú na hÉireann, ar comhchéim leis an aidhm aontachtach. Cothaíonn sé sin deacrachtaí ollmhóra don DUP nár ghlac le Comhaontú Aoine an Chéasta agus a d’fhás de bharr a bhfeachtas ina aghaidh sular thugadar faoi roinnt na cumhachta deich mbliana ó shin. Má bhí an DUP toilteanach méid áirithe a ghéilleadh tar éis thoghchán an Tionóil sa Mhárta chuir an t-olltoghchán obann cor eile sa scéal. Ó tá an DUP neartaithe i Westminster agus Theresa May ag brath orthu is beag fonn atá orthu iompú ar chur chuige solúbtha anois.

Ar ndóigh, ní hé sin an t-aon fhadhb. Níl straitéis fhadtéarmach Shinn Féin soiléir. Ní léir fós an gceapann an páirtí poblachtach nach fiú an tairbhe an trioblóid é Stormont. Ní dhéanann sé dochar ar bith dóibh i measc a lucht leanta a bheith ag cur cos i dtaca in aghaidh an DUP. Is mó go mór an tacaíocht atá acu agus iad i mbun agóide ná a bhí acu nuair a ceapadh go raibh beithé á dhéanamh ag an DUP díobh sa bhFeidhmeannas. Is léir go mbaineann siad leas go ciniciúil as na lochtanna a bhí ar Stormont go dtí seo, ach ní hionann sin is a rá nach gá na lochtanna sin a chealú. Is fíor dóibh go bhfuil drogall ar an DUP glacadh le comhionannas agus le cearta do gach éinne.

An bhfuil fuascailt i ndán dóibh sa bhfómhar? An bhfuil Sinn Féin ag súil go mbeidh an DUP níos laige tráth a mbeidh éisteachtaí ar bun ag an mBinse Fiosraithe faoi scannal an RHI? Nó an mbeidh an DUP in ann buntáiste a bhaint as an airgead a fuair siad don tuaisceart mar chuid den mhargadh leis na Tóraithe? Is é an DUP an t-aon pháirtí abhus ar féidir a rá fúthu go mbeidh ról riaracháin/rialtais acu i gcaitheamh thréimhse an fholúis i Stormont; beidh tionchar acu i Whitehall.

Déantar talamh slán de nach leigheasfadh toghchán Tionóil eile aon ní mar gurb iad an DUP agus Sinn Fein a bheadh caithréimeach arís. Céard ata le hathrú mar sin?

Dá mbeadh cathaoirleach láidir ar na cainteanna a mbeadh muinín ag cách as, seans go bhféadfaí a theacht ar chomhghéilleadh faoi chuid de na deacrachtaí ach sa deireadh ní raibh iontaoibh ag éinne ach an DUP i James Brokenshire. Níor éirigh leis siúd eagar ná smacht a chur ar an bpróiseas go dtí seo – ní raibh ann ach geamaireacht.

Má tá seans ar bith le bheith ag cainteanna sa bhfómhar – agus ní chuirfinn geall air – theastódh léiritheoir nua don stáitsiú.

Fág freagra ar 'Comhartha sóirt ar an deighilt idir an DUP agus SF is ea ceist an Achta Gaeilge'