Comhaltacht oinigh bronnta ar Mháirín Nic Eoin ag Coláiste na Tríonóide

Ollamh Emerita le Gaeilge in DCU í Máirín Nic Eoin a bhfuil leabhair foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge

Comhaltacht oinigh bronnta ar Mháirín Nic Eoin ag Coláiste na Tríonóide

Bhronn Coláiste na Tríonóide comhaltacht oinigh ar Mháirín Nic Eoin, an scoláire ceannródaíoch i nualitríocht na Gaeilge, an tseachtain seo. Fógraíodh Comhaltaí agus Scoláirí nua Choláiste na Tríonóide ag searmanas i mBaile Átha Cliath.

Ollamh Emerita le Gaeilge in DCU í Máirín Nic Eoin. Tá taighde bunúil déanta aici ar ionad na mban i dtraidisiún liteartha na Gaeilge agus tá leabhair agus aistí critice foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge.

Sheas an Propast, an Dr Linda Doyle ar chéimeanna na hAmharclainne Poiblí i gCearnóg Tosaigh Choláiste na Tríonóide chun ainmneacha na Scoláirí agus na gComhaltaí a léamh, mar is gnách.

Rinne sí comhghairdeas leis na mic léinn agus na taighdeoirí as a ngnóthachtáil. “Tá a fhios againn an méid oibre crua atá déanta chun é seo a bhaint amach agus molaimid thú as sin.”

Fág freagra ar 'Comhaltacht oinigh bronnta ar Mháirín Nic Eoin ag Coláiste na Tríonóide'

  • Fidelma

    Comhghairdeas ó chroí le Máirín, tuillte go maith aici.

  • Lillis Ó Laoire

    Go maire tú do ghradam a Mháirín. Comhghairdeas ó chroí leat.