Comhairle tugtha maidir le sábháilteacht san uisce agus dea-aimsir geallta

Tá teaspach geallta ag Met Éireann agus beidh na sluaite ag tabhairt a n-aghaidh ar aibhneacha, lochanna agus tránna. Ní foláir a bheith cúramach san uisce…

Comhairle tugtha maidir le sábháilteacht san uisce agus dea-aimsir geallta

Seo í Seachtain na Sábháilteachta Uisce mar faraor báitear os cionn 130 duine ar an meán in uiscí na hÉireann gach bliain. Tá teaspach geallta ag Met Éireann agus beidh na sluaite ag tabhairt a n-aghaidh ar aibhneacha, lochanna agus tránna gan trácht ar na tobáin phlaisteacha sa ngairdín agus iad lán le huisce.

Tá seachtain feasachta chun comhairle a chur ar fáil ar bun ag an eagraíocht Sábháilteacht Uisce na hÉireann ionas go mbainfidh daoine sásamh as an uisce agus go mbeidh siad slán sábháilte. Tá feachtas eile ag Institiúid Náisiúnta na mBád Tarrthála i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael chun cúrsaí sábháilteacht san uisce a chur ar a súile d’imreoirí óga na gclubanna. Seo an chomhairle ó Eagraíocht Sábháilteachta Uisce na hÉireann (IWS).

  • Tabhair na gasúir go dtí ranganna snámha atá á n-eagrú ar fud na tíre. Tá liosta de na ranganna agus na hionaid ag www.iws.ie
  • Ná téigh ag snámh leat féin
  • Ná téigh ag snámh in uisce atá níos doimhne ná d’airde féin
  • Ná téigh ag snámh ach in uiscebhealaí a bhfuil garda tarrthála ann
  • Bíodh seaicéad tarrthála ort i gcónaí agus tú páirteach in imeachtaí ar an uisce nó in aice leis
  • Ná gabh in aice leis an uisce má bhíonn alcól ólta agat
  • Seachain tránna nach bhfuil eolas na háite agat fúthu, d’fhéadfadh sruthanna contúirteacha a bheith ann
  • Sa chás go bhfeiceann tú duine atá i dtrioblóid san uisce, tosaigh ag béicíl air agus ag tabhairt misnigh dó coinneáil air isteach chugat.
  • Ná téigh amach san uisce chuige ach sín bior éigin fada chuige ón mbruach, éadach, craobh nó maide. Caith baoi tarrthála nó flóta de chineál éigin chuige agus glaoigh ar an nGarda Cósta.

Fág freagra ar 'Comhairle tugtha maidir le sábháilteacht san uisce agus dea-aimsir geallta'