Comhairle cigire diúltú d’fhorbairt Ghaeltachta léite amach san Ard-Chúirt

Leanadh san Ard-Chúirt inniu le héisteacht faoi athbhreithniú breithiúnach i gcoinne chinneadh an Bhoird Phleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach i Ráth Chairn

Comhairle cigire diúltú d’fhorbairt Ghaeltachta léite amach san Ard-Chúirt

Leanadh san Ard-Chúirt inniu le héisteacht faoi athbhreithniú breithiúnach a d’iarr comharchumann Ráth Chairn i gcoinne chinneadh an Bhoird Pleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach sa bhaile beag Gaeltachta.

Léadh amach sa chúirt tráthnóna tuairisc cigire ón mBord Pleanála a dúirt nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, forbróir ón áit. 

Dúirt an cigire ina thuarascáil gur cheart diúltú don fhorbairt mar gheall ar an dochar a dúirt sé a d’fhéadfadh sí a dhéanamh don Ghaeilge, mar go raibh amhras air an mbeadh éileamh ar a leithéid agus mar gheall ar “scála” na forbartha.

“Maidir le scála, leagan amach, dearadh, dlús, agus foirm mhí-oiriúnach na forbartha beartaithe, chomh maith le hinimirce na gcainteoirí iasachta a bhainfeadh leis an bhforbairt, meastar go gcuirfeadh an fhorbairt beartaithe isteach ar charachtar an tsráidbhaile, Ráth Chairn agus go ndéanfadh sí dochar d’oidhreacht teanga agus chultúr na Gaeltachta i gContae na Mí,” a dúirt an cigire.

Dá bhrí sin ní bheadh an fhorbairt ag teacht leis an “pleanáil chuí” ná le le “forbairt inchothaithe an limistéir”, a dúirt sé. 

Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt mí an Mheithimh seo caite agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Deir an Bord Pleanála gurb amhlaidh go ndéanfadh an fhorbairt leas an cheantair agus na teanga mar go gcuirfí tithe ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Mhaígh siad chomh maith go gcinnteodh coinníoll go gcuirfí 70% de na tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge nach ndéanfaí dochar ach a mhalairt don teanga i Ráth Chairn.

Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%. 

Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm nó nach bhféadfaí é a athrú.

Deir an Comharchumann gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Dúirt abhcóide an Chomharchumainn, Séamus Ó Tuathail, sa chúirt inné, nár cuireadh ar fáil don Bhord Pleanála agus cinneadh á dhéanamh acu faoin bhforbairt ach achoimre i mBéarla ar na haighneachtaí a bhí curtha faoi bhráid Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag Comharchumann Ráth Chairn.

Toisc go raibh an Bord Pleanála i dtaobh le hachoimre Béarla ar na haighneachtaí ní raibh siad ar an eolas faoi chuid mhór den chás a bhí á dhéanamh ag Comharchumann Ráth Chairn, a dúradh.

Bhí imní ar an gComharchumann nach duine a bhí cáilithe don chúram a scríobh an ráiteas tionchar teanga don fhorbróir, ach níor thuig an Bord Pleanála an t-údar imní sin a bheith ann mar nár cuireadh ar fáil i mBéarla dóibh na haighneachtaí go léir, a mhaígh Ó Tuathail.

Léadh amach ráiteas ón sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin a dúirt nach raibh na cáilíochtaí cuí ag an té a d’ullmhaigh an ráiteas tionchar teanga agus nár éirigh leis a chruthú gur chun leas na teanga a bheadh an fhorbairt. 

Tá foireann dlí an Chomharchumainn ag maíomh chomh maith nach raibh sé d’údarás ag an mBord Pleanála ceisteanna polasaí a bhain le polasaí teanga a fhágáil faoin gComhairle Contae agus faoin bhforbróir.

Dúradh freisin go raibh locht ar an measúnú a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil an teanga níos láidre i Ráth Chairn ná mar a tugadh le fios.

Leanfar leis an éisteacht amárach agus d’fhéadfadh nach dtiocfaidh críoch léi go dtí Dé Luain seo chugainn.

Meastar go mbeidh mí ann sula dtabharfaidh an Breitheamh Bronagh O’Hanlon breithiúnas sa chás.

Fág freagra ar 'Comhairle cigire diúltú d’fhorbairt Ghaeltachta léite amach san Ard-Chúirt'

  • Anton

    Fair play dóibh, ag iarraidh a dteanga a chosaint. D’fhoghlaim siad ón méid a thit amach i mBaile an Fheirtéaraigh blianta ó shin nuair a scrios forbairt tithíochta dlús na cainteoirí Gaeilg sa cheantar