Comhairle á lorg faoi reachtaíocht a d’aithneodh ‘ionsaí’ ar phobal na Gaeilge mar ‘coir fuatha’

Tá ráite ag ceannaire Plaid Cymru in Westminster go bhfuil sé in am an chosaint chéanna a thabhairt do phobal na Breatnaise is a thugtar do mhionlaigh chreidimh nó eitneacha

Comhairle á lorg faoi reachtaíocht a d’aithneodh ‘ionsaí’ ar phobal na Gaeilge mar ‘coir fuatha’

Tá comhairle dlí á lorg ag Conradh na Gaeilge féachaint ar chóir an chosaint chéanna ó chaint mhaslach a lorg do phobal na Gaeilge is a thugtar do mhionlaigh eile sa reachtaíocht chomhionannais.

Tá cúrsaí teanga agus reachtaíochta go mór i mbéal an phobail sa Bhreatain Bheag faoi láthair agus conspóid mhór ann faoi alt leis an gcolúnaí nuachtáin Rod Liddle inar dhein sé ceap magaidh den Bhreatnais.

Mar thoradh ar an gconspóid sin, mhaígh ceannaire Plaid Cymru in Westminster go raibh sé in am an chosaint chéanna a thabhairt do phobal na Breatnaise is a thugtar do mhionlaigh chreidimh nó eitneacha.

Dúirt Saville-Roberts gurb ionann dáiríre ionsaí a dhéanamh ar an mBreatnais agus lucht a labhartha agus “coir fuatha”.

“Ní raibh san alt is déanaí seo sa Sunday Times an tseachtain seo caite ach an sampla is déanaí den nós seanbhunaithe a bheith ag cáineadh na Breatnaise, ag déanamh beag is fiú di agus ag magadh fúithi, agus dá réir, faoi lucht a labhartha,” a dúirt sí.   

Dúirt sí chomh maith gur coir fuatha nach n-aithnítear sa dlí atá i gceist leis na hionsaithe sin.

“Déantar neamhaird de ghearáin ar an mbonn nach tréith í teanga a bhfuil cosaint ag dul di, agus tá súil agam go bhféachfaidh an rialtas in Westminster le hé sin athrú amach anseo lena chinntiú nach mbeidh ar lucht labhartha na Breatnaise cur suas a thuilleadh leis an magadh gan stad ó leithéidí Rod Liddle.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie go raibh an cheist a bhí ardaithe ag ceannaire Plaid Cymru in Westminster “chomh hábhartha céanna in Éirinn”.

“Tá súil ghéar á coinneáil againn ar an scéal seo agus tá sé i gceist againn comhairle dlí a lorg fúithi mar tagann an rud céanna aníos anseo go minic, faraor.

“Dá ndéarfaí cuid de na rudaí a deirtear faoi phobal na Gaeilge faoi mhionlaigh eile, bheadh rí rá agus ruaille buaille ann. Cén fáth nach mbeadh an chosaint chéanna ag pobal na Gaeilge is atá ag mionlaigh eile, gnáthdhaoine a labhraíonn Gaeilge a bhíonn thíos le caint mhaslach faoina dteanga agus fúthu féin a ghoilleann go mór orthu.”

Ach an oiread le lucht na Breatnaise, níl aon chosaint faoi láthair sa reachtaíocht chomhionannais ag pobal na Gaeilge mar nach n-aithnítear sa reachtaíocht sin mar mhionlach iad.

Tá diúltaithe chomh maith ag leithéidí an BAI do ghearáin faoi chaint faoi Ghaeilgeoirí ar measadh í a bheith maslach, ar an mbonn céanna, is é sin nach n-aithnítear Gaeilgeoirí mar ‘ghrúpa sa tsochaí”. Dar le saineolaithe áirithe go gcaithfí a bheith cúramach, áfach, faoi stádas a lorg sa reachtaíocht chomhionannais mar mhionlach a bhféadfaí leithcheal a dhéanamh orthu, toisc gurbh amhlaidh go lagódh a leithéid stádas bunreachtúil na teanga.

Dúirt Julian de Spáinn go gcaithfí a bheith “cinnte” dá lorgófaí cosaint mar sin don Ghaeilge agus do phobal a labhartha “go ndéanfaí i gceart é”.

“Cén bealach is fearr é a dhéanamh? B’fhéidir nach é an tAcht Comhionannais an áit is oiriúnaí chun an t-aitheantas sin a lorg. B’fhéidir go mbeadh sé níos oiriúnaí é a dhéanamh trí reachtaíocht eile, nó in Acht na dTeangacha Oifigiúla,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Ina cholún ar an Sunday Times le déanaí, thagair Rod Liddle don chonspóid faoi athainmniú an Second Severn Crossing agus an Prince Charles Bridge a thabhairt air agus dúirt sé gur “motorway bridge” a bhí ann “linking their rain-sodden valleys with the First World”. Mhaígh sé gur dóigh go mb’fhearr le muintir na Breataine Bige go dtabharfaí ainm éigin eile ar an droichead – “…something indecipherable with no real vowels, such as Ysgythysgymlngwchgwch Bryggy”.

Spreag a cholún go leor conspóide ach mhaígh sé féin i gcolún eile nach raibh ann ach “jóc”. Séideadh faoin gconspóid an tseachtain seo nuair a chuaigh ceannaire Plaid Cymru i mbun díospóireachta le James Delingpole, colúnaí de chuid an Daily Mail a sheas le Liddle agus a dúirt nach raibh ina alt siúd ach “gentle, almost affectionate teasing”.

“Get a life” an moladh a bhí ag Delingpole do mhuintir na Breataine Bige.

In ndiaidh na díospóireachta sin ar an gclár Daily Politics, thug Liz Saville-Roberts aghaidh arís ar fhear an Daily Mail ar Twitter.

Fág freagra ar 'Comhairle á lorg faoi reachtaíocht a d’aithneodh ‘ionsaí’ ar phobal na Gaeilge mar ‘coir fuatha’'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Teastaíonn cead maslaí a fhreagairt le ciall seachas tuilleadh cinsireachta.
    Níl sna coireanna fuatha seo ach deis cinsireachta in éadan an té nach n-aontaíonn leat.
    Saoirse cainte atá uainn agus deis dá réir maslaí a fhreagairt go múinte mánla.

  • S Mac Muirí

    An ceart agat a Dháithí 7 an deis leis chun iad a fhreagairt chomh maslaitheach céanna! :)

  • Des O Murchu

    Fadhb a fheicim go minic. Is Gaelgoir tu! Is muinteoir tu? Des O Murchu