Ardú 5,000% ar an éileamh ar shaothar banna ceoil Gaeilge a bhuíochas le sraith Netflix

An t-amhrán ‘Peacach’ le IMLÉ a roghnaíodh mar amhrán aitheantais don tsraith ‘Bodkin’ atá léirithe ag comhlacht a bhunaigh Barack agus Michelle Obama

Ardú 5,000% ar an éileamh ar shaothar banna ceoil Gaeilge a bhuíochas le sraith Netflix

Tá méadú os cionn 5,000% tagtha ar líon na ndaoine atá ag éisteacht le ceol IMLÉ ar fud an domhain ó thosaigh an clár nua Bodkin ag sruthú ar Netflix beagán os cionn seachtaine ó shin.

An t-amhrán ‘Peacach’ le IMLÉ a roghnaíodh mar amhrán aitheantais don tsraith Netflix atá léirithe ag Higher Ground Productions, comhlacht léiriúcháin a bhunaigh Barack agus Michelle Obama.

De réir eolais atá faighte ag Cian Mac Cárthaigh, stiúrthóir IMLÉ, ón tseirbhís sruthaithe ceoil Spotify, tá méadú mór ar líon na ndaoine atá ag éisteacht lena gcuid ceoil ó thosaigh an clár nua ag sruthú.

“Tá teachtaireachtaí faighte ó dhaoine sna Stáit Aontaithe, an Indinéis agus neart áiteanna eile timpeall na cruinne. Tosaíonn daoine ag éisteacht le ‘Peacach’ agus ina dhiaidh sin ag éisteacht leis na hamhráin eile chomh maith, rud atá go deas. Tá neart ceisteanna maidir le ceolchoirmeacha thar lear. Beidh orainn plean a chur le chéile!” a deir Mac Cárthaigh.

Beidh dhá leagan den amhrán le cloisteáil ar an tsraith ar chláir éagsúla. Cloisfear an chéad leagan den amhrán, ón albam IMLÉ,a eisíodh in 2016. Ba iad Marcus Mac Conghail, Fergal Moloney, Pádraig ‘MC Muipéad’ Ó Conghaile agus Cian Mac Cárthaigh a scríobh agus a sheinn an chéad leagan de. Cloisfear leagan nua acústach den amhrán ar chlár amháin i rith na sraithe agus é á chanadh ag Róisín Seoighe le tionlacan giotáir ó Chian Mac Cárthaigh agus Neil Ó Briain.

Tá ardú leanúnach feicthe ag an mbanna ceoil ar líon na n-éisteoirí – os cion 5,000% ó thosaigh an clár nua ag craoladh.

“Is léir go bhfuil níos mó daoine ag éisteacht linn ar Spotify agus tá níos mó leantóirí againn ar na meáin shóisialta chomh maith. Spéisiúil go leor, tá sé ag ardú gach uile lá. Cheap mé go mbeadh spéis ag daoine ar feadh cúpla lá agus nach mbeadh mórán eile ina dhiaidh sin, ach is cosúil go bhfuil Bodkin ag fás is ag fás agus dá bhrí sin tá daoine nua ag teacht ar cheol IMLÉ gach lá,” a deir Mac Cárthaigh.

Bodkin. (L to R) Will Forte as Gilbert Power, Siobhán Cullen as Dove, Robyn Cara as Emmy Sizergh in episode 102 of Bodkin. Cr. Enda Bowe/Netflix © 2024

Comharghrúpa is ea IMLÉ de cheoltóirí éagsúla a mheascann stíleanna éagsúla ceoil ar bhealach nuálach agus trí Ghaeilge. Tá dhá albam eisithe acu go dtí seo, IMLÉ agus Fáilte Isteach, a tháinig amach in 2022.

Tugann an tsraith ar Netflix ardán idirnáisiúnta do cheol comhaimseartha na Gaeilge, a deir Mac Cárthaigh agus léiríonn sé an tsuim atá ag daoine ann ar fud an domhain.

“Ní hamháin go léiríonn úsáid ‘Peacach’ sa tsraith Netflix seo stíl uathúil IMLÉ trí chéile, ach tugann sé chun solais an tóir idirnáisiúnta atá ar cheol comhaimseartha Gaeilge ar scála idirnáisiúnta sa ré nua-aimseartha chomh maith.”

Deir Mac Cárthaigh go bhfuil spreagadh mór faighte acu ón mhéid atá cloiste ar ais acu ó thosaigh an clár nua agus iad ag súil le hamhrán nua a eisiúint an tseachtain seo chugainn.

“Tá mé iontach bródúil as seo mar ciallaíonn sé go bhfuil níos mó daoine ag teacht ar ár gcuid ceoil. Tá ceoltóirí den scoth tar éis a bheith ag ceol le IMLÉ thar na blianta agus tá mé iontach sásta go bhfuil níos mó daoine ag teacht ar an gceol sin anois ós rud é go bhfuil amhrán againn ar Bodkin. Tugann sé spreagadh dúinn chomh maith, tá amhrán nua á eisiúint againn ar an 24 Bealtaine agus táimid ar bís tabhairt faoi sin anois.”

*Is féidir ‘Peacach’ a fháil anois ar Spotify. Tá an bunleagan le fáil anseo agus tá an leagan nua acústach den amhrán a bhfuil Róisín Seoighe le cloisteáil ann ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Ardú 5,000% ar an éileamh ar shaothar banna ceoil Gaeilge a bhuíochas le sraith Netflix'