Coinnle áille Jo Malone ag tacú le hobair Pieta House

An dearthóir ón mBreatain ag cabhrú le scéim forbartha meabhairshláinte do dhaltaí scoile na hÉireann

Coinnle áille Jo Malone ag tacú le hobair Pieta House

Má bhíonn bronntanas le ceannach agat do dhuine éigin agus fonn ort ag an am céanna tacaíocht a thabhairt do dhea-thogra carthanachta ní fhéadfá rogha níos fearr a dhéanamh ná coinneal álainn de chuid an dearthóra Jo Malone a phiocadh. 

Rachaidh 75% de phraghas na gcoinnle speisialta atá tagtha ar an margadh le gairid chuig Pieta House, an charthanacht a chabhraíonn le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu nó a chuimhnigh ar lámh a chur ina mbás féin.

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar choinnle cumhra Jo Malone agus is léir go bhfuil tiomantas ar leith á léiriú ag an dearthóir ón mBreatain don chúis mhaith charthanachta seo. Go minic, ní thugtar ach sciar an-bheag den bhrabach ó tháirge don charthanacht ach ní sciar fánach den bhrabach atá i gceist anseo ach sciar suntasach den phraghas iomlán.

Seo an chéad uair ag an dearthóir ón mBreatain carthanacht as Éirinn a roghnú mar chomhpháirtí agus is cinnte gur rogha mhaith é Pieta House.

Tá obair iontach déanta ag Pieta House le seirbhísí a chur ar fáil saor in aisce i measc an phobail dóibh siúd atá faoi bhrú nó a bhfuil imní orthu faoina meabhairshláinte.

Beidh eolas ag go leor daoine faoin ócáid mhór bhliantúil a eagraíonn Pieta House faoin teideal ‘Darkness into Light’. Tá beagán €20 milliún bailithe ag an tsiúlóid bhliantúil sin ó tosaíodh í ar dtús sa bhliain 2009.

Ní raibh i gceist ach 400 duine i mbun siúil agus ag bailiú airgid an chéad bhliain i mBaile Átha Cliath ach ghlac 200,000 páirt ann anuraidh i 150 ionad i 16 tír ar fud na cruinne. Tá 240 teiripeoir lán-oilte fostaithe ag an charthanacht i 15 ionad ar fud na tíre agus chuireadar comhairle a leasa ar bhreis agus 44,000 le 13 bliain anuas.

Tharraing bunaitheoir na carthanachta, an Seanadóir Joan Freeman, tuilleadh poiblíochta ar a gcuid oibre anuraidh nuair a sheas sí i dtoghchán na huachtaránachta.

Bainfidh Pieta House leas as an airgead ar fad a thiocfaidh ó choinnle Jo Malone do thionscnamh ar a dtugtar The Resilience Academy, scéim oiliúna sé seachtaine a chuirfear ar fáil in iarbhunscoileanna na tíre le cabhrú leis an misneach agus an féinmheas a fhorbairt i ndaoine óga. Díreofar ar dhaltaí sa dara bliain iarbhunscoile agus cabhrófar leo déileáil le coimhlintí agus deacrachtaí, chomh maith le cuidiú leo fadhbanna a réiteach.

Faraor, is sa tír seo atá an ráta féinmharaithe is airde san Eoraip i measc cailíní sna déaga de bhlianta agus an dara ráta is airde san Eoraip imeasc buachaillí san aoisghrúpa sin.

Tá disléicse ar Jo Malone í féin agus d’fhág sí an scoil gan aon cháilíocht acadúil a bhaint amach. Níor stop sin í óna saibhreas a dhéanamh mar dhearthóir agus na brandaí Jo Malone London agus Jo Loves a fhorbairt.

Ceithre cinn de choinnle cumhra atá sa mbailiúchán nua seo do Pieta House, ‘White Lilac & Rhubarb’, ‘Peony & Moss’, ‘Iris & Lady Moore’ agus ‘Lily of the Valley & Ivy’.

Tá €52 an ceann ar na coinnle seo ach tá oiread airgid ag dul as sin chuig an charthanacht fhíormhaith seo gur mór is fiú é. Tá na coinnle le fáil i siopaí Brown Thomas agus Arnotts agus ar líne ó na siopaí céanna sin chomh maith le suíomh gréasáin Jo Malone London.

Fág freagra ar 'Coinnle áille Jo Malone ag tacú le hobair Pieta House'