Coimisiún Imscrúdúcháin á bhunú le líomhaintí stairiúla faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna a fhiosrú

Léirigh tuarascáil go raibh beagnach 2,400 líomhain drochúsáid ghnéasach déanta agus gur tharla a leithéid i mbreis agus 300 scoil sa tír seo a bhí á rith ag oird rialta

Coimisiún Imscrúdúcháin á bhunú le líomhaintí stairiúla faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna a fhiosrú

Tá sé socraithe ag an Rialtas Coimisiún Imscrúdúcháin reachtúil a bhunú leis na líomhaintí atá déanta faoi dhrochúsáid ghnéasach a rinneadh san am a caitheadh i scoileanna ar fud na tíre a fhiosrú, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna.

Fógraíodh an cinneadh inniu i ndiaidh cruinniú Rialtais.

Agus an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ag fógairt an Choimisiúin inniu dúirt sí go gcreideann sise “go bhuil sé riachtanach, mar stát, solas a scaladh ar an gcuid fhíordhorcha seo dár stair, ach é sin a dhéanamh ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do na daoine a d’fhulaing an drochúsáid”.

“An cheist is mó a bhfuil freagra uaimse uirthi, conas a ligeadh don drochúsáid seo dul ar aghaidh chomh fada sin?” a dúirt sí.

Tá obair ar bun chun scéim cúitimh a réiteach do na daoine a d’fhulaing.

Tá imní á léiriú ag polaiteoirí sa bhfreasúra agus lucht feachtais go gcuirfear tuilleadh moille ar an gceist faoi chúiteamh a dhéanamh.

Dúradh i ráiteas ón eagraíocht One in Four: “Tuigimid go bhfuil an scéal seo casta ach tá foighid agus neart go leor léirithe ag na daoine a d’fhulaing. Mar sin tá imní orainn faoin moill bhreise seo.

“Cuireann moill as do na daoine a d’fhulaing an drochúsáid agus d’fhéadfadh go n-éireodh le hinstitiúidí a ndualgais a sheachaint de bharr na moille sin.”

Tuairiscítear gurb é an Breitheamh Michael MacGrath atá le ceapadh ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee ina chathaoirleach ar an gCoimisiún nua.

Sa mbliain 2018 a ceapadh MacGrath chun na hArd-Chúirte agus tá sé sa gCúirt Achomhairc ó 2024.

Sa tuarascáil a choimisiúnaigh an Rialtas ar an bhfiosrúchán scóipe a rinneadh faoin scéal léanmhar seo, dúradh go raibh beagnach 2,400 líomhain drochúsáid ghnéasach déanta agus gur tharla a leithéid i mbreis agus 300 scoil sa tír seo a bhí á rith ag oird rialta.

Dúradh sa tuarascáil sin, a foilsíodh anuraidh, go raibh líomhaintí déanta faoi 884 duine as 42 ord rialta a bhíodh i mbun scoileanna nó atá fós.

Rinneadh 2395 líomhain maidir le drochúsáid ghnéasach i 308 scoil, ach cuirtear fainic leis an bhfigiúr sin agus deirtear gur mór an seans go mbeidh líon na líomhaintí níos mó ná sin mar gur iondúla nach dtuairiscítear go leor den drochúsáid a dhéantar.

Tá níos mó ná leath den 884 duine ar cuireadh drochúsáid ghnéis ina leith san am a caitheadh básaithe faoin tráth seo.

Luaigh údar na tuarascála, an tAbhcóide Sinsearach Mary O’Toole, “go ndearnadh líon an-ard go deo líomhaintí faoi scoileanna speisialta”.

Tuairiscíodh 590 líomhain i 17 scoil speisialta agus iad déanta in aghaidh 190 duine ar fad.

149 duine a rinne líomhaintí agus a rinne agallamh beo le lucht an fhiosrúcháin scóipe nó a chuir aighneacht faoina scéal féin ar fáil.

De réir na tuarascála “gur mhinic foréigean damanta a bheith ina chuid den drochúsáid ghnéasach” agus bhí sé le rá ag go leor de na daoine a d’fhulaing an drochúsáid gur “tháinig deireadh lena n-óige an lá ar thosaigh an drochúsáid ghnéasach”.

Bhain fianaise na ndaoine a gortaíodh leis na blianta ó na 1960idí go dtí na 1990idí.

Cuireadh litir go dtí na daoine a d’fhulaing agus a thug a scéal don Fhiosrúchán Scóipe ag dearbhú dóibh go bhfuil an Rialtas tar éis a bheannacht a thabhairt an Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú go hoifigiúil.

Fág freagra ar 'Coimisiún Imscrúdúcháin á bhunú le líomhaintí stairiúla faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna a fhiosrú'