Coimisiún ag iarraidh an omerta a shárú i gcás Nairac

Deir Sinn Féin nach ‘easnamhach’ a bheadh gluaiseacht na poblachta dá mbunófaí córas chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí agus le coireanna stairiúla. Tá sé in am dóibh beart de réir briathair a dhéanamh…

_44674530_robertposter

Tá obair fhiúntach déanta ag an gCoimisiún um Aimsiú Taisí Íospartach le sé bliana déag anuas, ach tá ceathrar den ghrúpa ar a dtugtar na ‘disappeared’ fós ar iarraidh. Sé dhuine dhéag a bhí ar liosta an Choimisiúin, bean amháin, Jean McConville agus 15 fear. D’fhuadaigh poblachtánaigh iad, mharaíodar iad agus cuireadh iad i bportaigh, i gcoillte nó ar thránna i ngan fhios dá muintir.

An tseachtain seo thart, ghlac an Coimisiún céim neamhghnách. Don chéad uair ó bunaíodh é i 1999 rinne lucht an Choimisiúin achainí, ag iarraidh eolais faoi dhuine amháin nach raibh smid faisnéise tugtha faoi go dtí seo. ‘Sé sin an Captaen Robert Nairac, saighdiúir Breataineach ar mharaigh an tIRA é i 1977. Bhí sé intuigthe ó achainí an Choimisiúin nach de sheans a tharla sé nach bhfuaireadar eolas faoi Nairac. Glacadh leis le fada go raibh drogall ar dhaoine eolas a thabhairt faoin gcás áirithe seo. D’impigh an Coimisiún ar dhaoine gan idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach bhfuil fuascailte fós. Go bunúsach, theastaigh uathu go gcuirfí deireadh leis an rúndacht, an omerta faoin saighdiúir conspóideach.

Cé nach bhfuil taisí Columba McVeigh ná Joe Lynskey faighte ach an oiread, tugadh eolas don Choimisiún faoi áiteanna i gContae Mhuineacháin agus i gContae na Mí, fá seach, inar chuir an tIRA iad a deirtear. Rinneadh an-chuid cuardaigh in aisce, ach leanfar leis an obair. Sa Fhrainc a mharaigh an tINLA Seamus Ruddy agus rinneadh cuardach in aisce sa Normainn. Tá a mhuintir sin go léir i mbun feachtais, go seasta, iad ag iarraidh a bheith in ann na fir a adhlacadh le deasghnátha na heaglaise.

Chaith teaghlaigh blianta fada gan eolas faoi céard a tharla dá muintir, gan a fhios acu an raibh siad beo nó marbh. Íde uafásach do na gaolta sa mullach ar an íde a tugadh do na híospartaigh féin. Anois, ó tá a fhios gur dúnmharaíodh iad ‘sé an rud is lú ata dlite dá ngaolta go mbeidís in ann a dhul ag uaigh. Tá an dínit sin dlite do mhuintir an cheathrair atá ar iarraidh, a deir an Coimisiún, muintir Robert Nairac san áireamh.

Fear áithrid, neamhghnách ab ea Nairac. Caitliceach Sasanach a d’fhreastail ar scoil phríobháideach Ampleforth. Céimí de chuid Oxford, bhí sé in ainm is a bheith sna Grenadier Guards d’Arm na Breataine ach bhí sé ag obair faoi cheilt, ag bailiú faisnéise. D’ainneoin a dhualgais rúnda tharraingíodh sé aird air féin, deirtear. Bhíodh sé ag ligean air féin gur Bhéal Feirsteach é, thrasnaíodh sé an teorainn agus ba mhinic é i dtábhairní i ndeisceart Ard Mhacha, i gceantair phoblachtánacha, ag casadh amhrán réabhlóideacha.

Is i dteach tábhairne in aice na teorann a bhí se an oíche a d’ionsaigh an tIRA é. D’éirigh le buíon é a cheansú agus a thabhairt trasna na teorann go Gleann na bhFiach, áit, a deirtear, ar deineadh ciapadh air d’fhonn eolas a sracadh as sular maraíodh é. Ciontaíodh seisear as an eachtra agus d’imigh triúr ar a dteitheadh go Meiriceá. Bhí ráflaí ann gur cuireadh a chorp trí mheaisín próiseála feola ach séanadh an méid sin seacht mbliana ó shin nuair a dúradh gur cuireadh sa choill é ach gur tháinig ainmhithe ar an gcorp agus go mb’éigean é a aistriú agus a athchur.

Bíodh na scéalta sin fíor nó bréagach níl tada tugtha don Choimisiún. An bhfuil seans go n-athróidh sé sin i bhfianaise eachtraí nua? Tá brú mór ar na húdaráis, tá an Roinn Cosanta, an Rialtas agus an PSNI cáinte go géar ag an mBreitheamh Weir mar gheall ar fhaillí ar an imscrúdú. Tá brú orthu freisin i dtaca le hiompar a ngníomhairí san IRA. Tá ‘Stakeknife’ á fhiosrú ag póilíní seachtracha as dúnmharaithe agus tá buamáil na Seanchille i 1993 á fiosrú ag Ombudsman na bPóilíní de bharr líomhaintí gur thug gníomhaire san IRA réamheolas don RUC ach nach ndearna siad tada chun saoránaigh a chosaint.

Deir Sinn Féin nach “easnamhach” a bheadh gluaiseacht na poblachta dá mbunófaí córas chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí agus le coireanna stairiúla. Níl sé soiléir céard atá i gceist acu leis an nath sin. Pé rud is brí leis, tús maith a bheadh ann eolas (le faoiseamh ó chúiseamh de réir reachta) a thabhairt don Choimisiún faoi chás Robert Nairac.

Fág freagra ar 'Coimisiún ag iarraidh an omerta a shárú i gcás Nairac'