Coimisinéir Teanga agus cearta Gaeilge geallta go hoifigiúil ag Arlene Foster agus Michelle O’Neill

D’fhógair Arlene Foster agus Michelle O’Neill, Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, na chéad chéimeanna maidir le billí teanga a thabhairt isteach ó thuaidh i gcomhráiteas faoina gclár reachtaíochta

Coimisinéir Teanga agus cearta Gaeilge geallta go hoifigiúil ag Arlene Foster agus Michelle O’Neill

Tá na chéad chéimeanna maidir le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach ó thuaidh fógartha ag Arlene Foster agus Michelle O’Neill, Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh gur “céim thábhachtach” don Ghaeilge a bhí i gcomhráiteas cheannaire an DUP agus ceannaire Shinn Féin ó thuaidh.

Leagtar amach sa chomhráiteas clár reachtaíochta fheidhmeannas athbhunaithe Stormont.

Geallann Foster agus O’Neill sa chuid den chomhráiteas a bhaineann le cúrsaí Gaeilge go dtabharfaidh siad isteach “pacáiste in a bhfuil trí phíosa reachtaíochta” mar atá geallta sa mhargadh faoinar athbhunaíodh an feidhmeannas, New Decade, New Approach.

Trí bhille a thabharfar isteach chun leasú a dhéanamh ar Acht Thuaisceart Éireann 1998.

Faoin gcéad bhille bunófar Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúr agus chuirfí ar ceal ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, an dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Faoin dara bille ceapfar Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus tabharfar stádas oifigiúil don Ghaeilge.

Faoin tríú bille ceapfar Coimisinéir chun an Ultais agus an cultúr a bhaineann léi agus leis an dtraidisiún Briotanach Ultach a a chur chun cinn. Leagfar dualgas sa bhille sin chomh maith ar  an Roinn Oideachais i dtaobh na hUltaise.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí de chuid An Dream Dearg, gur “céim thábhachtach” í go bhfuil an reachtaíocht Ghaeilge curtha ar chlár an fheidhmeannais agus gur díol suntais é fógra oifigiúl a bheith déanta ag an DUP ina leith. Mar sin féin, dúirt sé nach raibh sé ag déanamh talamh slán de thacaíocht an DUP do chearta teanga phobal na Gaeilge.

“Níl muid iontach múiníneach go gcuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm de réir mar atá geallta. Tá a a fhios againn go mbeidh deiseanna acu cur isteach ar an reachtaíocht go fóill. Caithfidh na polaiteoirí a bheith toilteanach agus dílis don mhargadh. 

“Ó thaobh na Gaeilge de, níl an reachtaíocht seo foirfe, ná níl sé fiú cóngarach do bheith foirfe. Ach beidh muid ag súil go gcuirfear an méid atá geallta i bhfeidhm sa dlí. Beidh orainn tionchar a imirt ar an Choimisinéir Teanga, agus ar na caighdeáin dea-chleachtais, atá ar an chuid is tábhachtaí den reachtaíocht.”

Dúirt urlabhraí An Dream Dearg go ndéanfaí iarracht a chinntiú go mbeidh na caigdeáin faoina leagfar síos na seirbhísí a chuirfear ar fáil i nGaeilge bunaithe ar na caighdeáin atá i réim in áiteanna amhail an Bhreatain Bheag agus Ceanada.

“Cuireann an fógra seo dlús le cúrsaí ach is gá anois go mbeidh amchlár leagtha síos ag an fheidhmeannas le go gcuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm. 

“Faoi láthair, níl mórán muiníne ag pobal na Gaeilge sa reachtaíocht atá geallta agus tá gá le hamchlár,” arsa Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón Dream Dearg.

Fág freagra ar 'Coimisinéir Teanga agus cearta Gaeilge geallta go hoifigiúil ag Arlene Foster agus Michelle O’Neill'