‘Léamh é! Léamh é!’ a d’ordaigh an Babaí dom. Shín sé chugam Bran agus na Dathanna. Bhí sé in am codlata. D’oscail mé an leabhar agus thosaigh mé ag léamh. ‘Gorm. Éan gorm.’
Ní chuimhním go beacht cé mhéid uair atá sé léite agam. Cén chaoi a raibh an saol nuair nach raibh orm é a léamh os ard gach oíche? An raibh an t-aer níos milse? An raibh an spéir níos goirme? An raibh port meidhreach agam i mo chroí?
‘Ok,’ a dúirt mé, ‘codladh anois.’
Ansin shín sé chugam Baba agus Jeaic: Bia Blasta, leabhar eile atá ar bharr an liosta aige. ‘Ok, ceann amháin eile,’ a dúirt mé.
D’oscail mé an leabhar agus thosaigh mé ag léamh. ‘Tá sé in am bia ag Baba agus Jeaic. Tá a gcuid bibeanna orthu.’
Bhí áthas orm mar thuismitheoir nuair a léigh mé an líne sin den chéad uair. Níl leath a dhóthain béime i litríocht na n-óg ar bhibeannaí agus an tábhacht a bhaineann le do chuid éadaí a choinneáil glan.
‘Ok,’ a dúirt mé ‘tá an scéal thart. Codladh anois.’
Léim sé anuas den leaba de bhuille is chuaigh anonn ag an gcarnán leabhar cairtchláir. Is orm fhéin a bhí an locht dháiríre, dá mbeadh aon chiall beo agam bheadh an carnán sin curtha i bhfolach agam.
Phioc sé suas Tá Bran ar an bhFeirm agus chaith suas ar an leaba é mar a dhéanfadh dreapadóir aille ar bharr sléibhe. Ansin thug sé faoin bhfána géar aníos ón urlár go barr na leapan. Shuigh mé ar an leaba ag breathnú air agus é ar a mhíle dhícheall é fhéin a tharraingt suas ar an leaba. Éireoidh leis luath nó mall, a chuimhnigh mé, agus beidh ort leabhar eile a léamh.
‘Léamh é! Léamh é!’ a d’ordaigh sé agus rinne nead beag compordach dhó fhéin istigh faoi m’ascaill.
Bhuail fonn éalaithe mé. D’fhéadfainn siúl anonn ag an doras agus imeacht. Nach raibh mo dhualgas déanta agam? Nach gníomh cruálach, míthrócaireach a bhí ann a bheith ag súil go léifinn ceann eile?
‘Léamh é! Léamh é!’ a d’ordaigh mo shaidhleoir dom.
Ghéill mé. ‘Ok, ok, tóg go réidh é! Ceann amháin eile agus ansin – codladh,’ a dúirt mé. D’oscail mé an leabhar agus thosaigh á léamh. ‘Níl aon obair agamsa dhuit a Bhrain, arsa an capall.’
Chonaic mé é ag cuimilt na súl. Las splanc dóchais i mo chroí.
‘Solas! As! Solas!’ a d’ordaigh sé. ‘Codladh!’
Fág freagra ar '‘Codladh anois!’ – ach Baba, Jeaic, bibeanna agus Bran ar dtús!'