Cnuasach taistil á sheoladh, ceiliúradh ar scannáin LADTA, Aisteoirí an Bhaile i gCorr na Móna, ‘Crá’ ar ais ar TG4

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Cnuasach taistil á sheoladh, ceiliúradh ar scannáin LADTA, Aisteoirí an Bhaile i gCorr na Móna, ‘Crá’ ar ais ar TG4

LEABHAIR

Cnuasach scríbhinní taistil á sheoladh ag Coiscéim i UCD

Tá cruth nua curtha ar na foilsitheoirí Coiscéim agus oidhreacht an chomhlachta á tabhairt ar aghaidh glúin eile. Seolfar an chéad leabhar de chuid an phreasa nua tráthnóna inniu ag ócáid sa gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Ag an ócáid tráthnóna, seolfaidh an tOllamh Michael Cronin (TCD) Eachtraí san Eoraip: scríbhneoireacht taistil i nGaeilge ó thús an fhichiú céad go nuige seo atá curtha in eagar ag Kate Uí Chíobháin, Meidhbhín Ní Úrdail, Joachim Fischer.

Tugann an saothar samplaí den scríbhneoireacht taistil le chéile agus é roinnte amach i dtréimhsí éagsúla ag tosú i 1907 agus an chéad iontráil atá ann ná sliocht as Seilg i measc na nAlp le Micheál Breathnach, scríbhneoir as an Lochán Beag i gConamara é. Don tréimhse idir na 1920idí agus na 1940idí tá míreanna le Micheál Mac Liammóir ‘Festa Sisiliánach’, agus le ‘Máire’ (Seamus Ó Grianna), ‘Aithne na mbó maol ar chnoc Gianicolo’ i measc scríbhinní eile. Tá rogha mhór sleachta tugtha le chéile sa leabhar agus saothar a foilsíodh le 20 bliain anuas ann le scríbhneoirí amhail Alan Titley, Seosaimhín Ní Bheaglaoich agus Domhnall Mac Síthigh.

Cuirfidh Colm Ó Snodaigh, mac le Pádraig, a bhfuil an fiontar nua faoina chúram anois, an bord comhairleach i láthair an lucht éisteachta ag an seoladh. Beidh ceol beo le Kíla le cloisteáil agus deis le sláinte Coiscéim, mar a bhí is mar a bheidh, a ól.

Cuirfear an ócáid ar bun sa UCD Global Lounge, ar urlár na talún, foirgneamh na príomhbhialainne anocht, Dé hAoine, an 6 Feabhra ag tosú ag 6pm.

SCANNÁIN

Ceiliúradh ar scannánaíocht LADTA+ na Gaeilge

Beidh oíche speisialta anocht atá tiomnaithe do scannáin Ghaeilge agus Éireannacha LADTA+ ag Queer Vision 2026, Féile Scannán Idirnáisiúnta LADTA+ Phort Láirge i gcomhar le Bród na nDéise. Beidh scannáin san iomaíocht do dhá ghradam An Léiriúchán is Fearr as Éirinn agus An Léiriúchán is Fearr i nGaeilge.

San oíche anocht, Dé hAoine, 6 Feabhra, taispeánfar An Talamh faoi Gheasa in éineacht le réimse scannán ó scannánóirí Éireannacha agus Gaeilge. Fíonn an gearrscannán seo scéal miotaseolaíoch Indiach leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin, taispeánfar dhá scannán sa Bhabhta Ceannais: An Léiriúchán is Fearr i nGaeilge, Claonadh le Ciara Ní É agus Corcaigh Trí Thine le Andrea Foley, na scannáin atá san iomaíocht don ghradam ar an oíche.

Beidh an fhéile féin ar siúl anocht agus amárach, Dé Sathairn an 7 Feabhra agus taispeánfar na scannáin in Ionad Ealaíon Garter Lane i bPort Láirge. Tá costas €30 ar phas deireadh seachtaine nó €13 ar ghnáth-thicéad agus €11 ticéad ar lascaine.

Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.

TEILIFÍS

CRÁ ag teacht ar ais don dara séasúr

Tá an Garda Conall Ó Súilleabháin ar ais ar an bportach arís agus tús curtha leis an scannánaíocht don dara sraith den choirdhráma Crá. Bhí an-rath ar an gcéad sraith, léiriú de chuid Fíbín agus Zoogan Ltd. do TG4 agus BBC Gaeilge. Díoladh an tsraith le 68 tír faoin teideal idirnáisiúnta Boglands.  

Fuair an Garda Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí) amach ag deireadh na chéad sraithe céard a tharla dá mháthair Sabine a bhfuarthas a corp curtha go mistéireach sa bportach. Sa dara sraith, fiosrófar saol pearsanta agus gairmiúil an lucht dlí atá ag obair i gceantar gar don teorainn nach bhfuil mór airde ann ar an dlí agus beidh ar Chonall, atá ag traenáil le bheith ina bhleachtaire, aghaidh a thabhairt ar an am atá caite chun dul ar aghaidh sa saol.

Ag filleadh don tsraith ina sé cuid seo beidh Dónall Ó Héalaí, Alex Murphy, Hannah Brady agus Colm Mac Giolla Easbuic.

I measc na n-aisteoirí nua a bheidh le feiceáil sa tsraith seo beidh Siobhán O’Kelly, Lochlann Ó Mearáin, Art Parkinson, Aoife Nic Ardghail agus Tony Devlin

Is féidir breathnú siar ar an gcéad sraith ar sheinnteoir TG4 anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

Aisteoirí an Bhaile i gCorr na Móna

Tá Aisteoirí an Bhaile, grúpa bríomhar aisteoireachta as Maigh Cuilinn i gConamara, ar ais ar an stáitse le dhá léiriú nua, An Deoraí agus Wake in the West. Scrúdaíonn An Deoraí téamaí imirce agus caillteanais trí lionsa an American Wake i dtús an 20ú céad. Scríobh an drámadóir as Maigh Cuilinn, Lorcan Ó Tuathail an dráma i dtús na 1900idí mar agóid in aghaidh na himirce agus é bunaithe ar an ócáid a bhíodh ag daoine agus iad ag fágáil slán sula dtugaidís siad aghaidh ar Mheiriceá. Is minic nach bhfillfeadh siad ar an mbaile arís ina dhiaidh sin.

Sa dráma Béarla Wake in the West, atá scríofa ag Michael J. Ginnelly, casann muid le clann agus comharsana ‘Tom Healy’ agus iad ag streachailte ag iarraidh a mhian deiridh sular bhásaigh sé a chomhlíonadh – is é sin ná go gcuirfí a chorp amach ar muir. Gealltar neart diabhlaíochta, míthuiscintí agus athbheochan ar sheanchaidreamh sa dráma.

Beidh an dá dhráma ar siúl mar bhille dúbailte in Áras Phobal Chorr na Móna Dé Sathairn an 7 Feabhra ag tosú ag 7.30pm.

Fág freagra ar 'Cnuasach taistil á sheoladh, ceiliúradh ar scannáin LADTA, Aisteoirí an Bhaile i gCorr na Móna, ‘Crá’ ar ais ar TG4'