Cluichí móra peile na deireadh seachtaine seo

Tá cluichí suimiúla i ngach cúige an deireadh seachtaine seo, na coimhlintí idir Dún na nGall agus Ard Mhacha in Ulaidh agus Corcaigh agus an Clár sa Mumhain ina measc

GAA Football All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 9/8/2014 Donegal vs Armagh Donegal's Neil McGee and Jamie Clarke of Armagh Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Neil McGee ó Dhún na nGall agus  Jamie Clarke ó Ard Mhaca
©INPHO/Cathal Noonan

Cé gur cuireadh tús le craobh peile na bliana seo os cionn mí ó shin, tá muid fós ag fanacht le cúpla cluiche a chuirfidh ruainne beochta sa samhradh. Ag breathnú chun cinn ar chuid de na coimhlintí a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo, seans go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin go luath.

Is é cath na nUltach idir Ard Mhacha agus Dún na nGall ar an Domhnach ceann de cluichí is suimiúla fós. Is follasach an bhearna idir na foirne seo ó 2011. Ó shin, tá 14 as 15 chluiche buaite ag fir Thír Chonaill, (cluiche ceannais Uladh i 2013 an t-aon cheann atá caillte acu), ach le linn na tréimhse céanna, níl ach dhá chluiche buaite ag Ard Mhacha as seacht gcinn.

Tá Kieran McGeeney tagtha isteach i mbliana agus tá dul chun cinn déanta cheana féin aige; aiseag beatha tugtha aige dá chontae dúchais. Cé gur thit siad go Roinn 3 anuraidh, bhain Ard Mhacha ardú céime amach faoi cheannas ‘Geezer’ san earrach agus tá an tuairim ann go n-éireoidh leo teacht aniar aduaidh ar fhoirne móra i rith an tsamhraidh.

Is iad Dún na nGall rogha na coitiantachta chun craobh an chúige a bhuachan ach scrúdú mór dóibh an cluiche seo ar an Domhnach, cluiche níos deacra, b’fhéidir, ná an ceann a bhuaigh siad in aghaidh Thír Eoghain cúpla seachtain ó shin. Tá cur amach níos fearr ag Dún na nGall ar fhoireann Mickey Harte – is é seo an chéad uair a casadh Ard Mhaca leo i gCúige Uladh ó 2007.

Chas siad ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann anuraidh agus tháinig Dún na nGall slán agus aon phointe amháin le spáráil acu, 1-12 in aghaidh 1-11. Bhí Ard Mhacha chun cinn le trí nóiméad fágtha ach bhí an lá le foireann Jim McGuinness a bhuí le pointí ó Michael Murphy agus Paddy McBrearty.

Tá bainisteoirí nua i bhfeighil ar na foirne ó shin agus, cé go bhfuil forbairt déanta ag McGeeney, seans go bhfuil níos mó tuisceana ag imreoirí Dhún na nGall ar céard atá ag teastáil ó Rory Gallagher.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Munster GAA Football Senior Championship Final, Gaelic Grounds, Co. Limerick 8/7/2012  Cork vs Clare Clare's Gary Brennan and Denis O'Sullivan of Cork Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Gary Brennan ó chondae an Chláir agus Denis O’Sullivan ó Chorcaigh
 ©INPHO/James Crombie

Tar éis feachtas sraithe inar éirigh go maith leo, seans go bhfuil lucht leanúna an Chláir dóchasach go mbeadh siad in ann dúshlán éigin a thabhairt do Chorcaigh sa chluiche craoibhe seo ar an Domhnach. Chuirfeadh an bua in aghaidh Luimnigh coicís ó shin lena misneach ach, faraor, drochscéalta ar fad atá ann le cúpla seachtain anuas maidir le gortuithe.

As measc na seisear tosaithe a thosaigh in aghaidh Chiarraí sa gcraobh anuraidh, tá cúigear acu gortaithe don chluiche seo. Ní imreoidh Podge Collins ar chor ar bith an samhradh seo tar éis dó a ghlúin a ghortú ag imirt don Chreathlach.

Níl haon chúnamh do chás an Chláir fianaise na staire ach an oiread agus gan ach cluiche craoibhe amháin buaite acu in aghaidh Chorcaí ó 1942. Bhí bua gan choinne acu i 1997, 1-14 in aghaidh 1-13, ach sa cheithre chluiche ó shin, is le 12 phointe a bhuaigh Corcaigh ar an meán.

Níl cluiche imeartha ag foireann Brian Cuthbert ó chaill siad go trom i gcluiche ceannais na sraithe in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus beidh siad ag iarraidh an drochthaispeántas a ruaigeadh as a n-intinn agus iad ag baile i bPáirc Uí Rinn. Tá cúpla gortú ag cur as do Chorcaigh iad féin ach ba cheart go róláidir fós don fhreasúra.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

 


Dé Domhnaigh, 11 Meitheamh

Craobh Peile Chonnacht – Babhta Leathcheannais

Gaillimh v Maigh Eo, Páirc an Phiarsaigh, 4i.n.

Craobh Peile Laighean – Babhta Ceathrú Ceannais

An Mhí v Cill Mhantáin, Páirc Tailteann, 3.30i.n.

An Iarmhí v Loch Garman, Páirc Uí Chíosóg, 3.30i.n.

Craobh Peile Mumhan – Babhta Leathcheannais

Tiobraid Árann v Ciarraí, Staid Semple, 3.30i.n.

Corcaigh v An Clár, Páirc Uí Rinn, 3.30i.n.

Craobh Peile Uladh – Babhta Ceathrú Ceannais

Ard Mhacha v Dún na nGall, Páirc Lúthchleasaíochta, 2i.n.

Corn Christy Ring – Babhta Cáilithe/Dícháilithe

Maigh Eo v Ros Comáin, Páirc an Phiarsaigh, 1.45i.n.

Fág freagra ar 'Cluichí móra peile na deireadh seachtaine seo'