Cluichí faoi aois fiúntacha oscailte romhainn

Ar na craobhacha faoi aois a bheidh aird lucht na hiomána an deireadh seachtaine seo

Cluichí faoi aois fiúntacha oscailte romhainn

A leithéid de Dhomhnach iomána a bhí againn seachtain ó shin. Bhí ardchluichí againn sa dá chúige agus, mar a bhí gach deireadh seachtaine ó thosnaigh an craobhchomórtas, bhí cúpla toradh againn nach raibh súil leo.

Agus sa dá chúige ní rabhamar cinnte go dtí gur séideadh an fhead deiridh sa chluiche deiridh cé a bhí fós sa chraobh, cé a bhí sa tríú háit agus, i gcás Chúige Laighean, cé a bhí dícháilithe.

Agus is dócha ag deireadh an lae go raibh na torthaí mar a bhí á dtuar ag an tús –  Cill Chainnigh agus an Ghaillimh sa chluiche ceannais i gcúige Laighean agus Luimneach agus an an Clár á fhéachaint le chéile i gcúige Mumhan.

I dtús báire, comhghairdeachas le Loch Garman faoina mbua iontach agus iad faoi bhrú damanta agus comhbhrón le Corcaigh a d’imir ardchluiche i gcoinne Luimnigh ach gur theip ar éigean orthu sa deireadh. Comhghairdeachas freisin le Ceatharlach a chroch corn Sheosaimh Mhic Dhonncha leo i ndiaidh am breise. Cheapas go raibh caighdeán ard sa chluiche agus ar an iomlán go raibh an bua tuillte ag Ceatharlach.

B’fhéidir go bhfuil córas níos fearr ag teastáil do na foirne sin a thagann suas go dtí Corn Mhic Cárthaigh agus a théann síos rómhinic arís an bhliain dár gcionn. Tá cúpla bliain ar a laghad ag teastáil ag na foirne a bhuann Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Ar na craobhacha faoi aois a bheidh aird lucht na hiomána an deireadh seachtaine seo.

Le blianta fada, tá cluichí iontacha oscailte feicthe againn sa ghrád faoi 21. Dar ndóigh tá sé sin athraithe go dtí faoi 20 ach is ann i gcónaí don tsoineantacht ó thaobh stíle agus imeartha. Go dtí i mbliana ba chomórtas craoibhe ceart é gan aon dara seans ag éinne, ach i mbliana imríodh é mar a imrítear an chraobh shinsir sna cúigí. Agus bhí cuid mhaith cluichí an- mhaith againn sa dá chúige. Bhí dhá chluiche ceannais thar na bearta againn agus is trua agus is trua nach raibh an dara seans ag na foirne a chaill mar atá i gcomórtas na mionúr.

Ach bhí buaiteoirí maithe againn leis agus tabharfaidh siad faoina chéile agus súil ar na coirn acu.

I gcúige Mumhan tá Corcaigh mar rogha na coitiantachta agus iad thar a bheith sásta go bhfuil cead imeartha ag réalta na sinsear Eoin Downey. Beidh réalta sinsir Uíbh Fhailí ábalta imirt freisin. Thosnaigh  Sam Bourke agus Charlie Mitchell leis an bhfoireann shinsir i gcoinne Cheatharlach seachtain ó shin. Chonac an dá chluiche ceannais cúige agus tá cuid mhaith imreoirí iontacha ar an dá thaobh. Seasann beirt tosaithe amach domsa – Ben Cunningham Chorcaí agus Adam Screeney Uíbh Fhailí.

Is féidir a bheith cinnte go leor go mbeidh tionchar mór ag an dá imreoir sin ar an imirt agus ar an toradh. Táim ag súil le slua mhór i nDurlas Éile amárach agus gan dabht táim ag súil chomh maith le hardchluiche agus an bua ag Corcaigh.

I gcluiche ceannais na mionúr a bheidh ar siúl san ionad céanna amárach tá an Ghaillimh mar rogha mhór na coitiantachta agus an-mheas ar an bhfoireann seo. Tá comparáid á déanamh idir an fhoireann seo agus foireann Joe Canning in 2004-05. Ach tá dóchas ann go bhfuil foireann seo an Chláir cuid mhaith níos fearr ná na foirne eile. Thosaigh formhór na n-imreoirí seo leis an Acadamh Faoi Aois a bunaíodh sa chontae ceithre bliana ó shin faoi stiúir Rob Mulcahy. Bhí ochtar d’fhoireann na bliana seo ar an bhfoireann a chaill cluiche ceannais na Mumhan anuraidh agus a chaill amach níos déanaí i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Mar sin tá cuid mhaith taithí ag an ngrúpa agus beidh an taithí sin ag teastáil i gcoinne foireann thar a bheith ábalta chontae na Gaillimhe. Táim ag súil le hardchoimhlint.

Agus inniu beidh tráthnóna mór iomána sa cheanncheathrú, áit a mbeidh corn Lory Meagher, idir Muineachán agus Lanchashire, corn Nicky Rackard idir Dún na nGall agus Cill Mhantáin, agus corn Christy Ring, idir Doire agus An Mhí, ar siúl. Beidh na cluichí beo ar YouTube TG4.

Fág freagra ar 'Cluichí faoi aois fiúntacha oscailte romhainn'