Cluiche pócar bás nó beatha idir Zelensky agus Trump

Ní bheidh sé chomh héasca ag Donald Trump rudaí a chur ina luí ar mhuintir na hÚcráine is a shíleann sé

Cluiche pócar bás nó beatha idir Zelensky agus Trump

Creideann tráchtairí áirithe go bhféadfadh teoiric an fhir mhire a bheith ina buntáiste ag Trump agus é ag iarraidh deireadh a chur le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I 1517 mhaígh Machiavelli gur beart críonna uaireanta a chur i gcéill go bhfuil tú as do mheabhair. Chreid Richard Nixon freisin sa teoiric go bhféadfá a chur ina luí ar do chéile comhraic tarraingt siar trí ligint ort go raibh tú as do mheabhair. Bhain sé triail as an teoiric sin a chur i bhfeidhm ina chaidreamh leis an Aontas Sóivéadach agus chun brú a chur ar rialtas Thuaisceart Vítneam dul i mbun idirbheartaíochta chun deireadh a chur leis an gcogadh ansin.

Tá roinnt comhairleoirí ag moladh do Trump gur chóir dó a rá leis an Úcráin go stopfaidh sé an tacaíocht mhíleata mura ndéanann siad comhréiteach leis an Rúis agus a rá le Putin go méadóidh sé a thacaíocht go mór don Úcráin mura n-éiríonn sé siúd as an gcogadh. D’fhéadfadh teoiric an fhir mhire cabhrú go héifeachtach chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Dar ndóigh tuigeann Putin an teoiric seo freisin agus tá leas bainte aige féin as lena bhagairtí núicléacha ar an Iarthar.

Tá JD Vance tar éis lámh idirbheartaíochta Trump a lagú, áfach. Bhí Trump fhéin cúramach gan aon sonraí a thabhairt faoi cén chuma a bheadh ar mhargadh síochána san Úcráin. Is cur chuige stuama é sin roimh thús aon bhabhta idirbheartaíochta. Ach ansin d’oscail JD Vance a bhéal i Meán Fómhair agus thug sé uaidh nach mór gach rud a bhí ag teastáil ó Putin nuair a rinne sé cur síos ar cén chuma a bheadh ar shocrú síochána – choimeádfadh an Rúis na críocha gafa ar fad agus bheadh barántas ann go bhfanfadh an Úcráin neodrach. Níl leabhar Trump The Art of the Deal léite agam ach táim cinnte nár mhol sé a rá leis an taobh eile cad í do bhunlíne mhargaíochta sula dtosaíonn an mhargaíocht.

Míbhuntáiste eile atá ag Trump ná nach bhfuil aon tuiscint aige ar an Úcráin nó ar Úcránaigh. Measaimse ó mo thaithí féin ar Úcránaigh nach mbeidh sé chomh héasca a chur ina luí orthu rudaí áirithe a ghéilleadh is a shíleann Trump.

Nílim ag caint faoi na críocha gafa – is dócha go dtuigeann Úcránaigh ina gcroíthe istigh nach féidir leo na críocha gafa a ghabháil ar ais leis an lámh láidir agus go mbeidh orthu glacadh leis nach mbeidh siad faoi smacht na hÚcráine arís go luath – bíodh sin mar aitheantas de factode jure ar smacht na Rúise sna críocha sin.

An rud nach bhfuil aon tuiscint ag Trump air, ná ag go leor daoine san iarthar, dar liom, ná cé chomh mór ina dris chosáin a bheidh ceist bhallraíocht NATO roimh aon socrú síochána. Deir daoine, agus dealramh leis an tuairim, nach bhfuil aon slí go nglacfaidh Putin le ballraíocht na hÚcráine i NATO mar chuid de shocrú síochána. Ach éinne a chaitheann am ar bith ag éisteacht le hÚcránaigh tuigeann sé nach bhfuil seans ar bith go gcuirfidh siad a muinín i socrú a bheidh ag brath ar fhocal Vladamir Putin nach n-ionsóidh sé arís iad. Bhain siad triail as sin cheana i meamram Budapest agus níor oibrigh sé. Ansin bhain siad triail as a n-airm a neartú mar bhealach chun ionsaí a bhacadh ach níor oibrigh sé sin ach an oiread. Sin an fáth go bhfuil siad meáite ar bhallraíocht i NATO a bhaint amach mar bharántas slándála ar féidir leo brath air.

Níl éinne eile a bheadh i ndáiríre ábalta barántas, a bhféadfaí brath air, a thabhairt don Úcráin ach tíortha ar baill de NATO iad, bíodh sin laistigh nó lasmuigh de struchtúr NATO. Beidh sé sin ar an dris chosáin is mó roimh shocrú síochána measaim agus níl aon tuiscint ag Trump – nó ag formhór tráchtairí agus polaiteoirí san iarthar – air sin. An féidir leis an Úcráin a bheith ‘neodrach’ go leor do Putin agus cineál éigin barántas slándála éifeachtach a bheith acu ag an am céanna a shásóidh na hÚcránaigh? Sin dúshlán mór taidhleoireachta agus idirbheartaíochta.

B’fhéidir go ndéarfaidh daoine go bhfuil lámh Zelensky lag agus go mbeidh air géilleadh do pé éileamh a dhéanann Trump air. Ach dúirt na daoine céanna go dtitfeadh Cív laistigh de chúpla lá ag tús an chogaidh. Bhí lámh Zelensky lag an t-am sin agus féach gur imir sé go paiteanta í. Seans nach fíor go litriúil go ndúirt sé gur armlón seachas síob ar héileacaptar amach as an Úcráin a bhí de dhíth air. Ach chuaigh sé sa seans lena bheatha fhéin agus d’éirigh leis an bua iomlán tapa a raibh cuma dhosheachanta air a shéanadh ar Putin.

Tuigeann Zelensky nach maith le Trump cuma lag a bheith air agus tá sé ag leagan béim air sin cheana féin ina ráitis phoiblí faoi thoghadh Trump. Má éiríonn Trump sáite in iarrachtaí socrú a dhéanamh leis an Rúis faoin Úcráin ní bheidh sé ag iarraidh go mbeidh le rá ag daoine gur theip air nó gur ghéill sé an Úcráin do Putin. Beidh le feiceáil an éireoidh le Zelensky uair amháin eile cluiche pócar bás nó beatha a bhuachaint le lámh lag.

Fág freagra ar 'Cluiche pócar bás nó beatha idir Zelensky agus Trump'