Cluiche daor – na deich n-earra cuimhneacháin spóirt is mó ar tugadh airgead orthu riamh

Níl cultúr na n-earraí cuimhneacháin baol ar chomh láidir in aon spórt eile agus atá sé sa daorchluiche, nó baseball

Níl deireadh ar bith leis an tóir a bhíonn ag luch leanta spóirt sna Stáit Aontaithe ar chuile chineál earra cuimhneacháin. An €5 milliún a tugadh an tseachtain seo caite ar gheansaí imeartha a chaith an t-imreoir daorchluiche nó baseball Babe Ruth i ndeireadh na 1920idí an cruthúnas is deireanaí air sin.

D’éirigh Ruth as an imirt i 1937 agus bhásaigh sé aon bhliain déag dár gcionn.

Is feisteas imeartha de chineál éicint a chaith an Babe agus bataí nó liathróidí a bhuail sé atá i mbeagnach leath de na deich n-earra cuimhneacháin is mó ar tugadh airgead orthu ag ceantanna. Is leis an spórt a chleacht sé péire eile. Seachas iad sin níl san áireamh ach péire miotóga dornálaíochta, geansaí a bhaineann le haca oighir mar aon le cóipeanna bunaidh de rialacha an tsacair agus na cispheile.

D’fhéadfá a rá go mba le teacht na gcártaí baseball os cionn céad go leith bliain ó shin a thosaigh an nós a bheith ag carnadh traipisí, nós atá ina neart i gcónaí. Pictiúir imreora, foirne nó staide a bhíonn orthu agus i dtús aimsire ba mhinic go mbíodh fáil orthu i mboscaí toitíní.

Faoi thús an chéid seo caite thosaigh comhlachtaí nach raibh baint dá laghad acu leis an spórt ag déanamh fógraíochta ar na cártaí agus le teacht an ghuma choganta mhallaithe sin thosaigh siad ag scaipeadh mar a bheadh caor thine ann.

Mar a tharlaíonn le rudaí go leor níorbh fhada go raibh daoine á mbailiú chucu féin mar a bheadh snag breac ann.

Sa lá atá inniu ann tá 200 milliún duine i mbun cruinnithe ar fud an domhain agus meastar go gcaitear os cionn €300 milliún chuile bhliain ag díol agus ag ceannach. Is leis na cártaí a bhaineann formhór an mhargaidh. Roinn blianta ó shin íocadh €2.5milliún ar chárta a bhain le himreoir ar dóigh nár chuala tusa (ná mise) caint riamh air – Honus Wagner – cárta a priontáladh os cionn céad bliain ó sin.

Níl cultúr na n-earraí cuimhneacháin baol ar chomh láidir in aon spórt eile agus atá sé sa daorchluiche, agus is i gCríocha Mheiriceá a mhaireann formhór an 35 milliún duine a chleachtann é.

Imríonn os cionn a sheacht n-oiread sin an sacar ar fud na cruinne ach is léir gur tóir i bhfad níos lú atá ar na geansaithe, ar na liathróidí agus ar earraí cuimhneacháin eile dá gcuid siúd.

Earra amháin a bhaineann leis an gcluiche sin atá ar an liosta de na 10 n- earra cuimhneacháin spóirt is costasaí a díoladh go dtí seo – an chóip bhunaidh de rialacha an tsacair (Sheffield Football Club Rules, Regulations and Laws) a díoladh ar €1.1. Tá Corn an FA a bronnadh idir 1896 agus 1910 (ceann de na ceithre cinn a bhaineann leis an gcomórtas sacair is sine ar domhan) agus a chuaigh beagán faoina bhun sin ar an 11ú earra.

Dhá gheansaí a chaith Ruth atá ar cheann an liosta sin, an geansaí a íocadh an €5 mhilliún air an tseachtain seo caite agus ceann ar frítheadh milliún faoina bhun sin air cúpla bliain ó shin.

Ar an lámh eile ceannaíodh an geansaí a chaith Pelé i gcluiche ceannais Chorn an Domhain i 1970 ar €175,000 cúpla bliain ó shin agus idir €90,000 agus €180,000 a chuaigh na boinn a bhuaigh na himreoirí a bhí ar fhoireann Shasana a bhuaigh an corn sin i 1970 nuair a dhíol ochtar den aon nduine dhéag iad in imeacht na mblianta.

Ó am go chéile tagann boinn a bhuaigh peileadóirí agus iománaithe i gCluichí Ceannais na hÉireann ar an margadh, ach i gcomparáid leis an sacar féin is airgead fánach go leor a thugtar orthu siúd – €4,400 a tugadh ar cheann a thug ball d’fhoireann Mhaigh Chairce (Tiobraid Árann) leis nuair a bhuaigh siad in 1899 agus €5,500 a tugadh ar bhonn a bronnadh ar dhuine d’iománaithe na Gaillimhe a bhuaigh ar Luimneach i 1923.

  1. Geansaí Yankees Babe Ruth a chaith sé i ndeireadh na 1920idí – €5 m
  2. Geansaí Yankees Ruth a chaith sé i dtús na 1920idí –  €4m
  3. Cóip bhunaidh Rialacha na Cispheile ó lámh James Naismith – €3.8m
  4. An liathróid lena bhfuair Mark McGwire an 70ú ‘home run’ – €2.6m
  5. Cárta Baseball Honus Wagner – €2.5m
  6. Geansaí Paul Henderson i mbua Cheanada ar an Rúis san haca oighir – €1.1m
  7. Bata Ruth a bhuail an ‘home run’ ba thúisce aige i Yankee Stadium – €1.1m
  8. Sheffield Football Club Rules –  €1.1m
  9. Miotóga Dornálaíochta Muhammad Ali in aghaidh Floyd Patterson – €1m
  10. Conradh Babe Ruth leis na Yankees ar theacht dó as Bostún i 1919 – €900,000

Fág freagra ar 'Cluiche daor – na deich n-earra cuimhneacháin spóirt is mó ar tugadh airgead orthu riamh'