Cluiche ceannais Ghaoth Dobhair i measc na gcluichí ar TG4

Tá cluiche ceannais chraobh shinsir peile Dhún na nGall idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ar cheann de cheithre chluiche ceannais a bheidh le feiceáil ar TG4 as seo go ceann coicíse

Cluiche ceannais Ghaoth Dobhair i measc na gcluichí ar TG4

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Déanfaidh TG4 craoladh beo ar an gcluiche ceannais i gcraobh shinsir peile Dhún na nGall idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill an deireadh seachtaine seo.

Tabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile i bPáirc Mhic Cumhaill i mBealach Féich Dé Domhnaigh.

Chas Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair ar a chéile i gcluiche ceannais na bliana seo caite chomh maith. Thug Gaoth Dobhair Corn an Dochtúra Mhic Uidhir leo den chéad uair le dhá bhliain déag. Bhuaigh cumann Mhachaire Gathlán craobh Uladh ina dhiaidh sin.

Bhain Gaoth Dobhair áit amach i gcluiche ceannais na bliana seo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chárthaigh sa chluiche leathcheannais. Bhuaigh Naomh Conaill ar Naomh Adhamhnáin.

Déanfar craoladh iarbheo ar chluiche ceannais iomána Átha Cliath chomh maith Dé Domhnaigh cluiche ina thabharfaidh Cuala agus Naomh Bríd aghaidh ar a chéile. Bhuaigh Cuala trí chraobh as a chéile idir 2015 agus 2017 ach tá Naomh Bríd ag iarraidh an chraobh a thabhairt leo den chéad uair

Beidh dhá chluiche ceannais eile le feiceáil ar TG4 an Domhnach dar gcionn, an 27 Deireadh Fómhair. Déanfar craoladh beo ar chluiche ceannais sinsir peile Chorcaí idir Raonaithe Nemo agus Dúiche Ealla.

Beidh craoladh iarbheo ansin ar chluiche ceannais iomána Chill Chainnigh. Imreoidh cumann Shéamuis Mhic Stiofáin i gcoinne bhuaiteoirí an chluiche leathcheannais idir Gaeil Uí Lochlainn agus seaimpíní na hÉireann, Seamróga Bhaile Héil.

Dé Domhnaigh – 20 Deireadh Fómhair

Beo – Cluiche ceannais peile Dhún na nGall

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill – Ar an aer ag 3.00pm 

Iarbheo – Cluiche ceannais iomána Átha Cliath

Cuala v Naomh Bríd

Dé Domhnaigh – 27 Deireadh Fómhair

Beo – Cluiche ceannais peile Chorcaí

Dúiche Ealla v Raonaithe Nemo – Ar an aer ag 3.00pm 

Iarbheo – Cluiche ceannais Chill Chainnigh

Cuala v Naomh Bríd

Séamus Mac Stiofán v Gaeil Uí Lochlainn/Seamróga Bhaile Héil

 

Fág freagra ar 'Cluiche ceannais Ghaoth Dobhair i measc na gcluichí ar TG4'