CLUASTUISCINT: Beannaithe ag Dia  – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Beannaithe ag Dia  – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne

Gníomhaíocht 1: Ceisteanna

  1. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
  2. An mbeifeá in ann ceannlíne eile a chumadh don alt seo? Tabhair míniú le do fhreagra.
  3. Cén fáth a luaitear Benavidez?
  4. Cad a tharla ar an 3 Samhain?
  5. Cén fáth a luaitear Corn an Domhain 1986?
  6. Céard a rinne sé i gcoinne Shasana?
  7. Luaitear “Lámh Dé” le ceann de na cúil, cad atá i gceist leis an tagairt sin meas tú. 
  8. Cén bhaint atá ag Pelé leis an scéal?

Gníomhaíocht 2: Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball. 

Gníomhaíocht 3: Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach agus céim chomparáide na haidiachta.   
  • Déan iarracht teacht ar trí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie. Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4: Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord. 
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. a lán an peileadóir ab fhearr riamh. Tá súil agam go bhfaighidh sé suaimhneas
    2. Micheál D Ó hUigínn, go gcuimhneoidh lucht na peile ar fud na cruinne ar smacht iontach Mharadona ar an liathróid agus a chumas pasála is druibleála.“Ach cuimhneoidh siad leis 
    3. anois i lámha Dé. Bhí buanna go leor aige ach bhí buairt an tsaoil air.  Dúirt Uachtarán na hÉireann, 
    4. raibh “an-bhrón” air a chloisteáil go raibh Diego Maradona ar lár.  Dúirt an Taoiseach gur thug Maradona “ardú croí don saol mór go mion minic lena chumas peile”.
    5. ar an bhfear iontach féin amuigh ar an bpáirc agus ar an aoibhneas a chuir sé ar an oiread sin daoine,” arsa an tUachtarán. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go 
    6. “An peileadóir ab fhearr ar fad le mo linnse agus déarfadh

Gníomhaíocht 5: An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna. 

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Beannaithe ag Dia  – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne'