Clár speisialta le craoladh beo ó Bhaile Átha Cliath ag RTÉ RnaG roimh chluiche ceannais na hÉireann Chiarraí agus Átha Cliath

Cuirfidh Dara Ó Cinnéide clár speisialta i láthair ón teach tábhairne Pipers Corner Dé Sathairn seo chugainn agus beidh Tomás Ó Sé, Micheál Ó Muircheartaigh agus Bláthnaid Ní Chofaigh i measc na n-aíonna speisialta a bheidh ina chomhluadar

Clár speisialta le craoladh beo ó Bhaile Átha Cliath ag RTÉ RnaG roimh chluiche ceannais na hÉireann Chiarraí agus Átha Cliath

Tá clár beo speisialta le craoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta an Satharn beag seo agus súil chun cinn á caitheamh acu ar chluiche ceannais na hÉireann idir Ciarraí agus Áth Cliath.

Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár cainte agus ceoil i láthair ó theach tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde san ardchathair idir 6.30pm agus 9.00pm Dé Sathairn.

Caithfidh an Cinnéideach súil chun cinn ar chluiche ceannais na hÉireann le cabhair scata aíonna speisialta, ina measc Mícheál Ó Muircheartaigh, Tomás Ó Sé, Tomás Ó Flatharta, Máire de Staic, Ciarán Ó Feinneadha agus Bláthnaid Ní Chofaigh.

Beidh ceol beo ann chomh maith agus Seán Potts agus Paddy Glackin, agus Paudie O’Connor agus Aoife Ní Chaoimh ag seinm.

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt cuireadh don phobal a bheith i láthair ar an oíche, lucht tacaíochta na Ríochta agus na hardchathrach go háirithe, agus beidh dhá thicéad don chluiche ceannais a bheidh ar siúl an lá dár gcionn i bPáirc an Chrócaigh le buachan le linn an chláir. 

Níos luaithe tráthnóna Dé Sathairn, ag 2.00pm, beidh Spórt an tSathairn ag teacht beo ó Chumann Chrócaigh Chill Mhic Cuda, áit a mbeidh Craobhacha Peile seachtar an taobh na hÉireann ar bun.

Chomh maith leis an gcoimhlint a bhíonn ar siúl, agus 32 cumann ag iarradh Craobh Seachtar an taobh na hÉireann a bhuachan, is ócáid mhór shóisialta a bhíonn i gceist, agus bíonn triail roinnt mhaith duine atá san ardchathair do na cluichí ceannais peile ar Chill Mhic Cuda ar an Satharn.

Is é Seán Bán Breathnach a chuirfidh an clár i láthair, agus beidh tuairiscí ann ar an gcomórtas peile seachtar an taobh féin agus beifear ag caitheadh súil ghrinn chun cinn freisin ar chluichí ceannais an Domhnaigh, Áth Cliath agus Ciarraí sna Sinsir agus Gaillimh agus Corcaigh sna Mionúir.  Beidh aíonna ó na contaetha sin le cloisteáil ar an gclár, agus beidh comhrá ag SBB le cuid mhaith daoine a bheidh i láthair ar an lá.

Fág freagra ar 'Clár speisialta le craoladh beo ó Bhaile Átha Cliath ag RTÉ RnaG roimh chluiche ceannais na hÉireann Chiarraí agus Átha Cliath'