Clár speisialta Gaeilge faoi shaol John Hume le craoladh tráthnóna

Sa chlár ‘Státaire na Fichiú hAoise’ ar RTÉ RnaG, déanfar scrúdú ar an ról a bhí ag Hume i bhforbairt na síochána agus ar na heachtraí a mhúnlaigh mar pholaiteoir é

Clár speisialta Gaeilge faoi shaol John Hume le craoladh tráthnóna

Tá Gerry Adams agus Bríd Rodgers i measc na ndaoine a bheidh le cloisteáil ar chlár faisnéise faoi John Hume a chraolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna.

Tá ómós á léiriú do Hume, an t-iarcheannaire ar an an SDLP ar bronnadh Duais Nobel na síochána air, ó bhásaigh sé inné.

Beidh an clár speisialta, Státaire na Fichiú hAoise, a rinneadh in 2006, le cloisteáil ag 5.05pm tráthnóna inniu, an 4 Lúnasa.

JOHN HUME 1937-2020: Rinne sé cion fathaigh ar son mhuintir na hÉireann agus na síochána

Déanfar scrúdú sa chlár ar an ról a bhí ag Hume i bhforbairt na síochána agus ar na heachtraí a mhúnlaigh mar pholaiteoir é.

Orthu siúd a bheas le cloisteáil sa chlár beidh na polaiteoirí Gerry Adams agus Bríd Rodgers; Pat Hume, bean chéile John, Maurice Hayes, fear eile a bhí lárnach i bpróiseas na síochána; an staraí Emmet O’Connor; Fionnuala O’Connor, údar agus tráchtaire ar chúrsaí polaitíochta sna sé chontae; Caoimhín Ó Peatáin, gníomhaí pobail; agus Séamus Mac Cionnaith, iriseoir leis an Irish News.

Is í Póilín Ní Chiaráin, comhfhreagraí le Tuairisc.ie, léiritheoir an chláir.

Craolfar beo ar RTÉ 1 ag 11.30am sochraid John Hume, ag a mbeidh rialacha maidir le Covid-19 i bhfeidhm.

 

Fág freagra ar 'Clár speisialta Gaeilge faoi shaol John Hume le craoladh tráthnóna'

  • Muireann Ní Mhóráin

    Comhghairdeas le Póilín Ní Chiaráin. Clár iontach. Daoine den scoth faoi agallamh. Léargas níos fearr ná haon tuairisc eile.
    Muireann