Claonroinnt toghlach agus cóimheá na cumhachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Is a bheith ag súil le hargóint go leor agus cásanna cúirte i Stáit Aontaithe Mheiriceá in iarracht cóimheá na cumhachta a smachtú

Claonroinnt toghlach agus cóimheá na cumhachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Gavin Newsom

Ní bliain mhór toghcháin í seo sna Stáit Aontaithe. Bliain ón am seo beidh na toghcháin lár téarma ar siúl, toghcháin a d’fhéadfadh borradh a chur faoi údarás Trump nó dochar a dhéanamh dó. Cé gur faoi cheann bliana a reáchtálfar na toghcháin sin, tá sraith vótaí le bheith ar siúl ag tús mhí na Samhna a bhféadfadh an toradh a bheidh orthu a bheith cinniúnach.

Tá an vótáil tosaithe i stát California ar Prop 50 nó proposition 50. Is éard atá anseo moladh atá curtha chun cinn ag gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom leis na teorainneacha toghchánaíochta a athdhréachtú chun a chinntiú gur móramh Daonlathach a thoghfar thar ceann Chalifornia i dTithe na Comhdhála. Tá an moladh sin atá á mheas ag pobal an stáit faoi láthair molta ar mhaithe leis na hathruithe a rinneadh ar línte thoghcheantair na Comhdhála i Texas níos túisce i mbliana a chur ar neamhní.

Tá machnamh ar siúl chomh maith i gCarolina Thuaidh agus Theas, Utah, Ohio agus stáit eile faoin áireamh a dhéanfaidh siad ar bhaill Chomhdhála agus an chuma ar an scéal go bhfuil na Poblachtaigh ag úsáid an phróisis lena chinntiú go mbeidh an oiread suíochán nua a thacaíonn leosan in áiteanna éagsúla ar fud na tíre faoin am seo an bhliain seo chugainn agus nach mbeidh sé indéanta an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtaigh i dTeach na Comhdhála.

‘Redistricting’ a thugtar ar an gcóras faoina ndéantar leasuithe ar na ceantair ina dtoghtar baill chomhdhála. Tarlaíonn sé gach deich mbliana bunaithe ar thorthaí an daonáirimh ach le fada anois tá aimhleas bainte ag na páirtithe polaitiúla as an gcóras in iarracht a chinntiú go mbeidh tromlach ag a bpáirtí féin nuair a tharlaíonn mórthoghchán. Ní chuireann claonroinnt toghlach nó ‘gerrymander’ iontas ar bith orainn anseo in Éirinn ach is é sin go díreach a bhíonn i gceist leis na leasuithe a mholtar formhór an ama.

Bíonn cuid de na línte a tharraingítear timpeall ar cheantair vótála chomh cam le corrán ionas go gcuimseoidh siad tuilleadh vótóirí atá cláraithe le páirtí ar leith nó ar de bunadh eitneach ar leith iad agus dá bhrí sin gur dóichí go vótálfaidh siad ar an mbealach is ansa leis an bpáirtí atá i gcumhacht.

Tá triúr breithiúna i mbun machnaimh sa gcás cúirte atá tugtha in aghaidh na n-athruithe a rinneadh níos túisce i mbliana i Texas, athruithe a chinntigh go mbeadh na léarscáileanna bunaithe ar chine agus go mbeadh cúig shuíochán breise ag na Poblachtaigh a bhfuil sé shuíochán níos mó ná na Daonlathaigh acu faoi láthair. Is mar fhreagra ar mholtaí Texas atá muintir California ag tabhairt a mbreithiúnais faoi láthair ar mholtaí Gavin Newsom a chiallódh ceithre shuíochán breise do na Daonlathaigh.

Má chuirtear san áireamh gur minic leis an bpobal droim láimhe a thabhairt le páirtí na cumhachta sna toghcháin lár téarma, is féidir linn a bheith ag súil le hargóint go leor agus cásanna cúirte freisin sa mbliain seo romhainn in iarracht cóimheá na cumhachta a smachtú, ach ar bhealach nach gcuireann an vóta Daonlathach san áireamh.

Fág freagra ar 'Claonroinnt toghlach agus cóimheá na cumhachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá'