Cláir raidió Ghaeilge ag éirí níos líonmhaire, ach ag dul i ngiorracht

61% de chláir raidió Ghaeilge agus dhátheangacha is athchraoltaí iad

Cláir raidió Ghaeilge ag éirí níos líonmhaire, ach ag dul i ngiorracht

Tá líon na gclár raidió i nGaeilge atá á chraoladh ag méadú ach is athchraoltaí os cionn 60% acu agus tá siad ag dul i ngiorracht go mór.

Léiríonn anailís nuafhoilsithe a rinne an BAI ar chláir raidió Ghaeilge agus dhátheangacha gur athchraoltaí a bhíonn i 61% díobh.

Tá an tuarascáil nua ar an tríú Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge atá foilsithe ag an údarás craolacháin (a bhfuil Coimisiún na Meán tagtha ina áit) agus léiríonn sé gur tháinig ardú ar chéatadán na gclár Gaeilge arbh athchraoltaí iad ó 51% go dtí 61% idir 2019 agus 2021.

Tharla an rud céanna i gcás na teilifíse le linn na tréimhse céanna.

Ach oiread leis an teilifís, d’fhéadfadh go raibh baint ag an ardú ar líon na n-athchraoltaí le blianta na paindéime a bheith san áireamh i mórthréimhse trí bliana an taighde seo.

Idir 2019-202o, tháinig ardú 18.2% ar líon na gclár Gaeilge agus dátheangach a craoladh ar an raidió.

Méadú beag 1% a bhí i gceist idir 2020-2021. Sa tréimhse taighde trí bliana, idir 2019-2021, tháinig méadú 19.4% ar líon na gclár Gaeilge agus dátheangach.

Cé gur tháinig ardú ar líon na gclár a craoladh sna tréimhsí seachtaine a ndearna an BAI mionanailís orthu, ó 736 clár in 2019 go dtí 879 clár in 2021, ach oiread leis na cláir theilifíse is amhlaidh gur éirigh na cláir raidió níos giorra ar an meán.

In 2019, 51.1 nóiméad ar an meán a mhair na cláir Ghaeilge agus dhátheangacha, i gcomparáid le 40.1 nóiméad in 2021.

Deirtear sa tuarascáil nua gur díol suntais líon na gclár raidió Gaeilge agus dátheangach atá an-ghearr, is é sin faoi bhun chúig nóiméad. Na samplaí a luaitear de na cláir ghearra seo ná míreanna beaga siamsaíochta faoi cheoltóirí, míreanna machnamh spioradálta, blúiríní staire agus cultúir agus blúiríní faoi nathanna Gaeilge.

Má bhaintear úsáid as sainmhíniú na hearnála raidió ar an mbuaic-am éisteachta – 7am-7pm – 60% de na cláir Ghaeilge agus dhátheangacha a craoladh ó Luan go hAoine a chuaigh amach ag an mbuaic-am éisteachta. 58% de na cláir ag an deireadh seachtaine a chuaigh amach ag an mbuaic-am éisteachta.

Sa mhórthréimhse taighde trí bliana, cláir Ghaeilge a bhí i 70% de na cláir raidió agus cláir dhátheangacha a bhí i 30%.

De réir na tuarascála is déanaí, cláir don lucht éisteachta ginearálta ba mhó a bhí i gceist in 2021 agus 64% de na cláir a bhí dírithe ar dhaoine fásta a bhí sa dara háit (22%) agus cláir d’aosaigh óga a bhí sa tríú háit (13%).

Níor craoladh aon chlár a bhí dírithe ar pháistí le linn na tréimhse anailíse.

Ar chainteoirí dúchais agus líofa a bhí 67% de na cláir dírithe in 2021.

42% de na cláir Ghaeilge agus dhátheangacha ba chláir shiamsaíochta iad, cláir fhíorasacha (factual) a bhí sa dara háit (30%) agus cláir a bhí rangaithe mar ‘eile’ a bhí sa tríú háit (13%).

Ó thaobh seánra de, cláir cheoil a bhí i 48% de na cláir, bhain 15% díobh leis an tsochaí chomhaimseartha agus cláir nuachta nó cúrsaí reatha a bhí i 15%.

In 2021 craoladh 43% den 879 clár Gaeilge agus dátheangach ar stáisiúin Ghaeilge agus craoladh an 57% eile ar stáisiúin Bhéarla.

Ar an gceol agus beagáinín cainte a dhírigh os cionn 50% den ábhar Gaeilge agus dátheangach a craoladh ar stáisiúin Bhéarla.

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann – a bhfuil Coimisiún na Meán tagtha ina áit ón uair a deineadh an taighde seo –a chéad Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge mar chuid dá Phlean Gníomhaíochta Gaeilge in 2019 agus an mhí seo a foilsíodh an tríú tuarascáil sa tsraith.

Agus an tuarascáil seo á hullmhú ag an BAI, d’iarr siad ar chraoltóirí sonraí maidir le cláir agus taifeadtaí a chur ar fáil dóibh do sheachtain faoi leith. Ón eolas sin bhíodar ábalta líon agus réimse na gclár Gaeilge is dátheangach a bhíonn á gcraoladh ar an teilifís agus ar an raidió gach seachtain a thomhas.

Fág freagra ar 'Cláir raidió Ghaeilge ag éirí níos líonmhaire, ach ag dul i ngiorracht'