Claffey ar fheabhas in ‘A Knight of the Seven Kingdoms’, sásamh ar fáil i ‘Saorstíl’ TG4

Tá luas maith faoin insint sa tsraith is déanaí ó dhomhan ‘Game of Thrones’ agus tá cliar cumasach ann

Claffey ar fheabhas in ‘A Knight of the Seven Kingdoms’, sásamh ar fáil i ‘Saorstíl’ TG4

Níor chuir mé sonrú mór ar bith in Game of Thrones nuair a craoladh den chéad uair é, seachas a thabhairt faoi deara go ndearnadh go leor den tseó a thaifeadadh go háitiúil. Shíl mé go dtiocfadh leis an Bhéarla agus an scéal a bheith rud beag áibhéileach áiféiseach in amannaí. Spéisiúil a bhí sé gan amhras ach ní raibh cathú orm leabhar ar bith de chuid George R.R. Martin a léamh agus níor chuir mé spéis ar bith sa tsraith a tháinig i ndiaidh GoT, House of the Dragon.

Seans mór nach gcuirfinn spéis ar bith sa tsraith nua réamhscéil, A Knight of the Seven Kingdoms (Sky Atlantic), murach gur mhothaigh mé gur Éireannach, Peter Claffey, a bhí sa phríomhról, Ser Duncan the Tall – agus is é atá maith. Bunaithe ar ábhar eile de chuid Martin atá an tsraith seo fosta, rud a chothódh, mheasfá, spéis na ndaoine a bhí sáite in GoT an chéad lá riamh.

‘Ridire fáil’ atá ann mar Duncan – ridire ar éigean, bocht ar fad – agus é ag iarraidh cúpla punt a shaothrú agus bia a chur ar an tábla. Castar comrádaí nua air, Egg (Dexter Sol Anson), fear óg atá díomhaoin fosta, is cosúil, agus ar aghaidh leo ar an bhealach chinniúnach go hÁth na bhFeá agus an turnaimint lena gclú agus saibhreas a dhéanamh.

Scéal simplí atá i gceist le gach clár gairid: tús; lár agus deireadh. Tá greann ann agus imní agus eagla agus, sea, feall. Tá sé scríofa go maith, an scéal á fhorbairt de réir a chéile, luas maith faoin insint agus tá cliar cumasach ann.

Tá Claffey thar barr. Iar-imreoir rugbaí atá ann agus é breá ábalta le mothúcháin an charachtair a thabhairt chun solais, bá a chothú leis an lucht féachana.

Leath bealaigh fríd atá an tsraith agus seo á scríobh. Ar bís atá mé le fáil amach cad é an chríoch a bheas ar an eachtra seo i Westeros. Agus, sa chás go n-éiríonn Alan Ritchson as a ról mar Reacher go luath, beidh Claffey breá ábalta ionadaíocht a dhéanamh air.

Is breá liom éadaí – bróga deas Bugatti, léinte Hilfiger agus Gant, léinte deasa Paul Costello as Dunnes. Sea, an stuif is ansa leis an mhainicín mheánaosta fir. Tá cúpla culaith dheas sa chófra agam nach gcaithim níos mó de bharr athrú ar chúrsaí oibre agus crothnaím an deis sin.

(Sea, sea, cuir culaith ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é. Is maith an aithne atá agat orm!)

Ar an ábhar sin a chuir mé spéis in Saorstíl (TG4) clár deas pléisiúrtha, roinnt dearthóirí óga in iomaíocht lena chéile le faisean a dhéanamh de sheanéadaí dara láimhe. Athchúrsáil shamhlaíoch chruthaitheach an cuspóir atá i gceist; sprioc fhaiseanta na seachtaine sin a aimsiú leis an ábhar atá le fáil agus é sin taobh istigh d’am gairid.

Sinéad Ní Uallacháin atá mar láithreoir, beirt eile léi mar chúntóirí, Deirdre Allen agus Ándría Uí Thaidhg, agus aoimholtóir seachtainiúil ó shaol mór an fhaisin le spreagadh ar leith a thabhairt do na hiomaitheoirí. Is deas mar a chuireann siad uilig le chéile mar fhoireann tacaíochta. Faraor, tugtar bata agus bóthar d’iomaitheoir amháin gach aon seachtain. Tá seo á scríobh roimh an bhabhta ceathrú ceannais agus tá an stiúideo ag éirí uaigneach.

Níl rud ar bith tromchúiseach faoin chlár ach caitheann na hiomaitheoirí a ndícheall leis an tasc idir lámha. Tá siad thar a bheith dáiríre faoin ghairm s’acu agus iad ag gearradh agus ag fuáil; filí an fhaisin agus iad ag cumadh le ceirteacha. Ní bheinnse in ann a gcuid éadaí a chaitheamh ach is breá liom an tsamhlaíocht a fheiceáil i mbun gnímh. Mol an óige agus dhéanfaidh siad éadaí.

M’anam le Dia, cuirfidh mé an chulaith dheas sin de chuid Magee orm an chéad uair eile a scríobhfaidh mé an colún seo.

Fág freagra ar 'Claffey ar fheabhas in ‘A Knight of the Seven Kingdoms’, sásamh ar fáil i ‘Saorstíl’ TG4'