‘Cinsireacht’ curtha i leith Rialtas na Breataine agus stop curtha le deontas ceoil do rapálaithe Gaeilge

Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na Breataine gur ‘beag an t-iontas é’ nach mbeadh ‘fonn’ orthu ‘airgead cháiníocóirí na Ríocht Aontaithe a thabhairt amach do dhaoine atá in aghaidh na Ríochta Aontaithe féin’

‘Cinsireacht’ curtha i leith Rialtas na Breataine agus stop curtha le deontas ceoil do rapálaithe Gaeilge

Deir na rapálaithe Gaelacha Kneecap gur chuir Rialtas na Breataine stop le maoiniú a bhí ceadaithe don bhanna.

I ráiteas a chuir siad amach ar na meáin shóisialta, dúirt an banna gurb amhlaidh go raibh Rialtas na dTóraithe ag iarraidh iad a chur ina dtost.

“F*ck the Tories!” agus ‘Fight censorship’ a dúirt siad.

Ghlac coiste roghnaithe neamhspleách an deontais de chuid an British Phonographic Industry le hiarratas Kneecap ar mhaoiniú agus cuireadh an méid sin in iúl don bhanna.

Ach deir Kneecap gur chuir Rialtas na Breataine “stop go díreach” leis an maoiniú trí chinneadh an bhoird neamhspleách chur ar ceal.

Dúirt urlabhraí de chuid Rúnaí Gnó agus Trádála Rialtas na Breataine, Kemi Badenoch, go dtacaíonn siad “go hiomlán” le saoirse cainte agus gur “beag an t-iontas é” nach mbeadh “fonn” orthu “airgead cháiníocóirí na Ríocht Aontaithe a thabhairt amach do dhaoine atá in aghaidh na Ríochta Aontaithe féin”.

Mhaígh an banna gur póstaer dá gcuid ó 2019 ba chúis leis an gcinneadh stop a chur leis an maoiniú do chamchuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada. Ar an bpóstaer poiblíochta sin, bhí ceannaire an DUP agus Príomh-Aire na Breataine le feiceáil agus iad ceangailte de roicéad ar bharr tine chnámh.

“Deirtear linn gurb é ár bpóstaer ‘Farewell to the Union’ a chuir olc ar na Tóraithe. Arís eile, tá Rialtas na Breataine ag iarraidh glórtha as iarthar Bhéal Feirste a chur ina dtost – arís eile teipfidh orthu!” a dúirt Kneecap ina ráiteas.

An Roinn Gnó agus Trádála agus an Roinn Cultúir, Meán agus spóirt a dhéanann maoiniú ar scéim an BPI.

Faoin Music Export Growth Scheme, roghnaíodh 67 dream do dheontas as ciste £1.6 milliún.

Dúirt an BPI, a dhéanann ionadaíocht ar thionscal an cheoil, go raibh “díomá” orthu faoin gcinneadh maidir le Kneecap.

Dúirt an BPI leis an Irish Times gur faoi Rialtas na Breataine amháin a bhí sé míniú a thabhairt ar  an gcinneadh stop a chur le maoiniú Kneecap. Dúirt an BPI go gcreideann siad féin go hiomlán i gcead cainte, cead cainte an ealaíontóra san áireamh.

Bhí siad ag súil, a dúirt siad, tuilleadh plé a bheith acu leis an rialtas faoi conas a dhéanfaí “láimhseáil” amach anseo ar aon chinntí eile a d’fhéadfadh a bheith “conspóideach”.

An mhí seo caite bronnadh duais mór le rá ag an scannán dátheangach Kneecap, a insíonn scéal an bhanna rap aitheanta a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as an Tuaisceart.

Bronnadh ar an scannán Duais Next an Lucht Féachana ag féile cháiliúil Sundance in Park City. Tá an banna ag dul ar camchuairt ar Mheiriceá an mhí seo chugainn agus tá a gcéad albam á chur amach i mbliana acu ar an lipéad Heavenly Recordings.

Fág freagra ar '‘Cinsireacht’ curtha i leith Rialtas na Breataine agus stop curtha le deontas ceoil do rapálaithe Gaeilge'