Cinneadh Ollscoil Uladh deireadh a chur le cúrsa Gaeilge ‘bunoscionn’ le torthaí A-Leibhéal

Agus comhghairdeas á dhéanamh acu leis na mic léinn a fuair grádanna maithe A-Leibhéil sa Ghaeilge, d’iarr Conradh na Gaeilge ar Ollscoil Uladh athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh deireadh a chur le cúrsa céime i mBéal Feirste

Cinneadh Ollscoil Uladh deireadh a chur le cúrsa Gaeilge ‘bunoscionn’ le torthaí A-Leibhéal

Tá cinneadh Ollscoil Uladh deireadh a chur leis an gcúrsa céime lánaimseartha Gaeilge ar a gcampas i mBéal Feirste bunoscionn le torthaí scrúduithe an A-Leibhéil a tháinig amach inné, dar le Conradh na Gaeilge.

Agus comhghairdeas a dhéanamh inné acu leis na daltaí a bhain grádanna maithe amach sa Ghaeilge i scrúduithe an A-Leibhéil , d’iarr an eagraíocht teanga ar Ollscoil Uladh athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh maidir leis an gcúrsa céime.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha gur “scannalach an scéal” é go bhfuil ciorrú déanta ar scoil na Gaeilge in Ollscoil Uladh “tráth a bhfuil ag éirí le níos mó scoláirí pas a bhaint amach sa Ghaeilge”.

“Fágfar 60 mac léinn Gaeilge sa bhearna bhaoil le himeacht na bunchéime lánaimseartha i mBéal Feirste. Ní ceart ná cóir sin – beidh pobal Gaeilge na cathrach uile thíos leis, agus dá réir tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh dul siar ar an chinneadh seo láithreach,” a dúirt sé.

Fuair daltaí scrúduithe an A-Leibhéil a gcuid torthaí inné.

Chaill triúr a bpost nuair a cuireadh deireadh leis an gcúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge san Ollscoil i mBéal Feirste le déanaí.

Is i gColáiste Mhic Aoidh i nDoire amháin a bheidh an cúrsa lánaimseartha don chéim ar siúl feasta. Leanfar leis an gcéim Ghaeilge pháirtaimseartha i mBéal Feirste.

Tháinig sé chun solais i Meitheamh na bliana 2015 go raibh rún ag Ollscoil Uladh 210 post a scor agus laghdú 1,250 a dhéanamh ar líon na mac léinn acu toisc titim £9 milliún sa bhliain ar a mbuiséad ó Stormont. Chomh maith leis na ciorruithe i réimse na dteangacha, tá ábhair eile, an Mhatamaitic mar shampla, thíos le plean na hollscoile.

Fág freagra ar 'Cinneadh Ollscoil Uladh deireadh a chur le cúrsa Gaeilge ‘bunoscionn’ le torthaí A-Leibhéal'