Cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine nach mbeidh aon fhiosrúchán poiblí ann faoi dhúnmharú Pat Finucane

I ráiteas thar ceann mhuintir Pat Finucane, dúirt Geraldine Finucane, bainteach Pat Finucane, gur "masla i gceann na maslaí go léir a tugadh le fada" a bhí sa chinneadh

Cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine nach mbeidh aon fhiosrúchán poiblí ann faoi dhúnmharú Pat Finucane

Tá cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine nach mbeidh aon fhiosrúchán poiblí ann faoi dhúnmharú an dlíodóra Pat Finucane.

Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis a d’fhógair an méid sin in Westminster  tráthnóna i ndiaidh dó labhairt le muintir Finucane. Dúirt Lewis go bhfágfaí an scéal faoi chúram an PSNI agus Ombudsman na bPóilíní.

I ráiteas thar ceann mhuintir Pat Finucane, dúirt Geraldine Finucane, bainteach Pat Finucane, gur “masla i gceann na maslaí go léir a tugadh le fada” a bhí sa chinneadh.

“Áiféis amach is amach” a bhí i moladh Lewis go rachfaí i gcomhairle leis an PSNI faoin gcás, arsa Geraldine Finucane.

Tá blianta fada caite ag baintreach Pat Finucane agus a dtriúr clainne ag éileamh go mbunófaí fiosrúchán poiblí chun a fháil amach cén bhaint a bhí ag na fórsaí slándála le bás a fir agus a n-athar.

Léirigh níos mó ná scrúdú amháin go raibh fórsaí an stáit claonpháirteach ina dhúnmharú.

Buille mór eile do mhuintir Pat Finucane is ea fógra an lae inniu.

Dúirt Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, níos luaithe inniu go léireodh cinneadh rialtas na Breataine faoi fhiosrúchán cibé an raibh nó nach raibh sé tiomanta go hiomlán don fhírinne agus don athmhuintearas.

Ní raibh an dara rogha ag Rialtas na Breataine ach cinneadh a dhéanamh.  Chinn an Chúirt Uachtarach nach ndearnadh fiosrúchán sásúil riamh faoin dúnmharú ach gur faoin rialtas amháin a bhí sé fiosrúchán poiblí a bhunú nó gan é a bhunú.

De bharr mhoilleadóireacht an rialtais freagra a thabhairt ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí, thionscain Geraldine Finucane iarratas nua ar athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an stáit.

Mharaigh paraimíleataigh dílseacha de chuid Chumann Cosanta Uladh (UDA) an dlíodóir Pat Finucane i 1989. Réab beirt fhear gunna isteach ina dteach i dtuaisceart Bhéal Feirste agus an teaghlach ag ithe a ndinnéir.

Is fada an feachtas atá eagraithe ag a theaghlach agus is iomaí sin cás dlí a thionscain siad in iarracht a chur ina luí ar an rialtas i Londain seasamh leis an ngeallúint a tugadh dóibh 20 bliain ó shin, go dtionólfaí fiosrúchán faoina bhás.

 

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine nach mbeidh aon fhiosrúchán poiblí ann faoi dhúnmharú Pat Finucane'

  • An Teanga Bheo

    Mo bhron an sceal seo tragoid 1989