‘Cineál na hIndia den ghalar an scamall dorcha sa spéir’ – Holohan

524 cás nua den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna agus 38 duine a bhfuil an galar orthu atá sna haonaid dianchúraim

‘Cineál na hIndia den ghalar an scamall dorcha sa spéir’ – Holohan

Dr Tony Holohan. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

D’fhógair an Roinn Sláinte 524 cás nua den Covid-19 tráthnóna tráth a bhfuil sé ina imní faoina thógálaí is atá an cineál nua den ghalar a aithníodh ar dtús san India.

107 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 38 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh súil ghéar á coimeád ag NPHET ar na cineálacha éagsúla den ghalar agus gur údar imní ar leith dóibh an cineál a aithníodh ar dtús san India, an cineál B.1.617.2.  

Is é “cineál na hIndia den ghalar an scamall dorcha sa spéir”, a dúirt Holohan.

Bhíothas an-bhuartha, a dúirt sé, faoina thógálaí is a bhí an cineál seo i dtíortha eile agus faoi thaighde luath i dtaobh éifeacht na vacsaíní ina choinne.

 “Tá an galar á choimeád faoi smacht ag an bpobal agus tá ag éirí leis an HSE cur le líon na ndaoine atá vacsaínithe gach lá. Mar sin féin d’fhéadfadh gur baol don dul chun cinn sin an cineál seo den ghalar. 

“Coimeádfaidh NPHET súil ghéar air seo agus an chomhairle a chuirfimid ar an Rialtas faoi scaoileadh srianta á meá ag deireadh na Bealtaine.”

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) gur deimhníodh 72 cás den cineál B.1.617.2 den ghalar sa stát go nuige seo. 41 cás a bhí deimhnithe Dé hAoine seo caite. Tá formhór na gcásanna den ghalar in oirthear na tíre.

“Ó tharla líon mór daoine a bheith againn go fóill nach bhfuil vacsaínithe agus ó tharla go ndealraíonn sé gur cineál an-tógálach é seo, táimid ag moladh do dhaoine a bheith cúramach i gcónaí agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí fad is atá an clár vacsaínithe á chur i bhfeidhm,” arsa de Gascun.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an tseachtain seo caite.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 84 cás nua a deimhníodh.

34 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Ar a laghad 7,087 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,150 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

379,103 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 257,108 cás ó dheas den teorainn agus 121,995 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '‘Cineál na hIndia den ghalar an scamall dorcha sa spéir’ – Holohan'