Chothaigh Mary Lou McDonald guagacht gan ghá faoin bpost is tábhachtaí ó thuaidh

Tá an próiseas earcaíochta le teacht ar Phríomh-Chonstábla nua ina cíor thuathail de bharr ráiteas a rinne Uachtarán Shinn Féín

Chothaigh Mary Lou McDonald guagacht gan ghá faoin bpost is tábhachtaí ó thuaidh

Mary Lou McDonald. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Baineadh geit as daoine. Bhí sé deacair a thuiscint. Tá sé de cháil ar Shinn Féin gur annamh a labhraíonn a n-ionadaithe gan a gcuid cainte a bheith réamhullmhaithe. Maítear thairis sin go bhfuil Mary Lou McDonald stuama ina cuid breithiúnas.

Ba bheag dá chosúlacht sin a bhí ar a cuid cainte faoi sheansanna chomhghleacaithe sinsearacha George Hamilton a theacht i gcomharbacht ar mar Phríomh-Chonstábla. Ar éigean a bhí sé ar intinn aici an próiseas ceapacháin do Phríomh-Chonstábla nua a chur as a riocht, shílfeá. Cén buntáiste a bheadh le baint as sin? Ba é toradh a cainte áfach go mb’éigean don Bhord Póilíneachta comhairle dlí a fháil faoin scéal, mar de réir na rialacha, tá comhalta Boird ó Shinn Féin i dteideal a bheith ar an mbord agallaimh. Níl comhairle na ndlíodóirí ar eolas go fóill agus an t-alt seo á scríobh.

Bhí uachtarán Shinn Féin ag cur a míshásamh in iúl maidir le heolas faoi choireanna dílseoirí a bheith ceilte ag an PSNI ar Ombudsman na bPóilíní, ach chuaigh sí thairis sin.

Dúirt sí nach bhféadfadh sí aon duine i measc na sinsear san PSNI a ainmniú a bheadh in inmhe chuig an bPríomh-Chonstáblacht. Teastaíonn ó Shinn Féin go gceapfaí iarrthóir seachtrach, duine nach raibh bainteach leis an PSNI.

Ar an ngnáthbhealach ní bheadh ansin ach reitric pholaitiúil, cé go bhfuil sin féin tábhachtach abhus i bhfianaise an ghéarghá a bhí le cothú muiníne sna póilíní i measc náisiúnaithe tar éis na mblianta den choimhthíos idir iad agus an RUC, réamhtheachtaí an PSNI.

Chothaigh a cuid cainte fearg agus míshuaimhneas, áfach, toisc go bhfuil suas le seisear san PSNI a bheadh i dteideal iarratas a chur isteach ar an bpost. An bhfaighidís éisteacht chóir ó ionadaí Shinn Féin ar an mbord agallaimh nuair ba chosúil go raibh cinneadh déanta cheana féin ag uachtarán an pháirtí sin?

Dúirt teachta Tionóil Shinn Féin, Gerry Kelly, an té a measadh a bheadh ar an mbord agallaimh go mbeadh sé de dhualgas faoin dlí ar gach éinne ar an mbord agallaimh a bheith cothrom, neamhchlaonta agus gheall sé go gcomhlíonfadh Sinn Féin an dualgas sin. Rinne sé iarracht an ghoimh a bhaint as caint a cheannaire, ag rá nach raibh aithne aici ar an bhfoireann shinsearach san PSNI agus gurbh é sin a bhí i gceist aici. Ach sheas Mary Lou McDonald lena cuid cainte nuair a cuireadh agallamh uirthi ar RTE, í ag deimhniú nach sciorradh focal a bhí ann.

Ní fios cén fáth a ndearna sí é. Bliain ó shin nuair a ceapadh í ina ceannaire bhíothas á moladh as a deisbhéalaí is a bhí sí agus as a grinneas. B’fhéidir nár thuig sí íogaireacht an scéil. Bíodh sin fíor nó bréagach chothaigh sí guagacht gan ghá faoin bpost is tábhachtaí i dTuaisceart Éireann.

Bhí gach ceart aici an PSNI a cháineadh faoin bpraiseach a deineadh de sholáthar faisnéise don Ombudsman. Siléig agus faillí ab ea é a rinne dochar d’iontaofacht na bpóilíní agus a thuill míniú níos iomláine ná mar a tugadh. Ach níor ghá di a ladar a chur i bpróiseas ceapacháin neamhspleách a bhfuil rialacha dochta leagtha síos lena aghaidh.

Tharraing a botún cáineadh agus foláirimh ó pháirtithe eile, go háirithe an DUP a d’éiligh go bhfaigheadh an Bord Póilíneachta comhairle dlí, rud a bhí beartaithe ag an mbord féin de bharr na conspóide. Rinne an Coimisiún Comhionannais teagmháil leis an mBord freisin chun fainic a chur air a chinntiú go gcomhlíonfaí dlíthe ionannais sa tóir ar Phríomh-Chonstábla nua.

Níl am le spáráil. D’fhógair George Hamilton an mhí seo caite gur thug sé an t-eiteachas do shíneadh trí bliana ar a théarma agus go n-éireodh sé as oifig sa Mheitheamh. Ní mór Príomh-Chonstábla nua a bheith ceaptha roimhe sin. Tá súil ag an mBord agus daoine nach iad le hiarratais ó dhaoine atá cáilithe i gcian agus i gcóngar. Ba as an mBreatain na hiarcheannairí Hugh Orde agus Matt Baggott agus b’iarbhall den RUC agus an PSNI é George Hamilton a raibh taithí aige i bpost sinsearach in Albain freisin.

Thar aon ní, teastaíonn ó na húdaráis a chinntiú nach dtiocfaidh cásanna cúirte salach ar an bpróiseas ceapacháin. Luíonn sé le réasún go mbeadh baol ann go dtabharfaí dúshlán an phróisis sna cúirteanna dá measfadh iarrthóirí áirithe go ndearna caint McDonald dochar dá seansanna.

Is chuige sin an tóir ar chomhairle dlí, iarracht chun an damáiste a rinne uachtarán Shinn Féin a shrianadh. Ba mhór an trua é dá dtiocfadh a leithéid salach ar cheapachán d’ardchaighdeán mar tá dúshláin mhóra le sárú ag an PSNI chun fís Choimisiún Patten a fhíorú agus seirbhís fhónta a chur ar fáil a thuillfidh muinín gach aicme.

Fág freagra ar 'Chothaigh Mary Lou McDonald guagacht gan ghá faoin bpost is tábhachtaí ó thuaidh'