Chomh cinnte is atá Béarla sa nGaeltacht agus go léitear Tuairisc.ie sa mBruiséil – tuilleadh seanfhocal nua

Tá tuilleadh leaganacha nua cainte ag ár gcolúnaí dúinn an tseachtain seo. Bígí ag cur leis an liosta!

Chomh cinnte is atá Béarla sa nGaeltacht agus go léitear Tuairisc.ie sa mBruiséil – tuilleadh seanfhocal nua

Seo roinnt eile leaganacha nua cainte a chuir mé i dtoll a chéile agus mé i mo luí ar chlár bog déil i seomra dorcha in  Aill na Brún:

1. Coinnigh agat féin é mar a dúirt an Ceannfort Gardaí leis an sceithire eolais.

2. As an DNA a aithnítear athair an pháiste

3. Dioscó don duine óg agus pluid leictreach don seanduine.

4. Chomh cinnte is atá Béarla sa nGaeltacht.  (Le bheith ionraic faoi seo ní mé féin a chuimhnigh air: as an mBruiséil a cuireadh chugam é. Spreagann sé sin leagan eile: chomh cinnte is go léitear Tuairisc.ie sa mBruiséil).

5. Chomh cinnte is go mbeidh bean ina Pápa.

6. Ticéad lotto nó glaoch ar ais ag an Oireachtas. [is mar a chéile iad.]

7. Níl goradh níos fearr ná lá i Lanzarotte.

8. Sa JCB atá an obair.


Chomh cinnte is atá caipín ar Mhaidhcil Healy Rae, tá gá le leaganacha cainte nua sa Ghaeilge…


 

Fág freagra ar 'Chomh cinnte is atá Béarla sa nGaeltacht agus go léitear Tuairisc.ie sa mBruiséil – tuilleadh seanfhocal nua'

  • file

    Chomh hannamh le duine gan guthán póca ina láimh.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Nuair a bhí mo mhac ina pháiste, thugadh sé ‘JC Buí’ air