Chewy, Spot, Pokey agus Peggy curtha ag obair i gCalifornia le loscadh sléibhe a chosc

I gcathair Anaheim, tá conradh glactha le comhlacht atá sásta gabhair a choinneáil ar shleasa na gcnoc timpeall na cathrach ar feadh na bliana ar fad chun an fásra a mbeireann an tine air a ithe

Chewy, Spot, Pokey agus Peggy curtha ag obair i gCalifornia le loscadh sléibhe a chosc

Nach barrúil an scéala é sin faoin gcaoi a bhfuil gabhair curtha ag obair i gCalifornia le dóiteáin foraoise agus loscadh sléibhe a chosc.

Is iad na gabhair is fearr a itheann an fásra a mbeireann an tine air go minic. Fiailí ionracha is contúirtí. Fásann siad níos tréine ná na plandaí nádúrtha agus is éasca leo lasadh.

Bíonn tóir ag na gabhair ar na fiailí ionracha seo agus seachnaíonn siad na plandaí nádúrtha cuid mhaith. Tá buntáiste eile ag baint leis na gabhair agus is é sin gur aclaí cosdaingean uathu a mbealach a dhéanamh suas gualainn ghéar cnoic.

Is gearr ó rinne cathair Anaheim athnuachan ar chonradh le comhlacht atá sásta gabhair a choinneáil ar shleasa na gcnoc timpeall na cathrach ar feadh na bliana ar fad.

Ón mí seo chugainn amach beidh 400 gabhar curtha ag ithe na bhfiailí ionracha acu.

Dúirt an fear atá ag bainistiú na ngabhar go bhfuil an-éileamh orthu i gcomhair na hoibre seo le blianta beaga anuas.

Go deimhin faigheann sé os cionn 100 glaoch sa mí ó dhaoine aonair a bhíonn ag iarraidh air cuid acu a chur chucu.

B’fhéidir nach mbeadh ag daoine den tsórt sin ach acra nó dhó talún ach bíonn dóchas acu go gcoinneoidh obair na ngabhar an tine óna dteach cónaithe.

Déantar peataí go minic de na gabhair sna ceantair ina gcuirtear iad. Baistear ainmneacha ceana orthu—Chewy, Spot, Pokey, Peggy, srl.

Chuirfeadh an togra seo i gCalifornia i gcuimhne dhuit an chaoi ar spreagadh feilméaraí sa mBoireann i gcontae an Chláir le gabhair a fháil le go gcoinneoidís cúl ar an gcoll agus ar an tsaileach.

Ós ag caint ar chontae an Chláir é, “bó bhainne an duine bhoicht” a thugtaí ar an ngabhar ansin fadó. Ní mar mhasla a deirtí é ach gur thuig daoine gur mhaith ann an gabhar le bainne agus feoil a sholáthar nuair nach mbíodh aon rogha eile ann.

Tá gabhair in Éirinn le 4000 bliain. Ní raibh siad chomh tábhachtach ariamh leis na ba ná leis na caoirigh. Is beag trácht atá orthu i nDlí na mBreithiún. Dhá thríú cuid de luach caora a cuireadh ar an ngabhar sa Dlí sin.

Ar an minseach (an gabhar baineann) amháin a bhí meas. Níor luadh an pocaide. Chuirfeadh an minseach bainne agus feoil ar fáil agus bheadh meannán dá barr.

Bhí na gabhair faoi mheas ag pobail éagsúla ar fud an domhain in aimsir na págántachta. Rinne na Críostaithe iarracht iad a chur faoi their. Creideadh in áiteanna sa tír seo, mar shampla, gurbh é an diabhal a thug an chéad ghabhar go hÉirinn.

Ar ndóigh ní hé an dea-cháil a tugadh ar na gabhair sa mBíobla ach an oiread. Féach é seo as Matha:

Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair.

Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: “Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain…..Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: “Imigí uaim, a dhream mallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.”

Fág freagra ar 'Chewy, Spot, Pokey agus Peggy curtha ag obair i gCalifornia le loscadh sléibhe a chosc'