Ceoltóirí agus amhránaithe á lorg chun seinm agus canadh d’Éirinn i gcomórtas idirnáisiúnta

Deir Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan-Cheiltí gur deis iontach iad na comórtais chun blaiseadh agus léargas a fháil ar chultúr na dtíortha Ceilteacha eile

Ceoltóirí agus amhránaithe á lorg chun seinm agus canadh d’Éirinn i gcomórtas idirnáisiúnta

Tá damhsóirí, ceoltóirí agus córacha á lorg chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag féile ealaíne idirnáisiúnta.

Tá Coiste Pan-Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2023, a thionólfar i rith an earraigh.

Reáchtálfar comórtais fhidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i mBaile Cheatharlach ón 11-16 Aibreán 2023.

I gcás na gcomórtas amhránaíochta traidisiúnta, is iad buaiteoirí Chorn Uí Riada (Bríd Ní Mhaoilchiaráin), Shean-Nós na mBan (Sláine Ní Chathalláin) agus Shean-Nós na bhFear (Domhnall Ó Braonáin) ó Oireachtas na Samhna 2022 a bheidh ag glacadh páirt ar son na hÉireann. Roghnófar amhrán na hÉireann do Chomórtas Amhrán Pan-Cheilteach ag ócáid in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach, Dé Sathairn, 28 Eanáir 2023 ag 8.00 p.m.

“Is deis iontach iad na comórtais chun blaiseadh agus léargas a fháil ar chultúr na dtíortha Ceilteacha eile. Chomh maith leis sin, tugann sé ardán nua cruthaitheach d’ealaíontóirí na hÉireann,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach.

“D’éirigh go maith leis na hÉireannaigh sna comórtais thar na mblianta, go háirithe san amhránaíocht thraidisiúnta agus san amhránaíocht nuachumtha agus i mbliana ba mhaith linn tallann na tíre seo a léiriú sna comórtais cheoil, damhsa agus córacha freisin chun ár gcultúr saibhir a chur chun cinn i measc ár gcairde Ceilteacha.”

Ar chlár na féile beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, córacha, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus, ar ndóigh, na comórtais éagsúla ar siúl le linn na féile.

Is é an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais, an 20 Márta 2023. Is féidir foirm iontrála a fháil ar líne.

Tionóladh an chéad Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach i mí na Bealtaine 1971 agus déantar ceiliúradh ar chultúr Ceilteach na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Briotáine, Chorn na Breataine agus Oileán Mhanann mar chuid den fhéile.

Glacfaidh amhránaithe ó Chonamara, Dún na nGall, Corcaigh agus ó cheantair eile ar fud na tíre páirt sa Chomórtas Amhrán Nua Pan-Cheilteach 2023 a bheidh ar siúl Dé Sathairn beag seo i gCeatharlach.

Sé amhrán déag atá ar an ngearrliosta don chraobh agus an deireadh seachtaine beag seo roghnóidh moltóirí an t-amhrán a rachaidh ar aghaidh go dtí an comórtas idirnáisiúnta.

IMRO agus Comhairle Chontae Cheatharlach atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn, Foras na Gaeilge, Pan-Cheilteach agus Glór Cheatharlach. Bronnfar trí dhuais ar an oíche – €100 don tríú háit; €200 don dara háit; agus €1,000 móide an trófaí náisiúnta don chéad áit.

Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an ceol agus an cur i láthair. Osclófar na doirse in Amharclann GB Shaw ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8i.n. Cead isteach €12 agus beidh ticéid ar fáil ag an doras.

Fág freagra ar 'Ceoltóirí agus amhránaithe á lorg chun seinm agus canadh d’Éirinn i gcomórtas idirnáisiúnta'