Cén teideal a thabharfaidh mé ar an bpíosa seo?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Is fiú do mhachnamh a dhéanamh i gceart sula mbaistfidh tú teideal ar phíosa scríbhneoireachta, is ionann é agus an mana a dhíolfaidh do scéal…

Cén teideal a thabharfaidh mé ar an bpíosa seo?

Agus uasdátú á dhéanamh agam ar shean-ghearrscéal de mo chuid do thogra nua, rith sé liom teideal nua a chur ar an scéal, rud a léireodh – dom féin, pé scéal é – gur scéal éagsúil, nach mór, a bhí sa leagan nua.

Ar Lá na nAithreacha a thiteann an scéal sin amach, agus chuimhnigh mé ar Lá na nAithreacha a bhaisteadh ar an leagan nua.

 Malandro atá ar an seanleagan (tá sé ar fáil sa chnuasach Gonta) agus chuimhnigh mé ar chomhairle a thug gníomhaire litríochta dom tráth: ná bíodh teideal scéil déanta suas as focail iasachta amháin. Má dhéanann tú sin, a dúirt sí, beidh sé deacair ar léitheoirí téama an scéil a oibriú amach.

Ach níor luaithe Lá na nAithreacha ar m’aigne nó chuimhnigh mé ar lacáiste 25 faoin gcéad a bhí ar spáda sa siopa garraíodóireachta an tseachtain seo caite. Ba é an chaoi go raibh an mana Lá na nAithreacha 2025 brandáilte isteach in adhmad na coise, agus bhí Lá na nAithreacha 2025 díreach thart. Bhí na spáda sin chomh mealltach céanna le cártaí Nollag i lár an tsamhraidh.

Ag caint ar an Nollaig, ba iad Cois Life, na foilsitheoirí, a d’impigh orm, tráth, gan Gaillimh, Oíche Nollag a thabhairt ar scéal (An Sceach) a thiteann amach, bhuel, i nGaillimh, oíche Nollag. Bhí an ceart ar fad acu. Tá rud éigin faoi theidil a bhaineann le séasúir agus le féilte a chuireann uisce le do bhéal agus an t-am sin den bhliain ag druidim, ach a chuireann rud éigin cosúil le masmas ort an chuid eile den bhliain (ar mhaith leat latte spíosrach puimcín anois díreach agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch?)

An phríomhfheidhm a bhíonn ag teideal, gan dabht, ná blaiseadh a thabhairt den saothar. Caithfear do scéal a dhíol, agus is é an teideal an mana fógraíochta. Féadfaidh teideal leid a thabhairt faoi théama, faoi shuíomh, faoi charachtar nó fiú amháin faoi struchtúr scéil (bhaist Alice Munro Axis ar ghearrscéal iomráiteach dá cuid ina dtrasnaíonn snáithe scéil beirt lánúineacha éagsúla a chéile.)

Féadfaidh teideal a bheith gearr nó fada, ach rud éigin a ghreamóidh in aigne an léitheora atá uait.

An rud nach bhfuil uait ná teideal a chuirfidh mearbhall ar léitheoirí, a chuirfidh ó dhoras scun scan iad, atá diúltach (diúltaíodh, tráth, do Ní cártaí poist iad seo mar theideal ar leabhar grianghrafadóireachta de mo chuid toisc go raibh an focal ‘ní’ ann) nó (seo é an rud is mó a chuireann olc orm féin) teideal a chothaíonn tuairimí faoi ábhar an scéil nach bhfíorófar.

Fág freagra ar 'Cén teideal a thabharfaidh mé ar an bpíosa seo?'