Cén rath a bheadh ar rialtas mionlaigh? Fianaise ón iasacht…

Is féidir le rialtas mionlaigh tír a rialú, má théann polaiteoirí i mbun oibre leis an meon ceart

dail_chamber_2-1275

Thug an breitheamh Michael Moriarty foláireamh soiléir dár dTeachtaí Dála Dé Máirt, cé nár thagair sé don tsáinn pholaitiúil in aon chor.

Go deimhin ní raibh focal faoi chúrsaí polaitíochta ina bhreithiúnas nach bhfuil an dlí a bhaineann le fionraí ar théarmaí príosúin ag teacht leis an mBunreacht. Mar sin féin, bhí trí rabhadh indíreach ina bhreithiúnas do pholaiteoirí na tíre.

1. Ní de réir amchlár na Dála a theastaíonn rialtas nua ón tír.

2. Rachaidh an riachtanas i dtreise in aghaidh an lae.

3. Cá bhfios cé chomh luath is a léireofar práinn rialtais níos géire fiú amháin ná an phráinn a léirigh a bhreithiúnas Ard-Chúirte?

Ní fios fós cén toradh a bheidh ar na comhráite faoi bhunú rialtais, is é sin más bunú rialtais seachas olltoghchán eile atá romhainn. Ach má bhíonn rath ar na comhráite, beidh ré nua pholaitiúil ag teannadh linn, ina dtoghfar Taoiseach a bheas i gceannas ar rialtas gan é a bheith i ngiorracht do mhóramh Dála.

Rinne scata taighdeoirí ón Institiúid Rialtais i Londain staidéar cúpla bliain ó shin ar na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ón tslí inar fheidhmigh rialtais nach raibh móramh parlaiminte acu i gCeanada, in Albain agus sa Nua Shéalainn. Breathnaítear de ghnáth ar an Nua Shéalainn, nár toghadh rialtas le móramh parlaiminte ann ó 1999, mar thír a rialaítear go héifeachtach.

Is féidir an tuairisc iomlán a léamh ar shuíomh idirlín na hInstitiúide anseo, ach seo a leanas achoimre ar na príomhphointí:

Comhthuiscint Mura léiríonn rialtas mionlaigh toil (a) chun polasaithe a phlé dáiríre lasmuigh den rialtas, agus (b) chun teacht ar chomhréiteach réasúnta, teipeann ar an rialtas tar éis tamaill. Níl dualgas ar rialtas mionlaigh géilleadh i gcónaí, ach ní bhíonn sé ar a gcumas buachan go síoraí ach an oiread.

Cailleadh Ní féidir le rialtas mionlaigh a bheith cinnte riamh go nglacfaidh an pharlaimint leis na beartais a mholann siad. Ní foláir glacadh leis mar sin go mb’fhéidir go mbuafar orthu go minic, agus gurb ionann cailleadh agus céim i dtreo an chinnidh a nglacfaidh móramh leis ar ball.

Trédhearcacht Má fhógraíonn rialtas mionlaigh aidhmeanna fiúntacha fadtéarmacha, agus má phléitear go hoscailte iad, bíonn seans réasúnta ann go dtiocfaidh móramh i bparlaimint ar aon tuairim faoi bheartais a rachaidh chun sochair don tír.

Rialtas Is fusa rialtas mionlaigh a riar, i gcomparáid le comhrialtas. Cén fáth? Ní ar chur chuige príobháideach idir pháirtithe atá i mbun comhrialtais ach ar chaidreamh oscailte idirpháirtí a bheidh gach cinneadh rialtais ag brath.

Freasúra Nuair a bhíonn rialtas mionlaigh i gcumhacht, bíonn deis ag an bhfreasúra cur ina luí ar an rialtas sin glacadh le moltaí níos minice ná mar a ghlacfaí leo de ghnáth. Ach is minice freisin a bhíonn freagracht ag teastáil, má táthar (a) chun polasaithe fiúntacha a chur i bhfeidhm, agus (b) polasaithe gan mhaith a sheachaint.

Meáin Is furasta breathnú ar gach cailleadh rialtais mar chomhartha éagumais nó mí-éifeachta. Teastaíonn stuaim mar sin i measc iriseoirí (cloisim gáire searbh cheana féin ar chúis éigin) nuair nach mbíonn móramh rialtais i bparlaimint chun deimhin a dhéanamh de thoradh vótála mar a bhíonn de ghnáth.

Tá amhras ort? Nach léir, a deir tú, nach ann sa tír seo don stuaim, ná don chrógacht, ná don toil réitigh a theastódh le rialtas dá leithéid a bhunú agus a choinneáil ar snámh? Níl, ar ndóigh. Fós, pé scéal é…

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Cén rath a bheadh ar rialtas mionlaigh? Fianaise ón iasacht…'