Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘West Brit’, ‘Fake News’, ‘LGBT’ agus ‘Chicken Wings’? Tuilleadh téarmaí curtha leis bhFoclóir Nua

Tá líon beag iontrálacha nua curtha leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge mar chuid den obair chothabhála atá déanta ag foireann an fhoclóra ar an suíomh focloir.ie.

Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘West Brit’, ‘Fake News’, ‘LGBT’ agus ‘Chicken Wings’? Tuilleadh téarmaí curtha leis bhFoclóir Nua

Tá ‘West Brit’ ‘housing crisis’, ‘fake news’ agus ‘chicken wings’ i measc na bhfocal nua atá curtha leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge de bharr éileamh ón bpobal.

Tá líon beag iontrálacha nua curtha leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge mar chuid den obair chothabhála atá déanta ag foireann an fhoclóra ar an suíomh focloir.ie. Bunaithe ar na focail is mó a bhíonn á gcuardach ag úsáideoirí an tsuímh agus ar ábhar atá go mór i mbéal an phobail atá na hiontrálacha nua sin.

Cuireadh críoch oifigiúil le bailiú na bhfocal níos luaithe i mbliana ach tá an obair chothabhála ag dul ar aghaidh i gcónaí agus deis ag lucht an fhoclóra corrfhocal a chur leis an bhfoclóir anseo agus ansiúd.

‘Iar-Bhriotanach’ an téarma atá roghnaithe do ‘West-Brit’ an Bhéarla, Ba é Daniel O’Connell a chum an téarma ‘West-Briton’ agus ó shin i leith caitear le hÉireannaigh é a shíltear róbhá a bheith acu le nósanna na Breataine nó le rialtas na Breataine féin.

Ag labhairt dó i Westminster agus é ina Fheisire Parlaiminte sa bhliain 1832 dúirt O’Connell go raibh muintir na hÉireann réidh le bheith mar chuid d’impireacht na Breataine.

“The people of Ireland are ready to become a portion of the Empire, provided that they be made so in reality and not in name alone; they are ready to become a kind of West Briton if made so in benefits and in justice; but if not, we are Irishmen again,” a dúirt sé.

I measc na dtéarmaí nua eile atá curtha leis an bhfoclóir tá  ‘bréagnuacht’, nó ‘fake news’ an Bhéarla, agus cé nárbh é uachtarán Mheiriceá Donald Trump a chum an téarma úd, is minic a bhíonn sé á úsáid aige le cur síos ar scéalta nuachta a fhoilsítear faoi féin. Tugadh ‘Bliain na Bréagnuachta’ ar an mbliain 2016 mar gheall ar líon na dtuairiscí ‘nuachta’ bréagacha a foilsíodh le linn na bliana, agus le linn an fheachtais uachtaránachta i Meiriceá go háirithe.

Bíonn cúrsaí reatha go mór sa treis ag lucht na Gaeilge, ní foláir, agus is leis an réimse sin a bhaineann an tríú téarma ar an liosta nua freisin — ‘housing crisis’. Tá an ‘géarchéim tithíochta’ go mór i mbéal an phobail le tamall de bhlianta anuas agus tá glacadh oifigiúil anois ag an téarma sin.

Téarmaí a bhaineann le cúrsaí oideachais atá i bpéire de na focail nua a cuireadh leis an suíomh ar maidin, is iad sin ‘classroom management’, nó ‘bainistíocht ranga’, agus ‘applied maths’, nó ‘mata feidhmeach’.

Tá focail a bhaineann leis an bpobal aerach ar fáil cheana féin ar an bhfoclóir — ina measc ‘leispiach’, ‘aerach’, ‘déghnéasach’, agus ‘trasghnéasach’ – ach tá stádas oifigiúil tugtha san fhoclóir don téarma ‘LADT’, macasamhail LGBT an Bhéarla, le cur síos ar rudaí a bhaineann leis an bpobal sin trí chéile.

Tráthúil go maith tá leagan Gaeilge de ‘snow globe’, maisiúchán Nollag a tháinig chun cinn sa Fhrainc i lár an 19ú haois, curtha leis an bhfoclóir in am do Nollaig 2017.

‘Cruinneog shneachta’ a bheidh ar do ‘snow globe’ feasta.

Beidh orainn fanacht tamall eile ar na ‘turkey wings’ a bheidh á gcogaint an mhí seo chugainn againn ach tá leagan Gaeilge oifigiúil ar fáil anois do na ‘chicken wings’—‘eití sicín’.

Tá nuashonrú déanta ag foireann an fhoclóra ar 12,000 iontráil san fhoclóir nua mar chuid den obair atá ar bun an leagan clóite a réiteach. Rinneadh atheagarthóireacht ar iontrálacha le “leanúnachas trasfhoclóra” a chinntiú agus ceartaíodh roinnt botún litrithe a aimsíodh ar an suíomh.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘West Brit’, ‘Fake News’, ‘LGBT’ agus ‘Chicken Wings’? Tuilleadh téarmaí curtha leis bhFoclóir Nua'

  • Breandán Mac Cormaic

    Tá focal deas gonta i nGaeilge le fada ar “West Brit”-Seoinín!1Is rogha saoithíneach é “Iar-Bhriotanach cheapfainn.

  • Liam Ó hÍr

    Mholfainn go n-aithrítear ‘trasghnéasach’ san alt seo chun an téarma reatha ‘trasinscneach’. Sin téarma a usáidtear sa lá atá inniú ann go fairsing i measc ciorcal LADT. Táim i m’oibreoir carthanachta le daoine trasinscneacha agus go ginearálta feictear ‘trasghéasach’ anois mar théarma atá as dáta, agus a mhaslaíonn a lán daoine. Seachas é sin grma as an téarma LADT a chur in iúl do dhaoine :)

  • Eoin Ó Murchú

    Eití sicín? Céard a tharla don fhocal circeóil a chuala mise an chéad uair a raibh mne sa ngaeltacht? Má ta mairteóil (feoil mhairt), muiceoil (feoil muice) agus uaineoil (feoil uain) again nach coir eití circeola a rá thar eití sicín?

  • Seanán Ó Coistín

    Tá an ceart ar fad agat a Eoin. Ní itear uain. Itear uainfheoil, uaineoil ar na saolta seo. Ní itear cearc ach a feoil mar sin bheadh eití circeola níos beaichte.

    Dar liom, tá míthuiscint leis an bhfocal aerach. Is éard is brí le haerach ná duine gealgháireach. Is ait liom aerach a thabhairt ar dhuine a bhfuil dúil acu sa ghnéas céanna. Tig le buachaill nó cailín a bheith aerach ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil dúil acu i duine den ghnéas céanna leo féin. Cad faoi oíche aerach? Níl ansin ach oíche spraoiúil gan aon bhaint aici le dúil sa ghnéas céanna. Tá gá le focal eile seachas aerach. Nílim in ann ceann a chumadh anois ach tá rud éigin ciotach le haerach.