Cén fáth na fógraí Béarla go léir ar TG4? Níl a fhios agam céard é an solution…

Is dócha gur ceist tráchtála agus tola í, ach is annamh anois go bhfeicfeá fógra toirtiúil as Gaeilge ar TG4

Cén fáth na fógraí Béarla go léir ar TG4? Níl a fhios agam céard é an solution…

Nach ait iad na rudaí a ritheann leat agus tú leathdhíomhaoin. Bhíos sínte ar an gcúits le déanaí, leathshúil agam ar Nuacht TG4 agus leathshúil eile ar mo chuid oibre ar an ríomhaire glúine nuair a chuala rud a bhain geit asam i rith na bhfógraí. Fógra snasta, deisbhéalach i nGaeilge. Turas siar bóithrín na smaointe má bhí a leithéid riamh ann.

Sibhse atá críonna go leor le cuimhne a bheith agaibh ar na nóchaidí cuimhneoidh sibh ar an dua a chuir Teilifís na Gaeilge agus comhlachtaí poiblí is príobháideacha orthu míreanna fógraíochta a sholáthar i nGaeilge. N’fheadar fós an rabhadar luite amach orthu féin mar go gceapadar go raibh orthu fógraí a sholáthar i nGaeilge nó an raibh an stáisiún ag tathant orthu. Ach glacadh leis gurb é ceann de na rudaí ba shuaitheantasaí agus ba thábhachtaí faoin stáisiún nua – an teanga ag guailleáil isteach i saol na tráchtála ar bhealach nár tharla le fada.

Pé acu scéal é d’imigh an díograis sin agus tháinig seo. Is dócha gur ceist tráchtála agus tola í, ach is annamh anois go gcloisfeá fógra toirtiúil as Gaeilge. Tá an Nuacht ar cheann den fhíorbheagán clár do dhaoine fásta ina bhfuil an Ghaeilge go hiomlán in uachtar. Dá mbeadh fógraí i nGaeilge le craoladh don chroíphobal is i rith bhriseadh na Nuachta a cheart tosnú.

Mar fhuascailt ar an díomhaointeas thugas sracfhéachaint ar bhriseadh fógraí na Nuachta ó Luan go Déardaoin níos túisce an mhí seo.

Dé Luain:

  1. Fógra ó TG4 féin faoin gclár The Underdogs. Cuid mhaith de as Gaeilge ach óir go bhfuil an Béarla go hiomlán in uachtar sa chlár céanna bhí go leor Béarla le cloisint chomh maith. 
  2. Fógra ó Head and Shoulders le Claudia Winkleman ag cur di ina teanga dúchais.
  3. An comhlacht gutháin Three agus iad ag cur díobh i dteanga na Banríona faoin tábhacht a bhaineann le bheith cruinn le do chuid focal
  4. Dettol –  Béarla
  5. Axa ag caint faoi árachas tí – Béarla
  6. An Crannchur Náisiúnta – chuir an ceann seo iontas agus alltacht orm. An fógra céanna is a chímid ar RTÉ. Nach bhféadfaí guthú a dhéanamh air ar phinginí pitseála?

Dé Máirt:

  1. Paiste cainte ó Mháirín Ní Ghadhra faoi 7Lá
  2. Fógra snasta as Gaeilge (le scríbhinn i nGaeilge ar scáileán) ó recyclinglistireland.ie. Píobaireacht faoi athchúrsáil; na nithe cearta a chur sna boscaí bruscair cearta.
  3. Seachtain – ceann as Béarla ón Irish Independent faoin bhforlíonadh Gaeilge a bhíonn acu. Ceann eile a chur iontas orm.
  4. Super Valu – Béarla
  5. An Crannchur Náisiúnta – fógra difriúil ach as Béarla arís.
  6. Fógra as Béarla ón Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara faoi shábháilteacht feirme.  An t-aon Ghaeilge a bhí le feiscint ná ainm na Roinne greanta i bhfocail bheaga ag bun an scáileáin.

Dé Céadaoin:

  1. Underdogs – an fógra céanna arís.
  2. Head and Shoulders arís – Ní foláir nó go bhfuil Proctor agus Gambel den tuairim go bhfuil fadhb ag pobal na Gaeilge le  sail chnis.
  3. Fairy Liquid – cúrsaí glantacháin arís
  4. Scholl – Béarla – ag píobaireacht faoi bhoinn istigh i do bhróga
  5. Gillette – Béarla

Déardaoin:

  1. Underdogs – an fógra céanna chugainn arís eile óir go raibh an clár á chraoladh an oíche sin.
  2. 7Up – Béarla
  3. Ulster Bank – Béarla
  4. SuperValu, dream a dhéanann iarracht ó thaobh na Gaeilge ina gcuid siopaí – Béarla
  5. Guinness – Béarla – táirge Éireannach, mar dhea

Tá’s agam go bhfuil baint ag cúrsaí gnó leis seo; ‘sé sin na comhlachtaí (na cinn phríobháideacha) ag iarraidh an oiread custaiméirí agus is féidir a aimsiú agus TG4 ag iarraidh a gcuid airgid a fháil. Ach ba chóir scagadh a dhéanamh ar an gceist seo. De réir pobalbhreith a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge i mbliana, is túisce a cheannódh ceathrar as gach deichniúr ó dheas agus triúr as gach deichniúr ó thuaidh táirge a mbeadh Gaeilge ar an bpacáiste. Tá sé in am dul i mbun cainte leis na comhlachtaí seo arís, cuid acu atá i bpíobán a chéile ag iarraidh a chruthú cé acu is Gaelaí. An bhfuil gach spreagadh agus tacaíocht á thabhairt dóibh ag TG4 fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge?

Pe scéal é ní dóigh liom gur cheart don ghiolla a bheith ina mháistir ó thaobh cúrsaí teanga ag craoltóir poiblí na Gaeilge. Faoi mar a deir duine amháin ar fhógra na Underdogs (a chonac trí bhabhta) agus trácht á dhéanamh ar achrann sa champa: ‘Níl a fhios agam cad é an solution’.

B’fhiú áfach réiteach a lorg.

Fág freagra ar 'Cén fáth na fógraí Béarla go léir ar TG4? Níl a fhios agam céard é an solution…'

  • Mustafa

    Goodness me! Don’t you people know that Erse is not a language to sell a pig in! Bhí TG4 mar seo ón gcéad lá. Cuimhnigh ar na poist ar fad a bheadh cruthaithe dá mbeadh cinneadh ceart déanta acu an chéad lá? Not a language to sell a pig in …

  • Pól Ó Braoin

    Níl an toil ann, cheapfainn féin, an Ghaeilge a theaspáint ina teanga phraiticúil seachas mar chineál caitheamh aimsire inár measc siúd nárbh fhéidir linn ár saol a chaitheamh i gceart gan béarla. Níl muid ag iarraidh “mearbhall” a chur ar dhaoine… ní bheadh sé sin go maith dár sláinte…

  • Seanán Ó Coistín

    Tá an ceart ar fad ag Breandán. Ba cheart go mbeadh fógraí i nGaeilge amháin ar TG4 mar chruthódh sé poist do dhaoine le Gaeilge agus cuirfeadh sé le TG4. Bheadh níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil i rith an lae.

    Ní thuigim cén fáth nach ndéanann TG4 iarracht níos mó tathant ar chuideachtaí fógraí i nGaeilge a cheannach.

  • Micheal O Doibhilin

    Tá TG4 ag iarraidh an Béarla a chur ina luí are muintir an Ghaeilge gan dabht. Féach ar an méid scannáin a bhíonn á craoladh air. Má craoltar clár as Gaeilge, bíonn fo-thuidil as Béarla leis, mar cabhair dóibh siúd gan Gaeilge. Ceart go leor.
    Ach, má craoltar clár as Béarla, ní bhíonn fotheidil as Gaeilge leis – caithfidh Béarla líofa a bheith agat. Mar sin, tá sé soiléir go bhfuil faoi muintir TG4 iachall a chur ar muintir le Gaeilge an Béarla a bheith acu agus é a úsáid, fiú sa bhaile.
    Mo náire ortha. Má’s ceist airgid atá ann, ná cuir fotheidil Béarla ar cláracha as Gaeilge agus caith an airgiead ar fotheidil as Gaeilge ina áit.

  • Roibeard

    A language that uses ‘words’ like ‘tvuit’ and ‘ ‘cuits’ doesn’t deserve respect.

  • uinseann mac thómais

    Dóibh siúd ag plé leis an bpleanáil teanga, mar atáim féin, céard faoi roinnt fógraíochta áitiúil a chur le chéile ar fhíseáin gearra ar an Ifón. Tionscnaimh (scoile?) do dhaoine óga ach go háirithe! Tá an caighdeán taifid ar an Ifón, deirtear, ar chaighdeán craolta. Dá réir, measaim nach bhfuil aon leithscéal ann maidir le cumadh fógraíochta i nglan Ghaeilge. Seans, ach na ruibricí cuí a bheith curtha i gcrích go mbeadh TG4 sásta iad a chraoladh. Níl de dhíth orainn ach samhlaíocht, script, taifeadadh, eagarthóireacht agus craoladh. Bua Bua do chách! (más ceadmhach sin a rá)

  • rossa ó snodaigh

    Nár bhreá go raibh fógrai i nGaeilge ar an t-aon teilfís Gaeilge ar domhan.
    Séard atá go nglacfar céimeann beaga ina threo sin. Dá ndeirfidís go mbeidh siad ag diúltú fógraí i mBéarla ó rannaí stát mar thús (iad féin ina measc) agus go mbeadh siad ag ídiú an t-am a dtugtar d’fógraí Béarla ag an amcéanna le bheith ag ofráil rátaí níos ísle orthu siúd a dhéanfadh a gcuid fógraí leo i nGaeilge.
    Ach ní amharcann daoine ar TG4 chun amharc ar fógraí agus seans go rachadh siad i bhfeidhm orainn níos mó mar nach n-athródh, sinne a bhreathnaíonn air TG4, an stáisiún le linn na fógraí dá mbeidís i nGaeilge.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bí cinnte gur ceist airgid faoi ndeara na fógraí seo as Béarla. Táid déanta i mBéarla ón tús agus le feiscint ar RTÉ, gan trácht ar chuid eile acu ó Shasana. Tá na deiseanna ann chun athghuthú a dhéanamh orthu nó ar iad a chur in oiriúint don nGaeilge. Tá seo á dhéanamh ar roinnt cláracha do leanaí; tá fo-theidil á gcur ar chláracha ceannaithe isteach, Fíorscéal, mar shampla. Tá costas ar seo á dhíol ag dream éigin, bíodh san comhlacht príobháideach nó TG4 féin. Ach tá sé thar am tabhairt faoi. Tá na pleananna ann ach cuimhneamh orthu.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ní leor lucht féachana TG4 chun comhlachtaí a spreagadh chun leagan nua dá gcuid fógraí a dhéanamh. Mura mbíonn cead acu na fógraí céanna Béarla a úsáid, roghnóidh siad gan a bheith ag fógairt in aon chor agus ansin beidh sos tosta náireach againn agus sparán folamh ag TG4 nach mbeidh?