Cén fáth go raibh fir mheánaosta ag caoineadh ag ceolchoirm Oasis?

Bhí Ógie Ó Céilleachair i measc na sluaite i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine agus é tugtha ar aistear siar go dtí na 1990idí, a óige, agus go siopa ceoil Ben O’Neill i nDún Garbhán

Cén fáth go raibh fir mheánaosta ag caoineadh ag ceolchoirm Oasis?

Cumha. Freagra róshimplí agus róbhunúsach é sin ar an gceist thuas. Tá níos mó i gceist leis ná sin. B’fhéidir go raibh mise, fear meánaosta, ina measc siúd a bhí ag gol le linn leithéid ‘Slide Away’ nó ‘Champagne Supernova’ oíche Dé Sathairn i bPáirc an Chrócaigh, os comhair an stáitse. Ní cuimhin liom chun an fhírinne a rá. Ní mar gheall ar an méid piontaí a bhí ólta ach go raibh na mothúcháin chomh tréan sin.

Ionas go raghaimid níos doimhne sa scéal caithfimid turas a thógaint siar go dtí na 1990idí. Bhíomar inár ndéagóirí agus bhí na hábhair chéanna ag cur as dúinn is atá ag cur as do dhéagóirí an lae inniu. An uair sin, áfach, ní raibh an t-idirlíon againn chun iniúchadh a dhéanamh ar ár gcuid mothúchán agus míniú nó lipéad a aimsiú le hainm a chur ar a raibh á mhothú againn. Ní raibh comhairleoirí scoile ag feidhmiú ar an scála céanna is atá inniu chun an tacaíocht sin a thabhairt dúinn. Bhí tuismitheoirí iontacha ag roinnt mhaith againn, gan dabht, ach ní raibh fonn orainn scéalta príobháideacha (nó náireacha) a roinnt leo. An t-aon rud a bhí ag cuid mhór againn ná ceol.

Den chéad uair lenár gcuimhne bhí fir fhearúla ag caint faoina gcuid mothúchán, maith agus olc, i nguth a thuigeamar. Ní hamháin sin ach bhí siad in ann labhairt faoi na mothúcháin ach fós dul ar aghaidh sa saol agus craic nó spraoi a bhaint as. Dá bharr sin, bhíomar ábalta téip nó CD a chur ar siúl, teitheadh go seomra nó cúinne éigin, éisteacht leis agus cabhair nó treoir a fháil lenár gcuid mothúchán a aithint.

Ní raibh trácht ar imní, sláinte intinne nó aireachas ag an am ach b’in a bhí ar siúl againn. Cá bhfios? Is dócha go n-íocann daoine i bhfad níos mó ná praghas CD ar an teiripe ceoil sin inniu! Níl aon dabht ann ach gurbh in iad na mothúcháin a bhí ag eascairt as fir fhásta i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine.

Sa lá atá inniu ann is earra é an ceol gur féidir é a chaitheamh uait go fuirist agus go tapa. Chomh maith leis sin tá fáil éasca agus mear ar an gceol faoi láthair. Is féidir an fón a bhaint ón bpóca agus aon amhrán faoin spéir a bheith á sheinnt laistigh de chúpla soicind. Mura dtaitníonn an traic leat is féidir fáil réidh leis díreach chomh tapa. Mea culpa. Tá sé déanta agam féin go minic.

Scéal difriúil a bhí ann sna 90idí. Bhí aistear i gceist chun ceol a aimsiú. I dtús báire bhí orainn airgead a bhailiú. Nuair a bhí praghas albam nó singil againn bhí orainn slí a fháil go Dún Garbhán, go minic ar an ordóg. Isteach linn go siopa Ben O’Neill agus cheannaíomar pé rud a bhí á lorg againn.

Thug sé sin úinéireacht dúinn ar an gceol agus nasc sé sin go tréan é lenár gcuid mothúchán. Más rud é go raibh rud éigin cosúil le fuaim Oasis ag teastáil uainn, ní raibh aon trácht ar algartam nó Google ach bhí uirlis againn a bhí níb fhearr ná iad sin. Joe Power. Ciclipéid agus foinse eolais maidir le ceol ab ea é agus ní raibh a shárú ar fáil. Mhol sé ceol dúinn bunaithe ar an eolas a thugamar dó.

Táim cinnte go raibh leithéid Ben O’Neill’s agus Joe Power i ngach baile mór in Éirinn ag an am. Sa chás nár thaitin an t-albam linn ar dtús ní raibh an dara rogha againn ach é a sheinnt arís is arís go dtí gur chuamar i dtaithí ar an gceol agus cion a bheith againn air tar éis tamaill. Tá na laethanta sin imithe anois. Cúis eile go raibh daoine ag caoineadh.

Fuaimrian mo shaoil ab ea Oasis agus tá siad liom gach lá ó shin. Nuair a fheicim eitleán go híseal san spéir smaoiním ar fhís ‘Supersonic’. Nuair a chloisim an t-eitleán cuireann sé tús ‘D’You Know What I Mean’ i gcuimhne dom.

I mo sheasamh in áit éigin eile sa Rinn cloisim tús ‘Columbia’ aon uair a bhíonn duine éigin ag caint ar na callairí i gColáiste na Rinne. Nuair a bhíonn ingearán sa spéir is féidir liom an tús atá ag an amhrán ‘What’s the Story Morning Glory’ a chloisint. Aon uair atá rud éigin ag tarlú de réir a chéile canaim ‘Little by Little’ liom féin. Má tá sé ag cur fearthainne go tréan airím ‘Cloudburst’. Sa chás go bhfuil mé caillte bím ag canadh ‘Going Nowhere’ go ciúin. Ar ndóigh, má bhíonn trácht ar Lasagne níl aon rud eile i m’aigne ach ‘Digsy’s Dinner’.

Ba bheag nár thit mo nia dá chathaoir nuair a d’inis mé dó cé mhéid a d’íoc mé ar thicéad chun Oasis a fheiscint. “Gheofá ticéad VIP go banna ceoil an lae inniu air sin,” a dúirt sé. Gheofá cinnte ach ní hionann iad agus Oasis!

Fág freagra ar 'Cén fáth go raibh fir mheánaosta ag caoineadh ag ceolchoirm Oasis?'

  • Kevin Hickey

    Ana-phíosa agus cuid mhaith den fhírinne ann – go raibh maith ag an údar.

    Pointe tábhachtach faoin athéisteacht agus faoin gcaoi a dtéann amhrán i gcion orainn de réir a chéile. Ba é an próiseas sin a chuidigh linn é a shealbhú i gceart freisin.