‘Cén fáth go gcaithfidh tú a bheith chomh gruama i gcónaí, Mamaí?’

An plean a bhí ag ár gcolúnaí ná na páistí a fhágáil ag snámh san fharraige sách fada le go mbeadh siad an-tuirseach agus go ngabhfadh siad a chodladh luath

‘Cén fáth go gcaithfidh tú a bheith chomh gruama i gcónaí, Mamaí?’

‘Tá sé sin grim, Mamaí,’ arsa an Cailín Mór Beag liom. Bhí mé tar éis a mhíniú dóibh cén fáth go raibh mé ag iarraidh orthu a bheith cúramach agus iad ag léim isteach sa bhfarraige ón ardán ar an gCarraig Dhubh i mBóthar na Trá.

Ba é an chéad uair againn a ghabháil ann agus ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh orm dul isteach san uisce. Bhí an tráthnóna go deas, ach bhí dath liath ar an bhfarraige agus beagán de bhorradh inti. Níor chuir sin a dhath riamh as don Chailín Mór Beag, don Bheainín ná do na sluaite a bhí istigh ag snámh agus ag léim isteach san uisce ón ardán.

‘Cén fáth go gcaithfidh tú a bheith chomh gruama i gcónaí, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom. ‘Tá tú ag cur faitís ar chuile dhuine!’

Bhreathnaigh mé ar an mBabaí. Bhí dath geal san éadan air. ‘Níl mé ag gabháil ag snámh arís sa bhfarraige arís go brách!’ a deir sé. Bhí mé imithe rófhada le mo léacht faoi chúrsaí sábháilteachta ba léir.

‘Céard a dúirt mé ach go bhfuil an t-uisce fuar in ann geit a bhaint as an gcorp is go bhféadfá anáil uisce a tharraingt isteach trí thimpiste agus do chloigeann istigh faoin uisce?’ a dúirt mé do mo chosaint féin. ‘Is í an fhírinne í!’

‘Is ea, Mamaí, ach ní raibh ort scéal mór fada a dhéanamh as,’ a dúirt sí, í ag creathadh agus dath gorm ag teacht ar a liopaí leis an bhfuacht.

‘B’fhéidir go bhfuil sé in am agat féin a theacht amach,’ a dúirt mé agus beagán imní ag teacht orm nuair a thug mé faoi deara go raibh sí ag creathadh leis an bhfuacht.

‘Níl mé réidh fós!’ a dúirt sí ag rith uaim ar ais go dtí an t-ardán le faitíos go gcuirfinn iachall orthu a theacht amach.

Chuaigh mé anonn go dtí an Babaí agus é ina sheasamh ar bhruach an uisce ag iarraidh an misneach a tharraingt chuige féin chun léim isteach sa bhfarraige ón ardán.

Thart ar 15 chéim Celsius a bhí teocht na farraige i nGaillimh an tráthnóna sin. Tuigtear dom go bhfuil an duine in ann 1–2 uair an chloig a sheasamh in uisce ag an teocht sin.

Is é an plean a bhí agam ná iad a fhágáil inti sách fada le go mbeadh siad an-tuirseach agus go ngabhfadh siad a chodladh luath ach gan iad a fhágáil chomh fada sin is go mbeadh athbheochan béal le béal ag teastáil. Níl sé éasca láimhseáil chothrom a dhéanamh ar phlean dá leithéid. Shíl mé go ndéanfadh idir leathuair agus trí cheathrú uaire an jab.

An faitíos a bhí orm ná nach raibh aon rang snámha ag an mBabaí le fada agus ní raibh mé cinnte cé chomh láidir is a bheadh sé ag snámh agus an t-uisce ródhomhain dó.

Ba léir gur ghoill sé air nach raibh sé in ann dul isteach le chuile dhuine eile. ‘Bhfuil a fhios agat céard é,’ a dúirt mé, ‘ach tabharfaidh mise amach thú ag cleachtadh i rith na seachtaine agus beidh tú in ann é a dhéanamh an chéad uair eile a bheidh muid anseo.’

Bheoigh sé ruainne beag. Bhreathnaigh mé amach ar an bhfarraige liath, ar an gcáitheadh farraige. Bhuail aiféala mé.

‘Amárach?’ a d’fhiafraigh sé díom agus a éadainín lán le dóchas.

‘Amárach?… OK, mar sin.’

Fág freagra ar '‘Cén fáth go gcaithfidh tú a bheith chomh gruama i gcónaí, Mamaí?’'