Caithfidh mé a rá gur chuir sé iontas orm cé chomh tapaidh agus a ghlac Bord Contae Chorcaí leis an gcinneadh Ben O’Connor a cheapadh mar bhainisteoir nua iománaíochta. Ó thaobh na ‘optics’ amháin fiú, cheapfá go mbeadh próiseas foirmiúil i gceist – an post a fhógairt, iarratais a lorg ó aon duine a raibh suim acu ann, agallaimh, agus ansin rogha a dhéanamh.
Mar sin féin, níl aon amhras ach gur rogha den scoth é Ben O’Connor Mar imreoir, bhí sé ar dhuine de na réaltaí ba mhó a bhí ag imirt le Corcaigh ag an am. Fiú mura bhfuil sé ach ag tús a aistir mar bhainisteoir, tá éachtaí déanta aige cheana féin le foireann faoi 20 Chorcaí agus obair mhaith deánta aige leis an Ráth agus le Mainistir na Corann.
Ní mór dom a admháil, áfach, gur cheap mé go raibh luas an cheapacháin beagán ait. Mar imreoir, bhí Ben mar chuid d’fhoirne sinsir Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1999, 2004 agus 2005, agus é ina chaptaen sa bhliain 2004. Lena chlub, Baile Nua Seandroma, bhuaigh sé ceithre chraobh contae chomh maith le trí bhonn cúige agus Craobh na hÉireann in 2004. Bronnadh gradaim All-Star air in 2006 agus 2008.
Trí bliana ó shin, tháinig O’Connor i gcomharbacht ar Pat Ryan mar bhainisteoir fhoireann faoi 20 Chorcaí, agus threoraigh sé an fhoireann go dtí Craobh na hÉireann in 2023. Roimhe sin, bhí sé i gceannas ar an Rath nuair a bhain siad príomhchraobh idirmheánach iomána an chontae agus bhí sé i mbun cóitseála ar Mhainistir na Corann nuair a thugadar príomhchraobh na sinsear leo in 2021. Guím gach rath air.
Chaitheas cúpla lá thar a bheith taitneamhach i sráidbhaile an cheoil agus na hiomána ag tosach na míosa. Sea, bhí sráidbhaile álainn na Fiacaile lán de cheoltóirí, ‘wannabe’ ceoltóirí agus lucht éisteachta don fhéile bhliantúil. Bhí an chraobh shinsir iomána tosaithe i gcontae an Chláir agus an fhoireann bhaile, a raibh comhscór aici ina céad chluiche, ag imirt an dara chluiche craoibhe oíche De Sathairn agus laoch mór an cheantair máguaird, Martin Hayes, ag seinnt sa séipéal an lá céanna. Bhí fear fuaime Hayes, Matt Purcell, á mo choimeád ar an eolas. Mar a tharla sé, bhí an bua ag buachaillí na Fiacaile.
An deireadh seachtaine seo, tá na babhtaí ceathrú ceannais acu sa Chlár agus roinnt coimhlintí suimiúla romhainn. Don dara bliain as a chéile, casfaidh Éire Óg agus Eidhneach-Cill na Móna ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais.
Bhí bua ag Eidhneach, 2-16 in aghaidh 0-22, nuair a chas na foirne ar a chéile mí Mheán Fómhair seo caite ach tá Éire Óg tar éis feachtas láidir a bheith acu go dtí seo i mbliana agus an bua faighte acu ar Chora Chaitlín, ar Wolfe Tones agus, mar a tharlaíonn sé, ar an bhFiacail.
Beidh Cluain Lára agus Baile Aodha ag tabhairt aghaidh ar a chéile, sin curaidh 2023 i gcoinne bhuaiteoirí 2022. Bhí siad sa ghrúpa céanna anuraidh agus bhuaigh Cluain Lára an cluiche eatarthu le hocht bpointe, ach is cuimhin le muintir Bhaile Aodha gur Cluain Lára a sáraíodh chun craobh an chontae a bhaint den chéad uair riamh i 2016. Is iad Ian Galvin agus Tony Kelly naoscairí na bhfoirne agus táthar ag súil le roinnt mhaith scóranna sa chluiche seo.
Idir an dá linn, beidh an Fhiacail, curaidh an chontae, ag tabhairt aghaidh ar fhoireann láidir ó Chluain Aodha-Cuinche nach bhfuil aon chluiche caillte acu go fóill. Ina ainneoin go bhfuil gortuithe tromchúiseacha ag cur as do bheirt imreoirí thábhachtacha de chuid na Fiacaile, an cúl báire Éibhear Quilligan agus an sárthosach Shane McGrath, léirigh an Fhiacail an-diongbháilteacht chun na babhtaí deireanacha a bhaint amach.
Ní dóigh go bhfuil mórán idir Chill Mháille agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh. Beidh sé ina chluiche mór do Bhrian Culbert, bainisteoir Chill Mháille, atá ag tabhairt aghaidh ar a chlub dúchais féin, foireann a bhfuil sé tar éis go leor a bhaint amach leo cheana féin mar imreoir agus mar bhainisteoir.
Tá buanna tábhachtacha faighte ag Cill Mháille ar Bhaile Aodha, ar Chreatlach agus ar an Scairbh, agus cé gur chlis ar an nDroichead i gcoinne Chluain Lára sa chéad bhabhta, tháinig siad slán le buanna ar Chroisín agus ar Naomh Seosamh Dúire-Gort Lomán, fiú agus roinnt imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu.
Beidh aicsean ó Chorcaigh ar TG4 amárach agus an cluiche grúpa deireanach ar siúl, idir na seaimpíní, na Sáirséalaigh, agus Fánaithe an Ghleanna, atá ar ais sa phríomhroinn i ndiaidh bliain a chaitheamh sa bhfásach, mar dhea.
Fág freagra ar 'Cén deifir a bhí ar Chorcaigh Ben O’Connor a cheapadh mar bhainisteoir?'