Léiríonn pobalbhreitheanna le scaitheamh go mbeidh Sinn Féin ar an pháirtí is mó sa chéad Dáil eile, ach cén chuma a bheadh ar an rialtas dá mbeadh siad i gcumhacht?
Mary Lou McDonald, An Taoiseach: Beidh an Taoiseach úr ag siúl ar théad rite nuair a bheas sí ag roghnú na gcúraimí éagsúla agus í ag iarraidh an chothromaíocht cheart a aimsiú idir seanfhondúirí an pháirtí (iarghunnadóirí ina measc) agus earcaigh nua a bheadh ábalta vótaí a fháil ón mheánaicme. Beidh jab níos deacra aici, áfach, gean an phobail a choinneáil nuair a bheas cinntí crua le déanamh. Drochsheans go dtabharfaidh an toghlach maithiúnas di má leanann sí treoir iarGhobharnóir Nua Eabhrac, Mario Cuomo, sé sin rialú i bprós tar éis di feachtas fileata a rith.
Pearse Doherty, An Tánaiste agus Aire Airgeadais:
Deirtear nár cheart riamh daoine a cheapadh i rialtas sa chúram céanna a bhíonn orthu san fhreasúra mar go mbíonn deacracht acu cloí lena gcuid gealltanas. Santaíonn fear Ghaoth Dobhair an jab seo, áfach, agus is é a bheas i mbun an sparáin má bhíonn Sinn Féin i rialtas. Ghoill tarcaisne Leo Varadkar go mór air nuair a bhaist sé Kwazi Doherty air anuraidh agus beidh sé ar a thréan díchill ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht áirithe sin. Bí ag súil le neart clamhsáin uaidh faoina laghad airgid a d’fhág an rialtas reatha sa státchiste.
Eoin Ó Broin, An tAire Tithíochta agus Pleanála:
Ceapachán baolach eile sa mhéid is go mbeidh sé fíordheacair aige beart a dhéanamh de réir briathar. Ach chuirfí ciniciúlacht agus claidhreacht pholaitiúil i leith Shinn Féin mura gceapfaí é sa chúram seo. Dála Stephen Kenny tuigfidh sé nach bhfuil an suíochán te leath chomh teolaí is a mheas sé agus nach bhfuil réiteach gach faidhbe aige. Beidh sé faoi shíor-ionsaí ag an fhreasúra ach tá deis a labhartha aige, rud a thabharfaidh an t-am breise a bheas de dhíth air chun leasuithe a chur i bhfeidhm. Arís eile, cuirfear an milleán ar a laghad a rinne an rialtas reatha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.
Louise O’Reilly An tAire Sláinte
Duine stuama, deisbhéalach agus cumasach atá ag teastáil le tabhairt faoi Angóla, mar a bhaist an t-iarThaoiseach ar an chúram. Beidh neart driseacha cosáin agus conspóidí i gceist agus níl a sárú ar fáil i mbun comhraic agus díospóireachta ar bhinse tosaigh Shinn Féin ná Teachta Fhine Gall. Is doiligh a shamhlú, áfach, go mbeidh fuascailt gach aon fhadhb sláinte ag Sinn Féin.
Mairéad Farrell, An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:
Tá próifíl thar a bheith ard aici mar urlabhraí sa fhreasúra in ainneoin gurb é seo an chéad téarma aici sa Dáil. Tá dintiúirí maithe Poblachtánacha aici (maraíodh a haintín i nGiobráltar) ach baineann sí fosta leis an íomhá úr atá an páirtí ag iarraidh a chruthú agus iad ag bogadh diaidh ar ndiaidh ó scáil an ghunnadóra. Tá cúlra airgeadais aici agus bheadh sí breá compordach sa ról seo.
Martin Kenny, Teifigh agus Lánpháirtíocht:
Glactar leis go coitianta go bhfuil i bhfad barraíocht cúraimí idir lámha ag Roderic O’Gorman sa Rialtas reatha. Níor samhlaíodh nuair a ceapadh é go mbeadh scéal na dteifeach ina ábhar chomh cigilteach is atá anois. Mar sin, beidh Aire ar leith le ceapadh chun dul i ngleic leis an fhadhb lóistín agus leis an bhorradh atá ag teacht ar agóidí logánta. Tá sé léirithe ag an Teachta Kenny gur fear misniúil é agus is é an t-iarrthóir is fearr don phost.
Matt Carthy An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta:
Chuideodh an tréimhse fhada a chaith sé mar Fheisire Eorpach leis sa chúram seo. Os a choinne sin, thig leis a bheith thar a bheith béalscaoilte in amanna agus níl a chuid scileanna taidhleoireachta thar mholadh beirte. Breá ábalta don tsáraíocht a bhaineann le bheith i d’Aire Rialtais. Beidh air aghaidh a thabhairt ar an pholasaí faoina ligtear d’Arm Mheiriceá tuirlingt in Aerfort na Sionna chun breosla a chur ina gcuid eitleán.
Pádraig Mac Lochlainn, An tAire Athaontaithe agus Athmhuintearais:
Bíonn Aireachtaí úra ag gach réimeas agus bheifeá súil le cúram den chineál seo mar chomhartha aitheantais d’aidhmeanna an pháirtí. Ról siombalach a bheadh ann den chuid is mó a d’fhóirfeadh do theachta as Dáilcheantar cois teorann. Titfidh sé ar an té a cheapfar stocaireacht a dhéanamh ar son pobalbhreith ar cheist na teorann agus a bheith ag eagrú mar is cuí dá leithéid. Bheadh neart deiseanna grianghrafadóireachta agus poiblíochta i gceist leis an jab trí bheith ag freastal ar chomhdhálacha, srl. Má bhíonn an ghaoth faoi sheolta Shinn Féin ins an chéad olltoghchán eile beidh siad ag súil leis an tríú suíochán i nDún na nGall agus seans go mbeidh suíochán rialtais Mhic Lochlainn ag brath ar a leithéid a bheith bainte amach acu. Cé gur thacaigh sé go tréan leis an fheachtas cúitimh do lucht míoca, ní bheidh sé buíoch díobh má bhíonn iarrthóirí acu ins an olltoghchán.
Rose Conway Walsh, An tAire Coimirce Sóisialaí:
Murab ionann agus go leor rialtas eile, níor cheart go mbeadh aon deacracht ag Sinn Féin comhionannas inscne a bhaint amach. Tá suíochán comhaireachta tuillte go maith ag bean Mhaigh Eo agus bheadh sí le trust ins an chúram sin.
Pa Daly, An tAire Oideachais, Scileanna agus Leanaí:
Ní hé Daly an t-urlabhraí freasúra is fuinniúla atá ag an pháirtí. É sin ráite, ní dócha go gcuirfeadh sé cos amú ach an oiread – scil ríthábhachtach lena chinntiú nach gcuirfear olc ar mhúinteoirí. Tá taithí mhaith faighte aige anois agus é glórach go maith ar an Choiste um Dhlí agus Ceart. Is mór an cuidiú é go mbeadh sé ábalta cúpla focal as Gaeilge a rá ag Comhdhálacha na Múinteoirí. Ach beidh ceisteanna nua ag teacht chun cinn ins an chúram cigilteach seo mar is léir ó chás Enoch Burke. Beidh an páirtí ag súil mar sin go mbeidh sé níos bríomhaire mar Aire ná mar a bhí sé mar urlabhraí Dlí is Cirt.
Carol Nolan, An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail:
Is dócha ná a mhalairt, nach mbeidh móramh iomlán ag Sinn Féin tar éis an chéad olltoghcháin eile. Chiallódh sé sin go mbeadh orthu cúig nó sé shuíochán rialtais a ghéilleadh do Pháirtí an Lucht Oibre nó do na Daonlathaithe Sóisialta. Ach dá mbeadh rabharta ann lá an chomhairimh, rachadh siad ag suirí leis an bhaicle teachtaí neamhspleácha ar de phór Shinn Féin iad. Má éiríonn le Carol Nolan a suíochán a choinneáil, bheadh seans aici margadh a dhéanamh leis an pháirtí a d’fhág sí sa bhliain 2018 de bharr a dtacaíocht don ghinmhilleadh. Tá a dáilcheantar Laois-Uíbh Fhailí roinnte ina dhá leath anois agus trí shuíochán ar fáil do gach aon chontae. Dea-scéal é seo don Nuallánach agus bheifeá ag súil go bhfaigheadh sí ceann de na trí shuíochán in Uíbh Fhailí. Seans fosta go mbeidh ar Shinn Féin cleamhnas a dhéanamh le ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, in athuair ach beidh sé sin ábhairín níos casta.
Claire Kerrane, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara: Bheadh Sinn Féin ag dul sa seans go mór le duine chomh hóg sin a cheapadh ins an chomhaireacht. É sin ráite, ba gheall le ráiteas misin a bheadh ann chun spreagadh a thabhairt do mhná agus do dhaoine óga tabhairt faoin pholaitíocht. Anuas air sin, is san Eoraip a dhéantar formhór na gcinntí talmhaíochta i láthair na huaire agus níl an post chomh dúshlánach is a bhíodh. Tá a cumas léirithe aici arís is arís eile sa Dáil agus sna meáin agus tá tuiscint mhaith aici ar na ceisteanna a bheadh ag dó na geirbe ag feirmeoirí, in iarthar na tíre go háirithe.
David Cullinane, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais: Tá an cúram seo ríthábhachtach do Shinn Féin más leo boladh na coirdíte a dhíbirt. Mar sin bheifí ag dul sa seans go mór a leithéid d’aireacht a thabhairt d’fhear a bhéic ‘up the ra’ agus ‘tiocfaidh ár lá’ nuair a toghadh é i bPort Láirge in olltoghchán na bliana 2020. Seans go bhfuil ceacht foghlamtha aige ón eachtra úd agus é breá béasach ó shin. Tá sé cumasach i mbun díospóireachta agus deisbhéalach ar na meáin chumarsáide.
Darren O’Rourke, an tAire Cumarsáide, Iompair agus Comhshaoil:
Bheadh Mary Lou ag dul sa seans leis an cheapachán seo fosta óir is beag rian a d’fhág teachta na Mí Thoir ar dhíospóireachtaí aeráide agus é ina urlabhraí thar ceann an pháirtí ar an cheist is práinní don chine daonna. Fear cliste é, a bhfuil leibhéal ard oideachais bainte amach aige, ach beifear ag súil le tuilleadh uaidh má thugtar suíochán ag bord rialtais dó.
Donnchadh Ó Laoghaire, An tAire Cultúir, Oidhreachta, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta:
Is beag a déarfadh nach bhfuil ardú céime tuillte aige. Fear tuisceanach, múinte é a bhí glórach go maith i rith na mblianta faoi na ceisteanna sainiúla a bhaineann leis an chúram fíorleathan seo. Tá sé de bhuntáiste aige leis gurb é an Teachta is cumasaí atá ag Sinn Féin i gCorcaigh agus ar ndóigh ní fhéadfaí ‘fíor-phríomhchathair’ a fhágaint gan suíochán rialtais.
Aengus Ó Snodaigh: Aire Stáit na Gaeltachta
Bheadh tuiscint mhaith aige ar an chúram ó tharla é a bheith ina Chathaoirleach ar an Chomhchoiste Oireachtais ar an Ghaeilge agus tá printíseacht fhada déanta aige mar urlabhraí Gaeltachta sa fhreasúra. Bheadh díomá air mura mbeadh suíochán comhaireachta aige ach d’fhéadfaí uasghrádú go ‘super junior’ a thabhairt dá chúram.
Seán Crowe: An Príomh-Aoire
Tá taithí fhada Parlaiminte aige ó toghadh é i dtús ama sa bhliain 2002. Beidh a leithéid de dhíth air mar go mbeidh neart cúlbhinseoirí corrthónacha ann nach mbeidh compordach leis an cheangal a bheas orthu vótáil ar son an rialtais ar cheisteanna conspóideacha. Beidh Crowe ag súil go mbeidh deis aige freastal ar chruinnithe rialtais mar atá ag an Phríomh-Aoire i láthair na huaire. Beidh dhá shuíochán eile ar fáil d’airí sóisearacha a bhíonn ag bord an rialtais agus beidh súil ag leithéidí Paul Donnelly, Ruairí Ó Murchú agus John Brady go bhfaighidh siad ardú céime. Tá Chris Andrews uaillmhianach fosta ach ceapachán conspóideach a bheadh ann agus é ag bagairt an dlí ar an Irish Times agus duine dá mheitheal iriseoirí. Bheadh suim ag an Dálach (agus an Snodach fosta seans) i bpost an Cheann Comhairle ach drochsheans go mbeidh go leor suíochán ag Sinn Féin chun a leithéid a thairiscint dóibh. An mbeadh sé le bronnadh mar fhéirín ar Pheadar Tóibín nó an bhféadfadh Seán Ó Fearghaíl fanacht dá thríú tréimhse?
Concubhar
Alt amaideach amach is amach nó tá sé bunaithe ar thuiscint aisteach ar pholataíocht na tíre. Má thoghtar SF, beidh orthu brath ar pháirtí eile le cumhacht a dhaingniú, seachas corr TD neamhspleach fánach.