Cén ceacht go fírinneach atá le foghlaim ó scéal na Gréige?

Is í fírinne an scéil faoin nGréig ná gur ghéill an tír sin – agus a rialtas ‘réabhlóideach’– don déine chéanna ar dhiúltaigh siad di go teoiriciúil

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Beidh dhá mhórábhar díospóireachta sa bhfeachtas toghcháin atá ag teannadh linn. Tá rogha le déanamh, dar leis an Rialtas, idir seasmhacht agus ainriail, idir cinnteacht agus éiginnteacht, toisc nach bhfuil an freasúra aontaithe. Tá rogha le déanamh freisin maidir le cúrsaí déine: an gcloíonn muid leis na seanpholasaithe nó an gcuireann muid ina gcoinne?

Scríobh mo chomhthráchtaire, Cathal Mac Coille, faoi seo le deireanas ar Tuairisc.ie, agus chuir sé ceist chrua ar pháirtithe na frithdhéine: ‘nach léir ó chruachás na Gréige agus ó fhorbairt bhreá na hÉireann go ndearnamar an rud ceart stuama?’.

Fágaimis as an áireamh gurb é nádúr na heacnamaíochta é go dtagann borradh is cliseadh i ndiaidh a chéile go rialta agus tá freagra fós ag teastáil ar an gceist a chuir Cathal faoin gceacht atá le foghlaim ón nGréig.

Ach is í fírinne an scéil faoin nGréig ná gur ghéill an tír sin – agus a rialtas ‘réabhlóideach’– don déine chéanna ar dhiúltaigh siad di go teoiriciúil.

Tá an Triúracht ag rialú na Gréige ó thaobh an gheilleagair de agus an déine á cur i bhfeidhm gan trócaire in ainneoin go bhfuil ag teip uirthi agus an tír scriosta ag an mbochtanas agus an easpa fáis aici. Céard atá taobh thiar den teip sin, den scéal faoin bpolasaí déine, nó faoin bpolasaí frithdhéine nár tháinig?

Ní amadáin iad lucht údaráis an Aontais Eorpaigh. Tá a fhios acu go bhfuil an Ghréig á ciapadh ag na polasaithe déine seo, ach is cuma leo. Tá a fhios acu go ndeir eacnamaithe go mbeidh géarchéim sa nGréig i mbliana. Ach is cuma leo.

Tá dhá chúis leis seo. Ar dtús, ní fheictear gurbh fhiú don Ghearmáin géilleadh d’éilimh na Gréige toisc gur léir go mb’fhearr leis an nGréig féin géilleadh don Aontas Eorpach seachas scaradh leis.

Ina dhiaidh sin, meastar dá ngéillfí don Ghréig gur ‘drochshampla’ a bheadh ann do thíortha eile ar nós na Spáinne agus na Portaingéile, atá i ndiaidh vótáil go láidir in aghaidh déine, nó do thíortha ar nós na hÉireann a bhfuil an rogha sin fós le déanamh acu.

Ach creideann Syriza na Gréige, Podemos na Spáinne agus, cinnte, an Páirtí Sóisialach sa bPortaingéil, gur féidir an Eoraip a chur ar mhalairt slí maidir leis an déine. In Éirinn ní luaitear fadhb na hEorpa sna prionsabail atá leagtha síos ag Right2Change agus deir Sinn Féin fiú anois go bhfuil siad ag iarraidh a bheith rannpháirteach san Aontas agus é a cháineadh ón taobh istigh.

Níl a fhios agam céard is brí leis seo, ach is dócha go mbeidh Sinn Féin ag iarraidh go seasfadh na páirtithe frithdhéine ar fud na hEorpa le chéile chun iarracht a dhéanamh ‘Eoraip nua’ a thógáil as smionagar na géarchéime seo.

Dar liomsa, siabhrán atá sa mhéid seo, mar bunaíodh an tAontas ar mhaithe le leas lucht rachmais na hEorpa a chur chun cinn. Is beag tionchar atá ag tíortha imeallacha an Aontais.

Agus sin í an cheist atá le cur ar Shinn Féin. Mura bhfuil an tAontas sásta cruth nua a chur air féin agus leas an ghnáth-dhuine a chur roimh leas lucht an mhór-rachmais, an ngéillfidís mar a ghéill Syriza, nó an seasfaidís an fód?

I bhfianaise stair ghluaiseacht na poblachta, creidim gur dóichí go seasfaidís an fód, mar ní féidir prionsabail an Right2Change a chur i bhfeidhm agus tús áite a thabhairt do riachtanais bhainc agus do lucht rachmais idirnáisiúnta na hEorpa ag an am céanna.

Anuas air sin, má bhíonn rialtais fhrithdhéine i gcumhacht sa Spáinn, sa bPortaingéil agus sa nGréig, is fearr an seans a bheadh ag Éirinn in aon idirbheartaíocht leis an Eoraip.

Beireann an argóint sin isteach go dtí croí na ceiste is bunúsaí ar fad i dtaobh oidhreacht an rialtais reatha: an raibh sé riachtanach ualach na géarchéime a chur ar phobal na hÉireann agus a ligean do lucht an mhór-rachmais san Eoraip na cosa a thabhairt leo?

Tá a fhios againn an praghas a íocadh: seirbhísí ar chaighdeán níos ísle; bochtanas forleathan, imirce thiubh; drochstaid na seirbhísí sláinte is eile.

Ach is í an argóint atá ag lucht na frithdhéine ná nach raibh sé riachtanach sin a dhéanamh agus go bhféadfaí an chuid ba mhó den ualach a chur ar lucht an tsaibhris is ar lucht an rachmais – in Éirinn agus san Eoraip (mar, ar ndóigh, d’íoc muid as bainc na hEorpa a shábháil freisin).

Ní bheidh sé éasca an argóint sin a chur chun cinn sna meáin, ach thabharfaí cluas le héisteacht di i gceantair lucht oibre, agus go háirithe sna bailte ina chaillfidh Páirtí an Lucht Oibre vótaí go tiubh.

Ar deireadh thiar, níl ach cárta amháin le himirt ag an bpáirtí sin, sé sin nach mbeidh dóthain vótaí ag an bhfreasúra chun dul i mbun rialtais agus gur fearr dá bharr go mbeadh Páirtí an Lucht Oibre i rialtas le Fine Gael le súil a choimeád orthu.

Ach níl aon fhianaise ann go raibh aon tionchar ag Páirtí an Lucht Oibre sa rialtas seo agus lear mór suíochán acu. Cén tionchar a bheadh ag ruball na muice?

Fág freagra ar 'Cén ceacht go fírinneach atá le foghlaim ó scéal na Gréige?'

  • padraig

    …’ gur fearr dá bharr go mbeadh Páirtí an Lucht Oibre i rialtas le Fine Gael le súil a choimeád orthu.’ Ta an port sin a chanadh acu riamh anall agus ni tuisce istigh iad na go gcruthaionn said nios diograisi na an morphairti a bhfuil siad in aon leaba leo maidir le polasaithe na deine a chur i bhfeidhm. An gceapann siad go slogfar an t-eitheach sin aris? Ta an ceart ag Eoghan, ni feidir fanacht faoi riar na hEorpa agus an leas coitinn i sochai chothrom, dhea-riartha, dhaonnuil a dheanamh. Ta na nithe sin glan bunoscionn le heiteas na hEorpa faoi mar ata faoi lathair.